next
previous
items

Ailt

Change language

 

Ceimiceáin san Eoraip: an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a thuiscint

Is eol go bhfuil tionchar ag nochtadh do cheimiceáin dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Ós rud é go bhfuil ag méadú ar an líon ceimiceán atáthar ag táirgeadh ar domhan agus go bhfuiltear ag forbairt ceimiceán nua agus ag cur chun úsáide iad, conas is eol dúinn cad a mheastar a bheith sábháilte? Rinneamar plé le Xenia Trier, saineolaí EEA ar cheimiceáin, ar shaincheisteanna difriúla atá bainteach le húsáid shábháilte ceimiceán san Eoraip agus ar na bearta atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach chun fo-iarmhairtí féideartha na gceimiceán a laghdú.

Read more

Geilleagar ciorclach san Eoraip: tá ról le himirt againne go léir

Is mar choincheap teibí nó mar choincheap neamhréalaíoch, fiú, a fhéachann formhór na ndaoine ar an ngeilleagar ciorclach go fóill. Cé go bhfuil téama na ‘maireachtála glaise’ ag éirí níos coitianta agus níos cáiliúla i gcónaí ar fud an domhain, is amhlaidh nach bhfuil a lán daoine ar an eolas go fóill faoi na mórathruithe is gá dúinn a dhéanamh ar ár stíl mhaireachtála má táimid chun todhchaí inbhuanaithe a chinntiú agus folláine fhadtéarmach a áirithiú.

Read more

Ábhar mór cainte i measc an-chuid daoine san Eoraip is ea cáilíocht an aeir

D’eisigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) an tuarascáil is déanaí uaithi ar ‘Air quality in Europe’ an mhí seo caite. Léirítear sa tuarascáil gurb é truailliú aeir an ghuais chomhshaoil aonair is mó don tsláinte san Eoraip fós, cé go bhfuil feabhas ag teacht de réir a chéile ar cháilíocht an aeir. Labhraíomar le Alberto González Ortiz, saineolaí de chuid an EEA ar cháilíocht an aeir, chun plé a dhéanamh ar thorthaí na tuarascála agus ar an dóigh a bhfuiltear ag úsáid teicneolaíochtaí amhail íomháineachas satailíte chun cabhrú le taighde ar cháilíocht an aeir a fheabhsú.

Read more

Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide: acmhainní d’Eoraip ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de

Tá ár n-aeráid ag athrú. Ní mór dúinn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun ráta an athraithe aeráide a theorannú agus, ag an am céanna, ní mór dúinn bearta a dhéanamh lena gcabhraítear linn ullmhú don tionchar reatha agus don tionchar a bheidh ann sa todhchaí. Teastaíonn atreorú infheistíochtaí nach ndearnadh a shamhail riamh ón dá shnáithe ghníomhaíochta sin. Aithníodh é sin sna comhdhálacha maidir leis an athrú aeráide a bhí ar siúl i bPáras agus, níos déanaí fós, i Marrakech. Is féidir leis an earnáil airgeadais ról ríthábhachtach a chomhlíonadh maidir le tacaíocht a thabhairt d’aistriú na hEorpa i dtreo sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de agus is amhlaidh go gcomhlíonfaidh sí an ról sin.

Read more

Tar éis Pháras: feidhmiú an gheilleagair ísealcharbóin

An Nollaig seo caite i bPáras, leag an saol mór síos sprioc uaillmhianach dó féin: an t-ardú ar an meánteocht domhanda a theorannú ionas go bhfanfaidh sé cuid mhaith faoi bhun 2 chéim, agus é ina chuspóir freisin an t-ardú a choinneáil faoi bhun 1.5 céim os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Ag cruinniú mullaigh an G20 níos luaithe an mhí seo, d'fhógair an tSín agus na Stáit Aontaithe a dtiomantas foirmiúil do pháirt a ghlacadh i gcomhaontú Pháras. Is céim mhór chun tosaigh é an méid sin don iarracht idirnáisiúnta ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a ghearradh siar agus an téamh domhanda a theorannú. Mar sin féin, ní leor na gealltanais i dtaobh astaíochtaí a laghdú atá tugtha faoi láthair ag na tíortha a shínigh an comhaontú chun an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.

Read more

Feithiclí leictreacha: ag dul i dtreo córas soghluaisteachta inbhuanaithe

Braitheann an tsochaí nua-aimseartha ar ghluaiseacht earraí agus daoine, ach bíonn drochthionchar ag na córais iompair atá againn faoi láthair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Labhraíomar le Magdalena Jóźwicka, bean atá ina bainisteoir tionscadail ar thuarascáil atá le teacht ar fheithiclí leictreacha, mar gheall ar na buntáistí don chomhshaol agus na dúshláin a bhaineann leis an leictreachas a úsáid mar mhalairt ar bhreoslaí traidisiúnta le haghaidh feithiclí.

Read more

Fuinneamh in-athnuaite: an réiteach i ndáil le todhchaí íseal-charbóin san Eoraip

Tá mianach mór sna foinsí in-athnuaite fuinnimh, a bhfuil ról tábhachtach acu chun spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Rinneamar plé ar na deiseanna agus na dúshláin atá romhainn maidir le fuinneamh glan le Mihai Tomescu, saineolaí fuinnimh leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

Read more

Eolas ar an gcomhshaol don todhchaí

Tá athrú mór tagtha ar chomhthéacs sonraí comhshaoil na hEorpa le daichead bliain anuas. De bharr a chasta is atá meath an chomhshaoil, tá anailís níos sistéamaí de dhíth mar aon le sonraí ábhartha chun tacú léi. Tá níos mó anailísí sistéamacha san áireamh le blianta beaga anuas le hobair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil. Leanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ag aithint saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus ag cur le saineolas comhshaoil na hEorpa.

Read more

Is í an bhainistíocht inbhuanaithe an tslí le foraoisí sláintiúla a bheith againn san Eoraip

Cuireann foraoisí na hEorpa seirbhísí riachtanacha ar fáil dúinn: aer glan, uisce glan, stóras nádúrtha carbóin, adhmad, bia agus táirgí eile. Is iontu a fhaightear mórchuid speiceas agus gnáthóg. Phléamar le Annemarie Bastrup-Birk, saineolaí foraoise agus timpeallachta ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, na dúshláin atá faoi fhoraoisí na hEorpa.

Read more

Ag dul ó bhainistíocht dramhaíola i dtreo geilleagar glas

Ní úsáid inbhuanaithe é an úsáid a bhainimid as acmhainní faoi láthair agus tá sí ag cur brú ar an bpláinéad. Ní mór dúinn athrú go geilleagar glas ciorclach a éascú, trí dhul níos faide ná beartais dramhaíola agus díriú ar éicidhearadh, nuálaíocht agus infheistíochtaí. Is féidir leis an taighde nuálaíocht a chothú ní hamháin i dtáirgeadh ach freisin i samhlacha gnó agus i sásraí maoiniúcháin.

Read more

An ghníomhaíocht dhaonna ag creimeadh na talún agus na hithreach

Tá an talamh agus an ithir ríthábhachtach do chórais nádúrtha agus don tsochaí dhaonna, ach tá gníomhaíochtaí daonna ag bagairt ar fheidhmiú na hacmhainne foriomláine talún, an ithir san áireamh. Cén fáth a bhfuil sé sin ag tarlú? Cad atá ar siúl ag an Eoraip chun é sin a chosc? Is é 2015 Bliain Idirnáisiúnta na nIthreach, agus mar sin, chuireamar na ceisteanna sin ar Geertrui Louwagie, bainisteoir tionscadail um measúnú agus um thuairisciú ar an ithir de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil.

Read more

Bonneagar glas: saol níos fearr trí réitigh atá bunaithe ar an dúlra

Tá réitigh tharraingteacha i gceist leis an mbonneagar glas ar shaincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha agus, dá bhrí sin, ní mór é a thabhairt isteach i réimsí éagsúla beartais. Agus an EEA ag ullmhú chun tuarascáil a fhoilsiú maidir le ról an bhonneagair ghlais chun tionchar na nguaiseacha nádúrtha a bhaineann leis an athrú ar an aimsir agus ar an aeráid a mhaolú, labhraíomar leis an bpríomhúdar, Gorm Dige, bainisteoir tionscadail maidir le hanailís chríche chomhshaoil, bheartais agus eacnamaíoch.

Read more

I dtreo na hinbhuanaitheachta domhanda

I Lúnasa na bliana seo, tháinig 160 tír ar chomhréiteach maidir le Clár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe. Agus níos déanaí sa mhí seo i Nua-Eabhrac, glacfaidh Cinn Stáit an Clár Oibre sin, mar aon le Cuspóirí agus Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe. Murab ionann is na spriocanna a bhí ann roimhe seo, ceapadh na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe (SFInna) le haghaidh tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha araon, agus dírítear ar raon leathan ábhar a bhaineann le forbairt inbhuanaithe. Tá gnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol, le húsáid acmhainní agus leis an athrú aeráide ag gabháil le cuid mhór de na 17 SFI.

Read more

Gach anáil a thógaimid

Análaimid ón nóiméad a bheirtear sinn go dtí an nóiméad a fhaighimid bás. Tá sé riachtanach agus ríthábhachtach ní hamháin dúinne ach don bheatha go léir ar an domhan seo. Tá éifeacht ag cáilíocht íseal aeir orainn go léir: déanann sé dochar dár sláinte agus do shláinte an chomhshaoil a mbíonn caillteanais eacnamaíocha mar thoradh air. Ach cad as atá an t-aer a análaimid déanta agus cad as a dtagann na truailleáin aeir éagsúla?

Read more

Téann Baile Átha Cliath i ngleic le héifeachtaí truaillithe aeir

Is Príomhoifigeach Sláinte Comhshaoil é Martin Fitzpatrick san aonad monatóireachta ar cháilíocht aeir agus torainn de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Is é an pointe teagmhála do thionscadal píolótach á rith ag Ard-Stiúrthóireacht Chomhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh agus an EEA a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chur ar chur i bhfeidhm reachtaíocht aeir. D’iarramar air conas a théann Baile Átha Cliath i ngleic leis na fadhbanna sláinte a bhaineann le cáilíocht íseal aeir.

Read more

Reachtaíocht aeir san Eoraip

Ní mar an gcéanna a bhíonn truailliú aeir i ngach áit. Scaoiltear truailleáin éagsúla isteach san atmaisféar ó réimse leathan foinsí. Chomh luath agus atá siad san atmaisféar is féidir leo trasfhoirmiú go truailleáin nua agus leathnú ar fud an domhain. Níl sé éasca beartais a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun an choimpléascacht seo a réiteach. Thíos tá forbhreithniú ar reachtaíocht aeir san Aontas Eorpach.

Read more

Ag cur lenár gcuid eolais faoi aer

Tá ár gcuid eolais agus tuisceana ar thruailliú aeir ag fás gach bliain. Tá líonra fairsingíoch stáisiún monatóireachta againn ag tuairisciú sonraí ar réimse leathan truailleán aeir comhlánaithe le torthaí ó shamhlacha cáilíochta aeir. Ní mór dúinn anois deimhin a dhéanamh de go leantar le faisnéis eolaíochta agus beartas a fhorbairt go comhuaineach.

Read more

Cáilíocht aeir laistigh

D’fhéadfadh go gcaithfeadh a lán againn suas le 90% dár lá taobh istigh – sa bhaile, ag an obair nó ar scoil. Tá éifeacht dhíreach freisin ag cáilíocht an aeir a análaimid taobh istigh ar ár sláinte. Cad a chinneann cáilíocht aeir taobh istigh? An bhfuil aon difríocht idir truailleáin aeir taobh amuigh agus taobh istigh? An féidir linn feabhas a chur ar cháilíocht aeir taobh istigh?

Read more

Ceist cheimice

Ceist cheimice

30 Jul 2013

Tá ceimic ár n-atmaisféir coimpléacsúil. San atmaisféar tá cisil le dlúis dhifriúla agus comhdhéanaimh cheimiceacha dhifriúla. D’fhiafraíomar den Ollamh David Fowler ón Ionad Éiceolaíochta agus Hidreolaíochta den Chomhairle Taighde um an Comhshaol Nádúrtha sa RA faoi na truailleáin aeir agus próisis cheimiceacha inár n-atmaisféar a bhfuil éifeacht acu ar ár sláinte agus ar an gcomhshaol.

Read more

Portráid d’aerasóil dhomhanda

Ceann de na foinsí nádúrtha d’ábhar cáithníneach san aer is ea ‘Deannach Afraice’ ón Sahára. Cruthaíonn coinníollacha rí-thirime agus rí-the sa Sahára suaiteacht a d’fhéadfadh deannach a chaitheamh suas go hairde 4-5km. Is féidir le cáithníní fanacht ag na hairdí seo ar feadh seachtainí nó míonna agus séidtear iad trasna na hEorpa go minic.

Read more

Permalinks

Document Actions