Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach
What's new
Filtered by
Ceimiceáin san Eoraip: an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a thuiscint
Article 15 Jun 2017Is eol go bhfuil tionchar ag nochtadh do cheimiceáin dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Ós rud é go bhfuil ag méadú ar an líon ceimiceán atáthar ag táirgeadh ar domhan agus go bhfuiltear ag forbairt ceimiceán nua agus ag cur chun úsáide iad, conas is eol dúinn cad a mheastar a bheith sábháilte? Rinneamar plé le Xenia Trier, saineolaí EEA ar cheimiceáin, ar shaincheisteanna difriúla atá bainteach le húsáid shábháilte ceimiceán san Eoraip agus ar na bearta atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach chun fo-iarmhairtí féideartha na gceimiceán a laghdú.
Is mar choincheap teibí nó mar choincheap neamhréalaíoch, fiú, a fhéachann formhór na ndaoine ar an ngeilleagar ciorclach go fóill. Cé go bhfuil téama na ‘maireachtála glaise’ ag éirí níos coitianta agus níos cáiliúla i gcónaí ar fud an domhain, is amhlaidh nach bhfuil a lán daoine ar an eolas go fóill faoi na mórathruithe is gá dúinn a dhéanamh ar ár stíl mhaireachtála má táimid chun todhchaí inbhuanaithe a chinntiú agus folláine fhadtéarmach a áirithiú.
Is mó seans atá ann go dtarlóidh teagmhais truaillithe faoi choinníollacha inbhéartaithe teochta. I rith tréimhsí fadaithe d’ardbhrú i míonna an gheimhridh, sroicheann grianradaíocht an talamh, agus téitear an talamh. San oíche, ciallaíonn easpa brat scamall go gcailleann an talamh teas go tapa agus go n éiríonn an t-aer a dhéanann teagmháil leis an talamh níos fuaire. Ardaíonn an t-aer níos teo agus feidhmíonn sé mar chlaibín, coimeádann sé an t-aer níos fuaire gar don talamh. Coimeádtar truailliú, truailliú ó thrácht ar bhóithre san áireamh, rud a chiallaíonn go n éiríonn an ciseal aeir is gaire don talamh níos truaillithe agus níos truaillithe. Leanann sé seo ar aghaidh go dtí go n-athraíonn na coinníollacha meitéareolaíocha atá i dtreis.
Tá roinnt spriocanna AE sonraithe chun an tionchar atá ag iompar ar an gcomhshaol san Eoraip a laghdú, a ghás ceaptha teasa san áireamh. Is cuid de chuspóir foriomlán an AE iad spriocanna na hearnála iompair astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80–95 % faoi 2050.
An Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach - eolas fúinn, an rud a dhéanaimid, an chaoi a ndéanaimid é
Publication 02 Sep 2015Is é atá mar aidhm ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) tacú le forbairt inbhuanaithe trí chuidiú le feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa trí fhaisnéis atá tráthúil, dírithe, ábhartha agus iontaofa a thabhairt do ghníomhairí um cheapadh beartas agus don phobal.
Featured article
Is mar choincheap teibí nó mar choincheap neamhréalaíoch, fiú, a fhéachann formhór na ndaoine ar an ngeilleagar ciorclach go fóill. Cé go bhfuil téama na ‘maireachtála glaise’ ag éirí níos coitianta ...