All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesTá dlúthnasc idir éileamh ar iompar agus gníomhaíocht gheilleagrach: i rith tréimhsí fáis, ardaíonn aschur geilleagrach, bíonn níos mó earraí á n-iompar agus bíonn níos mó daoine ag taisteal. Tá dlúthnaisc idir tionchair iompair ar shláinte an duine, an comhshaol agus athrú aeráide, agus an rogha breosla. Tá fáil cheana féin ar bhreoslaí ionadúla, glana, leictreachas san áireamh, agus d’fhéadfaí glacadh leo mar roghanna inmharthana i gcomparáid le peitreal agus díosal a úsáid. Tá ról tábhachtach ag fad turais i gcinneadh a dhéanamh maidir le hoiriúnacht an chineáil bhreosla.
