All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesBíonn tionchar ag an talmhaíocht ar an athrú aeráide agus bíonn tionchar ag an athrú aeráide ar an talmhaíocht chomh maith. Ní mór don AE a astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht a laghdú agus a chóras táirgthe bia a oiriúnú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Agus an t-éileamh ar acmhainní ag dul i méid ar domhan agus iomaíocht níos mó ann ina dtaobh, ní mór féachaint ar tháirgeadh bia agus tomhaltas bia an AE i gcomhthéacs níos leithne, lena ndéantar an talmhaíocht, fuinneamh, agus slándáil bia a nascadh.
