All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesTá rath ag baint le hiarrachtaí an Aontais Eorpaigh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Go deimhin, táthar ag súil go n-éireoidh leis an AE a sprioc aontaobhach 20% maidir le laghdú a bhaint amach (i gcomparáid le 1990) roimh 2020, an spriocdháta comhaontaithe. Ina theannta sin, tá sé ar intinn ag an AE astaíochtaí intíre a laghdú 40% ar a laghad faoi 2030 agus dícharbónú breise a dhéanamh ar a gheilleagar faoi 2050. Astaíonn an AE thart ar 10% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain faoi láthair.
