Oiriúnú don athrú aeráide
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Croatian (hr)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)
Chun na hiarmhairtí is measa den athrú aeráide a chosc, d’aontaigh na tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) nach ligfidh siad don mhéadú ar mheánteocht dhromchla an domhain dul thar 2°C níos airde ná an leibhéal a bhí ann roimh an ré thionsclaíoch. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ní mór go sroichfidh astaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa buaicphointe chomh luath agus is féidir agus go dtiocfaidh laghdú mór orthu go gairid ina dhiaidh sin. Má tá tuilleadh eolais uait, féach na beartais dhomhanda faoin athrú aeráide.
Tá raon gníomhaíochtaí á ghlacadh ag an AE agus ag baill eile EEA chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá beartais oiriúnaithe mar thaca leis na hiarrachtaí sin.
Tionchar agus leochaileacht
Feictear an méadú is suntasaí ar an teocht san Eoraip i ndeisceart na hEorpa sa samhradh agus sa réigiún Artach sa gheimhreadh; tá laghdú ar an mbáisteach i ndeisceart na hEorpa agus méadú uirthi sa tuaisceart. D’fhéadfadh na méaduithe atá tuartha ar dhéine agus minicíocht tonnta teasa agus tuilte mar aon leis na hathruithe ar dháileadh galar tógálach áirithe agus pailin díobháil a dhéanamh do shláinte an duine. Cruthaíonn an t-athrú aeráide brú sa bhreis ar éiceachórais, agus tá líon mór speiceas planda agus ainmhithe ag dul in aghaidh an airde agus ó thuaidh. Téann an t-athrú aeráide i bhfeidhm ar earnálacha amhail an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, táirgeadh fuinnimh, an turasóireacht, agus an bonneagar go ginearálta: agus is iarmhairtí díobhálacha don chuid is mó atá i ndán don Eoraip.
Seo cuid de na réigiúin Eorpacha, ceantair uirbeacha san áireamh, is leochailí don athrú aeráide:
- deisceart na hEorpa agus imchuach na Meánmhara;
- limistéir shléibhtiúla;
- limistéir chósta, deilteanna agus tuilemhánna;
- tuaisceart na hEorpa i gcéin agus an réigiún Artach.
Is gá oiriúnú a dhéanamh, ullmhú d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus bearta cuí a ghlacadh chun na hiarmhairtí a chosc nó a íoslaghdú. Tá straitéisí agus gníomhartha riachtanach ar leibhéal áitiúil, náisiúnta, trasnáisiúnta agus AE. Is ríthábhachtach é bearta a thabhairt isteach i réimsí eile beartais, rud atá ag éirí níos coitianta, ar nós bainistíocht éiceachóras agus uisce, laghdú ar riosca tubaiste, bainistíocht limistéar cósta, forbairt talmhaíochta agus tuaithe, seirbhísí sláinte, pleanáil uirbeach agus forbairt réigiúnach. Áirítear bearta teicneolaíochta, bearta bunaithe ar éiceachórais agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar athrú iompair.
Beartais an AE
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Straitéis um Oiriúnú don Athrú Aeráide in Aibreán 2013. Tá trí phríomhchuspóir ag an straitéis:
- Gníomhaíocht na mBallstát a chur chun cinn: gach Ballstát a spreagadh chun straitéisí cuimsitheacha oiriúnaithe a ghlacadh agus cistiú a chur ar fáil chun cabhrú leo a n-acmhainn oiriúnaithe a mhéadú agus gníomh a ghlacadh. Ag tacú le hoiriúnú i gcathracha trí ghealltanas saorálach a sheoladh ar bhonn thionscnamh Chúnant na Méaraí (a cumascadh i gCúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh ó 2015).
- ‘Díonadh ar an athrú aeráide’ar leibhéal AEtrí oiriúnú a chur chun cinn i bpríomhearnálacha leochaileacha amhail an talmhaíocht, an iascaireacht agus beartas comhtháthaithe, lena chinntiú go mbeidh níos mó teacht aniar i mbonneagar na hEorpa, agus ag cur chun cinn úsáid árachais i gcoinne tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine.
- Ceapadh beartais níos feasaítrí bhearnaí san eolas a líonadh faoi oiriúnú don athrú aeráide agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an ardán Eorpach um an athrú aeráide (Climate-ADAPT).
Tá méadú ag teacht ar líon na mballstát EEA a bhfuil straitéis náisiúnta oiriúnaithe glactha acu agus tá roinnt acu ag forbairt agus ag cur chun feidhme pleananna náisiúnta um oiriúnú don aeráid. Tá straitéisí agus gníomhartha ag teacht chun cinn i gcathracha éagsúla agus i réigiúin thrasnáisiúnta ar fud na hEorpa, lena n-áirítear an Mhuir Bhailt, réigiún na Sléibhte Cairp agus na nAlp.
Gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA)
Tacaíonn an EEA le forbairt agus cur chun feidhme an oiriúnaithe don athrú aeráide san Eoraip, measúnú a dhéanamh ar bheartais AE agus forbairt straitéisí fadtéarmacha chun dul in oiriúint don athrú aeráide agus riosca tubaistí a laghdú trí fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil. Tá faisnéis EEA (breathnóireacht, réamh-mheastacháin, táscairí, measúnuithe) dírithe ar an athrú aeráide, ar thionchair, leochaileacht agus bearta oiriúnaithe san Eoraip.
Bíonn EEA ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach (Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, Ard-Stiúrthóireacht an Airmheáin Chomhpháirteach Taighde, Ard-Stiúrthóireacht Eurostat), chomh maith le saineolaithe ón Lárionad Téamach Eorpach maidir le Tionchair an Athruithe Aeráide, leochaileacht agus oiriúnú (ETC/ACM) agus le líonra tíre EEA (Eionet). Ina theannta sin, bíonn an EEA ag obair, i measc eagraíochtaí eile, le seirbhís Copernicus don athrú aeráide, ECDC, WHO Europe, ISDR Europe, OECD agus IPCC.
Áirítear ar na príomhgníomhaíochtaí agus táirgí measúnú ar thionchar an athraithe aeráide agus leochaileacht san Eoraip agus anailís ar straitéisí um athraithe aeráide náisiúnta, uirbeacha agus earnála, agus pleananna gníomhaíochta. Bainistíonn agus cothabhálann an EEA an tArdán Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide (Climate-ADAPT).
Naisc ghaolmhara
An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide
Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide
Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Ghníomhú ar son na hAeráide
Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh
Lárionad Téamach Eorpach maidir leis an Tionchar, Leochaileacht agus Oiriúnú don Athrú Aeráide
Seirbhís Copernicus don Athrú Aeráide
An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú
Permalinks
- Permalink to this version
- bc4977b29c1e496aadd8f2486df7cb4f
- Permalink to latest version
- R4B8TZ3H0W
Geographic coverage
Temporal coverage
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/themes/oiriunu-don-athru-aeraide/intro or scan the QR code.
PDF generated on 29 Jan 2023, 02:51 PM
Document Actions
Share with others