Oiriúnú don athrú aeráide
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Croatian (hr)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Maltese (mt)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)
Tá an t-athrú aeráide linn inniu agus is cosúil go leanfar leis: tá an teocht ag ardú, patrúin báistí ag athrú, oighearshruth agus sneachta ag leá, agus leibhéal meánach domhanda na mara ag ardú. Éireoidh adhaimsir agus teagmhais aeráide agus rioscaí ar nós tuilte agus triomaigh níos coitianta agus níos déine i gcuid mhór réigiún. Tá éagsúlachtaí idir réigiúin na hEorpa maidir le tionchar agus leochaileacht an athraithe aeráide ar an éiceachóras, earnálacha an gheilleagair, sláinte agus folláine an duine. Fiú má bhíonn na hiarrachtaí domhanda chun astaíochtaí a laghdú éifeachtach, ní féidir an t-athrú aeráide a sheachaint, agus tá bearta comhlántacha ag teastáil chun dul in oiriúint dá n-iarmhairtí. More
Browse catalogue
Filtered by
Bíonn tionchar ag an talmhaíocht ar an athrú aeráide agus bíonn tionchar ag an athrú aeráide ar an talmhaíocht chomh maith. Ní mór don AE a astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht a laghdú agus a chóras táirgthe bia a oiriúnú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Agus an t-éileamh ar acmhainní ag dul i méid ar domhan agus iomaíocht níos mó ann ina dtaobh, ní mór féachaint ar tháirgeadh bia agus tomhaltas bia an AE i gcomhthéacs níos leithne, lena ndéantar an talmhaíocht, fuinneamh, agus slándáil bia a nascadh.
Climate change is causing a variety of impacts to our health, ecosystems and economy. These impacts Tá an t-athrú aeráide ina chúis le tionchair éagsúla ar ár sláinte, ár gcuid éiceachóras agus ár ngeilleagar. Is dócha go n-éireoidh an tionchar sin níos tromchúisí sna blianta atá romhainn. Mura dtéifear i ngleic leo, d’fhéadfadh costas mór a bheith ag dul leis na tionchair sin i ndail le drochshláinte, éifeachtaí díobhálacha ar éiceachórais, agus damáiste do mhaoin agus don bhonneagar.
I mbliana, tugann Signals sinn ar thuras a leanann cúrsa na habhann ó oighearshruthanna na nAlp go talamh shíorshioctha an Artaigh agus deilt na Gainséise. Taistealaímid go háiteanna aithnidiúla agus go háiteanna atá i bhfad i gcéin, ag féachaint ar conas is féidir linn ath-thógáil a dhéanamh ar ár gcaidrimh leis na heilimintí ríthábhachtacha den ghnáthshaol: uisce, ithir, aer agus na hainmhithe agus na plandaí a chomhdhéanann taipéis an tsaoil ar Domhan.