Press Release
An tIompar — bun an Ranga Khiótó in athuair
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Maltese (mt)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)
We cannot innovate our way out of the emissions problem from transport.
Professor Jacqueline McGlade, Executive Director of the EEA
Deirtear sa tuarascáil GEC, 'Iompar agus Comhshaol: ar an mbealach chuig comhbheartas iompair nua' go gcaitheann beartas iompair Eorpach dul i ngleic le héileamh bíseach ar iompar. Idir 1990 agus 2003, mhéadaigh toirteanna iompair phaisinéara i dtíortha an GEC faoi 20 %. Tháinig an méadú ba mhó, 96 %, ar iompar aeir i rith na tréimhse sin.
Cé gur thit astuithe ó fhormhór earnálacha eile (soláthar fuinnimh, tionscail, talmhaíocht, bainistiú dramhaíola) idir 1990 agus 2004, mhéadaigh na hastuithe ó iompar go suntasach mar gheall ar an méadú ar éileamh.
Tá iompar freagrach as 21 % den iomlán astuithe gáis cheaptha teasa (GHG) san AE‑15 (gan eitlíocht idirnáisiúnta agus iompar muirí san áireamh). Tagann 93 % de na hastuithe iompair go léir ó iompar bóthair. Tá an méadú is mó, áfach, ag teacht ar astuithe ó aeriompar idirnáisiúnta, le méadú faoi 86 % idir 1990 agus 2004.
Tháinig an fás ba mhó ar astuithe gáis cheaptha teasa (cé is moite de chinn mhuirí agus eitlíochta) ón iompar i Lucsamburg agus in Éirinn idir na blianta 1990 agus 2004 le méaduithe de 156 agus 140 % faoi seach. Ba é an meánmhéadú sna 32 tír atá ina mbaill den GEC (féach nótaí) ná 25 %.
"D'fhéadfaí an t-athbhreithniú lárthéarma ar Pháipéar Bán na bliana 2001 um an Iompar a léirmhíniú mar mhaolú ar dhearcadh na hEorpa chun dul i ngleic le toirteanna iompair trína mholadh go dtéimid i ngleic le tionchair chomhshaoil an iompair. Ní hamhlaidh atá,” a deir an tOllamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmeach an GEC.
“Ní féidir linn dul i ngleic leis na hastuithe méadaitheacha gáis cheaptha teasa, le truailliú torainn agus bloghadh tírdhreacha arb é an t-iompar is cúis leis gan plé leis an trácht mhéadaitheach trasna an speictrim: ar ár mbóithre agus iarnróid, san aer agus ar muir. Baineann ríthábhacht le dul chun cinn teicniúil, ar nós inneall níos glaine, níos éifeachtúla ó thaobh breosla de, ach ní féidir linn leas a bhaint as an nuáil as fadhb na n-astuithe ón iompar”, a deir sí.
Tugann an tuarascáil chun suntais an ról nach beag a fheidhmíonn fóirdheontais iompair i dtéarmaí na roghanna iompair a stiúradh. Caitear idir EUR 270 agus EUR 290 billiún ar fhóirdheontais iompair san Eoraip. Téann beagnach leath de na fóirdheontais seo i dtreo iompair bhóthair, ceann de na bealaí is lú a oireann don chomhshaol. Scaoilfidh an GEC mionstaidéar ar fhóirdheontais iompair i Márta 2007.
Tá tionchar díreach ag truailliú ó iompar ar ár sláinte freisin. Tá beagnach 25 % de dhaonra an AE-25 ina gcónaí níos lú ná 500 méadar ó bhóthar a iompraíonn níos mó ná trí mhilliún feithicil in aghaidh na bliana. Mar thoradh air sin, cailltear beagnach ceithre mhilliún bliain saoil gach bliain mar thoradh ar leibhéil arda truaillithe, a deirtear sa tuarascáil.
Nótaí don eagarthóir:
Cúlra don tuarascáil
Is í an tuarascáil GEC, 'Iompar agus Comhshaol: ar an mbealach chuig comhbheartas iompair nua' an tuarascáil bhliantúil ó Mheicníocht Tuairiscithe Iompair agus
Comhshaoil an GEC (TERM), a dhéanann monatóireacht ar dhul chun cinn agus éifeachtacht na n-iarrachtaí chun straitéisí iompair agus comhshaoil a chomhtháthú.
Is í aidhm na tuarascála gach tír de chuid an GEC a chlúdach. Is iad seo na 27 Ballstát de chuid an AE, An Tuirc, An Iorua, Lichtinstéin agus An Eilvéis. Ba le déanaí a ghlac an Eilvéis le ballraíocht an GEC agus soláthraíonn sí sonraí i roinnt cásanna. Mar a bhfuil na sonraí neamhiomlán, tugtar sin faoi deara i rannóg na meiteashonraí, mar a dtuairiscítear grúpálacha tíortha éagsúla.
Naisc Ghréasáin: Tuarascáil téarma
Tíortha atá ina mbaill den GEC: An Bheilg, An Bhulgáir, An Chipir, An Danmhairg, An Eastóin, An Eilvéis, Éire, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, An Iodáil, An Iorua, An Íoslainn, An Ísiltír, An Laitvia, Lichtinstéin, An Liotuáin, Lucsamburg, Málta, An Ostair, An Pholainn, An Phortaingéil, Poblacht na Seice, An Rómáin, An Ríocht Aontaithe, An tSlóvaic, An tSlóivéin, An Spáinn, An tSualainn, An Tuirc agus An Ungáir.
Faoin Ghníomhaireacht Eorpach an Chomhshaoil:
Tá an Ghníomhaireacht bunaithe i gCóbanhávan. Tá sé mar aidhm ag an ngníomhaireacht cabhair a thabhairt chun feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa trí sholáthar faisnéise tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa do lucht déanta beartais agus don phobal.
Permalinks
- Permalink to this version
- 6ccf02d990da6027aedd8dde7c20b34f
- Permalink to latest version
- QHOBYPXMJ2
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/media/newsreleases/an-tiompar-2014-bun-an-ranga-khioto-in-athuair or scan the QR code.
PDF generated on 04 Feb 2023, 05:22 PM
Document Actions
Share with others