next
previous
items

Maidir linne

Change language
Page Last modified 07 Jan 2022
1 min read
Tá an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) ina gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh, agus é de dhualgas uirthi faisnéis iontaofa neamhspleách a chur ar fáil faoin gcomhshaol. Is é an aidhm atá ag EEA tacú le forbairt inbhuanaithe trí chabhrú le feabhas suntasach intomhaiste a chur ar chomhshaol na hEorpa trí fhaisnéis atá tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa a sholáthar do ghníomhairí déanta beartas agus don phobal araon.

an Líonra Eorpach um Fhaisnéis agus Breathnóireacht ar an gComhshaol (Eionet) ina líonra comhpháirtíochta EEA agus na mballtíortha agus na dtíortha comhoibríocha dá cuid. Tugann EEA faisnéis chomhshaoil ó thíortha aonair le chéile trí Eionet, ag díriú ar shonraí tráthúla ar ardchaighdeán atá bailíochtaithe go náisiúnta a chur ar fáil.

Cuirtear an fhaisnéis sin ar fáil go forleathan trí shuíomh Gréasáin EEA. Úsáidtear an fhaisnéis mar bhonn do mheasúnachtaí comhshaoil téamacha agus do mheasúnachtaí comhshaoil comhtháite araon. Úsáidtear an fhaisnéis freisin chun tacú le próisis bhainistíochta comhshaoil, le ceapadh beartas comhshaoil, le measúnacht chomhshaoil agus le rannpháirtíocht saoránach.

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage

Tags

Filed under:
Filed under: corporate
Document Actions