suivant
précédent
éléments

Bithéagsúlacht - Éiceachórais

Changer la langue
Document Dernière modification 10/02/2020
9 min read
Is é bithéagsúlacht an t-ainm a thugtar ar na héiceachórais (caipiteal nádúrtha), ar na speicis agus ar na géinte éagsúla atá ar fáil ar domhan nó i ngnáthóg ar leith. Toisc go soláthraíonn sí seirbhísí lena gcothaíonn ár ngeilleagair agus ár sochaithe, is cuid riachtanach d’fholláine an duine í. Tá bithéagsúlacht ríthábhachtach freisin do sheirbhísí éiceachórais – is iad sin, na seirbhísí a thagann ón dúlra – amhail pailniú, rialú aeráide, cosaint ar thuilte, ithirthorthúlacht agus táirgeadh bia, breosla, snáithín agus cógas.

Tá cailliúint sheasta bithéagsúlachta á feiceáil againn faoi láthair, áfach, agus tá móriarmhairtí ag an gcailliúint sin don dúlra agus d’fholláine an duine. Is iad na príomhchúiseanna le cailliúint bithéagsúlachta ná athruithe ar ghnáthóga nádúrtha de bharr na nithe seo a leanas: dianchórais táirgeachta talmhaíochta; tógáil; cairéalú; róshaothrú foraoisí, aigéan, aibhneacha, lochanna agus ithreacha; speicis choimhthíocha ionracha; truailliú agus an t-athrú domhanda aeráide, rud atá ag éirí níos géire. Is amhlaidh is measa an chailliúint leanúnach sin mar gheall ar an ról ríthábhachtach a imríonn bithéagsúlacht maidir le hinmharthanacht an domhain agus an tsaoil.

San Eoraip, tá gníomhaíocht an duine ag múnlú bithéagsúlachta ó leathadh na talmhaíochta agus na feirmeoireachta ainmhithe níos mó ná 5 000 bliain ó shin i leith. De bharr na réabhlóidí talmhaíochta agus tionsclaíocha a bhí ann sna 150 bliain seo a chuaigh thart, áfach, tá athruithe tapa móra tagtha ar úsáid talún, ar dhiansaothrú na talmhaíochta, ar an uirbiú agus ar thréigean talún. Mar gheall air sin, táthar tar éis deireadh a chur le cuid mhór cleachtas (e.g. modhanna talmhaíochta traidisiúnta) ar ghnách leo tírdhreacha atá saibhir ó thaobh bithéagsúlachta de a chothabháil.

Fágann an t-ardtomhaltas agus an t-ardtáirgeadh dramhaíola in aghaidh an duine atá againn san Eoraip nach mbímid ag déanamh dochar do na héiceachórais san ilchríoch seo amháin. Bíonn an stíl mhaireachtála Eorpach ag brath go mór ar acmhainní agus earraí a allmhairiú ó gach cearn den domhan agus is minic a spreagann sé sin diansaothrú neamh-inbhuanaithe acmhainní nádúrtha lasmuigh den Eoraip.

Is uaillmhianach na spriocanna nua domhanda agus AE atá ann chun stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus í a aisiompú faoi 2020. Má táthar chun na spriocanna sin a bhaint amach, beidh gá ann le feabhas a chur ar chur chun feidhme beartais, ar chomhordú ar fud earnálacha éagsúla agus ar na cineálacha cur chuige a úsáidtear i leith bainistiú éiceachórais. Beidh gá ann freisin le tuiscint níos leithne ar a thábhachtaí atá bithéagsúlacht.

 Beartais AE ar an ábhar

 

Cé gur aithníodh ar leibhéil éagsúla nár baineadh amach go fóill an sprioc chun stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta, is cinnte gur éirigh linn feasacht an phobail a mhéadú trí sprioc den sórt sin a leagan síos. Ó 2001 ar aghaidh, tá feabhas suntasach tagtha ar na beartais lena dtéitear i ngleic le cailliúint bithéagsúlachta agus ar na táscairí lena measúnaítear dul chun cinn ina leith sin.

A bhuíochas le Straitéis Bithéagsúlachta AE go 2020, cabhrófar linn riachtanais bhithéagsúlachta a chomhtháthú isteach tuilleadh i bhforbairt agus cur chun feidhme beartas earnála. Agus sé sprioc leagtha síos inti, pléitear sa Straitéis leis an dúlra (sprioc 1), le héiceachórais agus a n-athchóiriú (sprioc 2), le húsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní dúlra, talún agus farraige na hEorpa tríd an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus an t-iascach (spriocanna 3 agus 4), le speicis ionracha (sprioc 5), agus leis an tionchar domhanda a imríonn AE (sprioc 6). Tugtar le Straitéis Bithéagsúlachta AE go 2020 cúnamh dúinn an cuspóir caipitil nádúrtha atá sa Seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil go 2020 (an 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil) a bhaint amach, is é sin, “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid”. Tháinig an Clár Gníomhaíochta i bhfeidhm i mí Eanáir 2014 agus is leis an gclár sin a threorófar an beartas comhshaoil Eorpach go 2020. Leagtar fís fhadtéarmach go 2050 síos sa Straitéis agus sa Phlean araon. 

Fís agus príomhsprioc na Straitéise Bithéagsúlachta
An fhís
Maidir le bithéagsúlacht an Aontais Eorpaigh agus na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn sí – is é sin, an caipiteal nádúrtha atá aici – beidh sí faoi chosaint, beidh meas uirthi agus beidh sí athchóirithe go cuí faoi 2050 mar gheall ar an luach intreach atá uirthi agus mar gheall ar an rannchuidiú ríthábhachtach a dhéanann sí maidir le folláine an duine agus le rathúnas eacnamaíoch agus ionas go mbeifear in ann athruithe tubaisteacha a thagann as cailliúint bithéagsúlachta a sheachaint.
An phríomhsprioc
Stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus le díghrádú seirbhísí éiceachórais in AE, agus iad a athchóiriú a mhéid is féidir, faoi 2020, agus méadú a dhéanamh ag an am céanna ar rannchuidiú AE maidir le cailliúint dhomhanda bithéagsúlachta a sheachaint.

Tá an Straitéis Bithéagsúlachta go 2020 ag teacht sna sála ar Phlean Gníomhaíochta an AE um an mBithéagsúlacht 2006. Is uaillmhianaí an Straitéis ná an Plean agus tá na ceachtanna a foghlaimíodh le linn chur chun feidhme an Phlean curtha san áireamh inti. Ina theannta sin, tháinig an Straitéis as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (NA) maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus tá sí ag teacht go hiomlán leis. Tá an Coinbhinsiún ar an mbeartas bithéagsúlachta domhanda is tábhachtaí atá dírithe ar stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus, dá réir sin, le cailliúint seirbhísí éiceachórais faoi 2020. 

I nDeireadh Fómhair 2010, tháinig 193 pháirtí i gCoinbhinsiún NA maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch le chéile sa tSeapáin. I measc na bpáirtithe sin bhí an tAontas Eorpach agus gach ceann dá Bhallstáit. Glacadh roinnt comhaontuithe ríthábhachtacha ag an 10ú cruinniú sin de chuid na bpáirtithe sa Choinbhinsiún, lenar áiríodh an rud ar a dtugtar spriocanna Aichi lena dtugtar creat do thíortha dul i mbun gníomhaíochtaí tábhachtacha chun bithéagsúlacht, éiceachórais agus a seirbhísí a chothabháil, a fheabhsú agus a athchóiriú. 

Mar pháirtí sa Choinbhinsiún, ceanglaítear ar AE a bheartas bithéagsúlachta féin a thabhairt i gcomhréir leis na ceangaltais idirnáisiúnta sin. Léirítear an méid sin sa 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil agus sa sprioc beartais do 2020 agus san fhís do 2050. Déantar an próiseas beartais a bhreisiú agus a dheimhniú tuilleadh leis an bhfís do 2030 a leagtar amach i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA, go háirithe maidir le comhtháthú na spriocanna isteach i mbeartais earnála. 

Ba é tátal an athbhreithnithe mheántéarma a rinneadh in 2015 ar an Straitéis Bithéagsúlachta go 2020 ná gurb amhlaidh, tríd is tríd, go bhfuil cailliúint bithéagsúlachta agus díghrádú seirbhísí éiceachórais in AE ag dul in olcas ó bhonnlíne bithéagsúlachta AE 2010 i leith. Deimhnítear an méid sin freisin i dtuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) dar teideal Comhshaol na hEorpa – Staid agus Forbhreathnú 2020. Tá an dul in olcas sin ag teacht le treochtaí domhanda agus beidh impleachtaí móra aige don acmhainn atá ag bithéagsúlacht freastal ar riachtanais an duine san am atá le teacht. Cé go bhfuil fianaise le feiceáil i gcuid mhaith éachtaí rathúla ar leibhéal áitiúil gur féidir le dea-thorthaí teacht as gníomhaíocht sa phobal, ní mór scála na samplaí sin a mhéadú le go mbeidh tionchar intomhaiste acu ar an treocht dhiúltach fhoriomlán. 

Tá beartas AE maidir le caomhnú an dúlra bunaithe ar dhá phríomhphíosa reachtaíochta; is iad sin an Treoir um Éin agus an Treoir um Ghnáthóga. Soláthraítear leis an dá cheann de na treoracha sin an bonn le haghaidh líonra Natura 2000. Is líonra limistéar faoi chosaint é Natura 2000 arb é is aidhm dó speicis agus gnáthóga a bhfuil tábhacht speisialta Eorpach ag gabháil leo a chosaint.

I gcás uiscí intíre agus mara, is ann do dhá chreat-treoir faoi seach; is iad sin: an Chreat-treoir Uisce agus an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. Baineann spriocanna socraithe leo sin. Trí na spriocanna sin, cabhróidh na gnéithe bitheacha agus aibitheacha d’éiceachórais le cur chun feidhme a dhéanamh ar spriocanna na Straitéise Bithéagsúlachta go 2020 agus ar spriocanna an 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil ó thaobh bithéagsúlachta, éiceachóras agus a seirbhísí de. 

Gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA)

Oibríonn an EEA go gníomhach chun an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil faoi bhithéagsúlacht agus éiceachórais san Eoraip a chur ar fáil don lucht déanta beartas agus do mhuintir na hEorpa. Is é obair fhoriomlán an EEA sa réimse seo ná tacaíocht agus eolas a thabhairt do bheartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí bhíthin sonraí, faisnéise/táscairí agus measúnuithe, ar nithe iad lena gcomhtháthaítear anailís ar speicis agus ar ghnáthóga le mórmheasúnuithe ar éiceachórais agus ar a seirbhísí. 

Tacaíonn an EEA leis na treoracha thuasluaite um an dúlra ach tuairisciú a dhéanamh trí Reportnet agus tríd an Lárionad Sonraí Bithéagsúlachta. Chomh maith leis sin, oibríonn sí go dlúth leis an Líonra Eorpach um Fhaisnéis agus Breathnóireacht Comhshaoil (Eionet) de chuid an EEA agus leis an Lárionad Téamach Eorpach maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch. Áirítear leis na príomhghníomhaíochtaí: 

  • An Córas Faisnéise Bithéagsúlachta don Eoraip (BISE);
  • An Córas Faisnéise Eorpach maidir leis an Dúlra (EUNIS);
  • Natura 2000;
  • Táscairí Bithéagsúlachta Eorpacha a athchóiriú chun éifeachta (SEBI2020);
  • Tionscadal nuálaíochta eolais um Chuntasaíocht do sheirbhísí caipitil nádúrtha agus éiceachórais (KIP INCA);
  • Éiceachórais agus a seirbhísí a mhapáil agus a mheasúnú (MAES).

Ionchas

Ní mór tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chórais faisnéise an EEA ionas go gcomhlíonfar na treoracha um an dúlra, Straitéis Bithéagsúlachta AE agus an Straitéis Dhomhanda Bithéagsúlachta. Déanfaidh an EEA tuilleadh forbartha go háirithe ar an gCóras Faisnéise Bithéagsúlachta don Eoraip, ar tairseach gréasáin é lena soláthraítear faisnéis faoi bhithéagsúlacht Eorpach (i.e. beartais, sonraí agus measúnuithe) san aon áit amháin. 

Rachaidh an EEA i mbun oibre chun táscairí agus measúnuithe a fhorbairt atá bunaithe ar mhodheolaíochtaí atá fónta, tráthúil agus ábhartha ó thaobh beartais de. Áireofar leo sin riachtanais a thagann as anailís ar éifeachtacht beartais, go háirithe an t-athbhreithniú meántéarma ar an Straitéis Bithéagsúlachta go 2020 agus measúnuithe fodhomhanda/réigiúnacha ar éiceachórais mar aon le tacaíocht d’ardáin chomhéadain um beartas eolaíochta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda araon, e.g. an tArdán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES). 

Permalinks

Geographic coverage

Mots-clés

Mots-clés associés :
Mots-clés associés : biodiversity
Actions de document