next
previous
items

Mura léirítear a mhalairt, ceadaítear athúsáid saor in aisce d’ábhar ar láithreán gréasáin an EEA más faoi úinéireacht na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) atá an t-ábhar agus má choinníonn an EEA cearta a úsáide, is é sin athúsáid ar chuspóirí tráchtála nó neamhthráchtála, a fhad is go dtugtar aitheantas don fhoinse agus go ndéantar an mhír iomlán a atáirgeadh. D’fhéadfadh athúsáid sonraí ar leith a bheith faoi réir coinníollacha éagsúla agus, sa chás sin, bíonn marc cóipchirt leis an mír atá i gceist nó trácht eile ar na coinníollacha ar leith a bhaineann leis.

Tá beartas athúsáide EEA i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle ar fhaisnéis na hearnála poiblí a athúsáid ar fud an Aontais Eorpaigh agus le Cinneadh an Choimisiúin an 12 Nollaig 2011 ar athúsáid dhoiciméid an Choimisiúin.

Ní ghlacann an EEA aon fhreagracht nó dliteanas maidir le hathúsáid ábhair atá inrochtana ar a láithreán gréasáin.

Tá lógó na Gníomhaireachta faoi úinéireacht an EEA agus tá sé cláraithe le EDMI (an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil). Féadfaidh na meáin é a atáirgeadh ar chuspóirí iriseoireachta, ach tá réamhchead na Gníomhaireachta ag teastáil maidir le gach úsáid eile. Ní cheadaítear an lógó a bhearradh nó a mhionathrú ar bhealach ar bith seachas mar atá mionsonraithe i lámhleabhar corporáide aitheantais an EEA. Tá lógónna in-íoslódáilte i bhformáidí agus teangacha éagsúla le fáil ar an leathanach seo.

Ba chóir aon cheisteanna ar athúsáid ábhair ar láithreán gréasáin an EEA a sheoladh chuig copyrights@eea.europa.eu, nó chuig Mt Ove Caspersen, EEA, Kongens Nytorv 6, DK-1050 Cóbanhávan K, Teil +45 33 36 71 00, Facs +45 33 36 71 99.

 

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions