nästa
föregående
poster

Éifeachtúlacht acmhainne agus dramhaíl

Ändra språk
Sida Senast ändrad 2019-06-17
Is é an róshaothrú a dhéanann an duine ar acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí (iontaise), mianraí, uisce, talamh agus bithéagsúlacht, is mó is cúis leis na fadhbanna domhanda comhshaoil atá ann inniu. Tá sé ag éirí soiléir nach múnla inbhuanaitheach é don fhadtéarma an múnla forbartha geilleagraí atá i réim san Eoraip faoi láthair — bunaithe ar úsáid mhór acmhainní, giniúint dramhaíola agus truailliú. Sa lá atá inniu ann, tá an tAontas Eorpach (AE) ag brath go mór ar allmhairí agus tá dhá oiread de thalamh an AE ag teastáil uainn chun freastal ar an éileamh ar acmhainní. Maidir le cuid mhór de na hacmhainní, ní bhíonn siad in úsáid ach ar feadh tréimhse ghearr, nó cailltear iad ón ngeilleagar trí líonadh talún agus íoschúrsáil (laghdú ar cháilíocht le linn na n-oibríochtaí aisghabhála). Ní hamháin go bhfuil tionchar aige sin ar an gcomhshaol, ach baineann sé dár n-iomaíochas eacnamaíoch freisin. Is soiléir é an leigheas ar na fadhbanna sin, ach ní éasca é a chur i bhfeidhm: fás eacnamaíoch a chinntiú le níos lú acmhainní nádúrtha, nó i bhfocail eile, breis a bhaint as beagán. Dá bhrí sin, is cuid lárnach den beartas fadtéarmach comhshaoil é ár n-éifeachtúlacht acmhainne a fheabhsú, mar a léirítear sna doiciméid straitéiseacha ar nós an Seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (7ú CGC), Treochlár an AE i dtreo Eoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus Plean Gníomhaíochta an AE don Gheilleagar Ciorclach.

Réamhrá

Tá feidhmiú gheilleagar na hEorpa ag brath ar shreabhadh gan bhriseadh d’acmhainní agus d’ábhair nádúrtha, lena n-áirítear uisce, barr, adhmaid, miotail, mianraí agus iompróirí fuinnimh, agus faightear cuid mhór den ábhar sin mar allmhairí. Agus iomaíochas dhomhanda ar acmhainní nádúrtha ag éirí níos géire, d’fhéadfadh an spleáchas sin bheith ina fhoinse leochaileachta.

Is iomaí acmhainn nádúrtha atá scaipthe go míchothrom ar fud an domhain, rud atá ina chúis le rochtain agus praghsanna éagobhsaí agus a chuireann leis an riosca coinbhleachta. Chomh maith leis sin, is féidir le praghsanna éiginnte éagobhsaí cur as do na hearnálacha atá ag brath ar na hacmhainní sin, agus go mbeidh ar chuideachtaí scaoileadh le baill foirne, infheistíocht a chur ar athlá nó stopadh d'earraí agus seirbhísí a chur ar fáil.

Ag an am céanna, nuair a mhéadaítear asbhaint agus saothrú acmhainní nádúrtha go tapa, bíonn iarmhairtí diúltacha ann don timpeallacht, san Eoraip agus níos faide i gcéin. Le truailliú aeir, uisce, agus ithreach, aigéadú éiceachóras, caillteanas bithéagsúlachta, athrú aeráide agus giniúint dramhaíola, cuirtear folláine eacnamaíoch agus sóisialta i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Is ríthábhachtach é éifeachtúlacht acmhainne a fheabhsú chun dul chun cinn socheacnamaíoch leanúnach a chinntiú i gcomhthéacs acmhainní agus éiceachóras finideacha, ach ní leor sin. I ndeireadh na dála, fiú má fheabhsaítear éifeachtúlacht, níl ann ach táscaire go bhfuil an t-aschur ag fás níos mó ná a bhfuil an úsáid a bhaintear as acmhainní agus astaíochtaí. Ní chinntítear leis sin laghdú glan ar bhrú eacnamaíoch chuig leibhéal atá inbhuanaithe san Eoraip agus sa domhan san fhadtéarma.

Agus inbhuanaitheacht córas Eorpach táirgeachta agus tomhaltais á meas, is gá dul níos faide ná tomhas a dhéanamh ar cé acu an bhfuil méadú níos tapúla ag teacht ar tháirgeacht ná a bhfuil ar úsáid acmhainní agus an brú lena mbaineann (‘díchúpláil choibhneasta’;) Seachas sin, is gá measúnú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil fianaise ann de ‘díchúpláil ghlan’, sin méadú ar an táirgeadh agus laghdú ar úsáid acmhainní.

Chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an ngaol idir úsáid acmhainní agus torthaí geilleagracha, is tábhachtach é freisin a mheas an bhfuil laghdú ag teacht ar thionchair chomhshaoil ó úsáid acmhainní sa tsochaí (‘díchúpláil tionchair’).

 

Beartais AE ar an ábhar

Aithníonn an 7ú CGC méadú ar éifeachtúlacht acmhainne mar cheann de na trí phríomhchuspóir chun an fhís 2050 ‘Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid’ a bhaint amach:

  • chun caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a bharrfheabhsú;
  • chun geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní, glas agus iomaíoch a dhéanamh den Aontas;
  • chun saoránaigh an Aontais a chosaint ar bhrú comhshaoil agus ar rioscaí don tsláinte agus d’fholláine.

Go deimhin, tá dlúthcheangal idir na cuspóirí sin agus creata beartais eile, a bhfuil baint acu leis, ar nós an Treochlár i dTreo Eoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus an Treochlár i dtreo Geilleagair Ísealcharbóin.

Tá sé mar aidhm ag foireann eile beartas aistriú ón bpatrún fáis líneach ‘faigh-déan-caith-caith amach’, chuig samhail níos ciorclaí ag brath ar áisiúlacht táirgí, comhpháirteanna agus ábhair a chaomhnú, agus an luach a bhaineann leo a choimeád sa gheilleagar. Mar a thugtar faoi deara i bPlean Gníomhaíochta an AE don Gheilleagar Ciorclach, beidh athrú ag teastáil ar fud an tslabhra sholáthair, lena n-áirítear dearadh táirgí, samhlacha gnó, roghanna tomhaltais, agus dramhaíl a chosc agus a bhainistiú. Tá reachtaíocht an AE maidir le dramhaíl ar cheann de na fachtóirí is mó atá taobh thiar den bheartas seo.


Gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA)

Déanann EEA anailís ar shreabhadh ábhar agus staitisticí dramhaíola, agus cruthaíonn sé táscairí agus measúnuithe gaolmhara. Déantar anailís ar an dul chun cinn ar thrí shraith chomhthreomhara tuarascála maidir le bainistíocht dramhaíola, cosc dramhaíola agus éifeachtúlacht acmhainne. Tugtar dearcadh uileghabhálach sna tuarascálacha bliantúla ar an ngeilleagar ciorclach agus san ábhar a chuirtear ar fáil do mheasúnuithe comhtháite, cuir i gcás an tuarascáil ón EEA ar Staid Chomhshaol na hEorpa agus ar Ionchas 2020 (SOER2020).

Déantar anailís shaincheaptha rialta ar ghnéithe áirithe den bheartas éifeachtúlachta acmhainne, amhail coincheapa faireacháin, spriocanna comhshaoil, ionstraimí bunaithe ar an margadh agus straitéisí eile idirghabhála.

Is gnéithe tábhachtacha den obair iad an caidreamh leis na páirtithe leasmhara agus an fhorbairt acmhainne a bhaineann leis na measúnuithe sin, agus eagraítear cruinnithe agus ceardlanna rialta EIONET leis na hionaid náisiúnta thagartha maidir le dramhaíl agus geilleagar atá tíosach ar acmhainní agus an comhshaol.


Ionchas

Tá an obair atá ar siúl faoi láthair dírithe ar an mbonn fianaise maidir le héifeachtúlacht acmhainne, an geilleagar ciorclach agus dramhaíl a fheabhsú. Tá sé beartaithe go gcuirfear isteach ábhar don SOER2020, agus béim á leagan ar fhaisnéis théamach (úsáid dramhaíola agus acmhainní) chomh maith le hanailís shistéamach ar an athrú chuig geilleagar ciorclach. 

 

Permalinks

Geographic coverage

Taggar

Insorterad under
Insorterad under waste, material resources
Dokumentåtgärder