Press Release
Truailliú ó thrácht díobhálach don tsláinte fós i mórán áiteanna san Eoraip
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Maltese (mt)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)
Is é ceann de na dúshláin mhóra atá romhainn san 21ú haois tionchair dhiúltacha an iompair a mhaolú – gáis cheaptha teasa, truailliú aeir agus torann – agus ag an am céanna gnéithe dearfacha an réthaistil a chinntiú.
Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an GEC
Déanann tuarascáil bhliantúil an GEC faoin Meicníocht Tuairiscithe ar an gComhshaol agus ar an Iompar (MTCI) measúnú ar thionchar timpeallachta an iompair ar fud na hEorpa. Rinneadh roinnt feabhsuithe, cé gurbh í an ghníomhaíocht gheilleagrach laghdaithe le linn an chúlaithe is cúis le cuid acu siúd. De réir mar a fheabhsaíonn an timpeallacht eacnamaíoch, ba cheart go mbeadh spriocanna nua iompair an AE dírithe ar thionchair chomhshaoil a laghdú a thuilleadh, de réir na tuarascála.
Cé gur tháinig laghdú ar thruailliú an aeir le fiche bliain anuas, is fadhb an-mhór fós é i mórán áiteanna. Níor éirigh leis na ‘caighdeáin Eorpacha’ maidir le feithiclí, astuithe fíora NO2 a laghdú go dtí na leibhéil atá leagtha síos sa reachtaíocht, cé gur rinneadh feabhas suntasach ar cháilíocht an aeir san iomlán.
Tá an méadú ar iompar earraí ag cur le droch-cháilíocht aeir chomh maith. Bhí an lasta ar cheann de na príomhchúiseanna leis na leibhéil arda NO2 . Ba é an méadú ar an loingeas le fiche bliain anuas an chúis nach bhfuil ach laghdú de 14% tagtha ó 1990 ar astuithe ocsaídí sulfair, arb údair báistí aigéadaí iad, in ainneoin feabhsuithe móra éifeachtúlachta.
Dúirt Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an GEC: “Is é ceann de na dúshláin mhóra atá romhainn san 21ú haois tionchair dhiúltacha an iompair a mhaolú – gáis cheaptha teasa, truailliú aeir agus torann – agus ag an am céanna gnéithe dearfacha an réthaistil a chinntiú. D’fhéadfadh an Eoraip a bheith chun tosaigh trína cuid oibre a threisiú i réimse na nuálaíochta teicneolaíochta sa tsoghluaisteacht leictreach. D’fhéadfadh a leithéid d’athrú an saol lárchathrach a bhunathrú chun feabhais.”
Treochtaí agus torthaí eile
- Tá daoine atá ina gcónaí gar do bhóithre fuadracha ar fud na hEorpa fós go háirithe nochta ag leibhéil iomarcacha truaillithe aeir. Taifeadadh leibhéil dhíobhálacha dé-ocsaíde nítrigine (NO2) os cionn na dteorainneacha dlíthiúla ag 44% de na stáisiúin mhonatóireachta ar thaobh an bhóthair i 2010. Bhí leibhéil an ábhair cháithnínigh (PM10) os cionn na dteorainneacha ag 33% de na suíomhanna sin. D’fhéadfadh na truailleáin sin cur isteach ar an gcóras cardashoithíoch, ar na scamhóga, ar an ae, ar an liathán agus ar an bhfuil.
- Ní mór don Eoraip an méid fuinnimh a úsáidtear ag an iompar a laghdú a thuilleadh, mar nach raibh sé ach 4.3% níos ísle i 2011 ná an buaicphointe i 2007. Bhí tionchar mór ag luaineachtaí geilleagair le blianta beaga anuas ar úsáid fuinnimh ag modhanna áirithe iompair. Bíonn iompar lastais, go háirithe, íogair maidir le luaineachtaí geilleagair. Tar éis na titime géire idir 2008 agus 2009, d’fhás sé le 5.4 % i 2010.
- Thit an t-éileamh ar iompar paisinéirí beagnach 1% idir 2009 agus 2010. Tá an chosúlacht air sin go bhfuil sé in aghaidh na treochta fadtéarmaí, mar gur méadaíodh an t-éileamh ar iompar paisinéirí go réidh trasna an AE ón am ar thosaigh na taifid i lár na 1990í. D’fhan úsáid charranna príobháideacha seasta, a bheag nó a mhór, de réir na tuarascála, in ainneoin chor chun donais an gheilleagair agus luaineachtaí leathana i bpraghas an bhreosla le deich mbliana anuas.
- I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh praghsanna a bheith ag dul i gcion ar dhaoine roghanna a dhéanamh atá díobhálach don timpeallacht. Tá sé éirithe níos saoire de réir a chéile, i dtéarmaí réadacha, carr a cheannach ó lár na 1990í, de réir na tuarascála, agus tá iompar i dtraenacha agus iompar paisinéirí ar an uisce éirithe níos daoire. Mar sin féin, tá carranna nua ag éirí níos éifeachtúla. Bhí an meáncharr a díoladh i 2011 3.3% níos éifeachtúla ná an meán a díoladh an bhliain roimhe.
- Ní mór don earnáil iompair astuithe dé-ocsaíde carbóin a laghdú 68% idir 2010 agus lár an chéid chun sprioc an AE a bhaint amach. Thit astuithe gás ceaptha teasa ón iompar 0.4% idir 2009 agus 2010, agus taispeánann meastacháin luatha titim den chineál céanna idir 2010 agus 2011.
- Is tionchar eile ón iompar an torann, a d’fhéadfadh a bheith ina chionsiocair le fadhbanna troma sláinte. Fuarthas sa tuarascáil go mbíonn triúr as gach cúigear áitritheoirí, sna cathracha is mó san Eoraip, nochta ag leibhéil díobhálacha torainn tráchta. Fiú faoin tuath, bíonn 24 milliún Eorpach nochta ag torann tráchta damáisteach san oíche. D’fhéadfadh fadhbanna fisiceacha agus síceolaíocha a bheith mar thoradh air sin.
Tuilleadh faisnéise
- I Nollaig 2012, foilseoidh an GEC sonraí nua ar astuithe gás ceaptha teasa ó charranna nua paisinéirí. Réamhshonraí.
- Foilseacháin iompair ón GEC
- Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Cháilíocht an Aeir 2012
- Tuarascálacha le déanaí ar astuithe gás ceaptha teasa
Permalinks
- Permalink to this version
- 144d2ef06fab4f0abdcc16f1931e3858
- Permalink to latest version
- XUGH4RP1BO
Geographic coverage
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/media/newsreleases/truailliu-o-thracht-diobhalach-don or scan the QR code.
PDF generated on 05 Feb 2023, 10:00 AM
Document Actions
Share with others