next
previous
items

Article

Geilleagar ciorclach san Eoraip: tá ról le himirt againne go léir

Change language
Article Published 14 Jun 2017 Last modified 11 May 2021
Is mar choincheap teibí nó mar choincheap neamhréalaíoch, fiú, a fhéachann formhór na ndaoine ar an ngeilleagar ciorclach go fóill. Cé go bhfuil téama na ‘maireachtála glaise’ ag éirí níos coitianta agus níos cáiliúla i gcónaí ar fud an domhain, is amhlaidh nach bhfuil a lán daoine ar an eolas go fóill faoi na mórathruithe is gá dúinn a dhéanamh ar ár stíl mhaireachtála má táimid chun todhchaí inbhuanaithe a chinntiú agus folláine fhadtéarmach a áirithiú.

Ní inbhuanaithe atá an dóigh a n-úsáidimid acmhainní faoi láthair. Is mó na hamhábhair atá á dtomhailt agus á n-asbhaint againn ná na hamhábhair is féidir lenár bpláinéad a sholáthar san fhadtéarma. Beidh 6 bhilliún nó 7 mbilliún tomhaltóir mheánaicmeacha ann ar fud an domhain faoin mbliain 2050, rud a mhéadóidh an brú ar thomhaltas agus ar an gcomhshaol araon. Bímid ag éileamh tuilleadh áisiúlachta i gcónaí ar na saolta seo agus bíonn costais i gceist leis sin. Ní gá duit ach féachaint ar an dóigh a n-úsáidimid plaistigh. Ní hé amháin gur beag athchúrsáil a dhéantar orthu, ach críochnaíonn siad sna haigéin agus sna farraigí ar deireadh, áit a ndéanann siad fíordhamáiste.

Spriocanna fadtéarmacha na hEorpa

Tá an tAontas Eorpach agus comhlachtaí eile ar fud an domhain ag déanamh dul chun cinn suntasach ar an athrú aeráide a chomhrac trínár n-astaíochtaí carbóin a laghdú. Tá sé léirithe againn nach díobhálach don fhás eacnamaíoch atá sé srian a chur le hastaíochtaí agus gurb amhlaidh, go deimhin, go dtacaíonn sé leis. Ón mbliain 1990 i leith, tá méadú 50% tagtha ar olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh (AE). Tá laghdú 24% tagtha ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa sa tréimhse chéanna. Tá níos mó daoine ag déanamh a sciar féin trí thaisteal le chéile san aon charr amháin, trína n-úsáid fuinnimh a laghdú nó trína mbruscar tí a athchúrsáil agus a scaradh. Cé gur bearta maithe iad sin, is eol dúinn nach leor iad chun a chinntiú go mbainfimid todhchaí ísealcharbóin amach nó go gcomhlíonfaimid an sprioc fhadtéarmach atá ag an Aontas Eorpach maidir le ‘maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid’.

Tá fianaise ann go mbíonn an pobal ag éirí níos eolaí ar an bhfadhb. Tá pleananna beartais nua á bhforbairt freisin lena ndéanfar bunathrú ar an dóigh a ndéanfaimid nithe a tháirgeadh agus a thomhailt agus ar an dóigh a mairfimid. Is é atá i gceist leis na pleananna beartais sin ná freagairtí comhtháite sistéamacha a ngabhann dearcadh fadtéarmach leo a ghlacadh. Ag deireadh na bliana 2015, chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste reachtach an gheilleagair chiorclaigh ar aghaidh. Is é plean na hEorpa don bhealach atá romhainn é. Cumhdaítear leis an bpacáiste na céimeanna difriúla de shaolré shínte táirge, idir tháirgeadh, thomhaltas agus bhainistíocht dramhaíola. Tá sé i gceist go rachaidh na gníomhartha atá beartaithe chun tairbhe don chomhshaol agus don gheilleagar araon. Is é an aidhm atá leo ábhair fhisiciúla agus luach na n-ábhar sin a choimeád sa timthriall eacnamaíoch go ceann na tréimhse is faide is féidir, rud a laghdóidh dramhaíl, a chothóidh coigiltí fuinnimh agus a laghdóidh astaíochtaí gáis cheaptha teasa ag an am céanna. Tá 54 ghníomh taobh thiar de na tograí. Tá na gníomhartha sin á n-aistriú faoi láthair ina mbeartais nithiúla lena gcuimsítear roinnt gníomhaíochtaí agus earnálacha eacnamaíocha.

Cabhróidh an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach le maolú a dhéanamh ar na deacrachtaí don chomhshaol agus do shláinte an duine a eascraíonn as ár ngeilleagar líneach reatha ina ndéantar nithe ‘a tháirgeadh, a úsáid agus a dhiúscairt’. Beidh athruithe ollmhóra ar chórais táirgthe agus tomhaltais ag teastáil, áfach. Is athruithe iad sin a rachaidh i bhfad níos faide ná éifeachtúlacht acmhainní agus athchúrsáil dramhaíola amháin.

Eolas a chothú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn

Beidh na nithe seo a leanas ina ngné lárnach den gheilleagar ciorclach a bhaint amach: eolas a chothú, monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus a chinntiú gur ag an lucht déanta beartas a bheidh an tuiscint, na sonraí agus an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun cabhrú le forbairt beartas atá tacúil agus solúbtha a threorú. Tá an méid sin ar fad ina thasc tábhachtach a bhfuilimidne sa Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) ag tabhairt faoi.

Tháinig mé le chéile le thart ar 1500 duine den lucht déanta beartas, de thaighdeoirí agus de cheannairí gnó ó níos mó ná 100 tír ag an bhFóram Domhanda um an nGeilleagar Ciorclach i Heilsincí le déanaí chun smaointe, físeanna agus réitigh a chomhroinnt agus a phlé maidir leis an dóigh a bhféadfaí an tsamhail chiorclach eacnamaíoch a phríomhshruthú. Leag EEA béim ag an gcomhdháil ar a thábhachtaí atá sé eolas a chothú. Chuir an Ghníomhaireacht an dara tuarascáil uaithi maidir leis an ngeilleagar ciorclach i láthair lena linn. Tá an tuarascáil sin mar chuid de shraith tuarascálacha atá beartaithe ar an ábhar. Sa tuarascáil is déanaí uainn dar teideal ’Circular by design — products in a circular economy’ (‘Geilleagar atá ciorclach d’aon ghnó— táirgí i ngeilleagar ciorclach’), pléitear leis na tosca atá taobh thiar de dhearadh táirgí agus leis an dóigh ar féidir le treochtaí táirgthe agus tomhaltais atá ag teacht chun cinn cur le húsáid níos ciorclaí a bhaint as ábhair nó bac a chur léi. Mar shampla, cén ról san obair chun geilleagar ‘ciorclach’ a bhaint amach atá ag nuálaíochtaí agus treochtaí atá ag teacht chun cinn – mar shampla, fóin phóca mhodúlacha agus printéirí ábhar tríthoiseach lena gcruthaítear páirteanna spártha? Ní bhainfear geilleagar atá ‘ciorclach d’aon ghnó’ amach mura ndéanaimid rud éigin. Beidh gá ann le struchtúir láidre rialachais phoiblí agus phríobháidigh a chur faoi, rud lena soláthrófar treochlár don bhealach atá romhainn. Beidh ar an tsochaí agus ar an lucht gnó féachaint go gníomhach freisin ar cén cineál coinníollacha margaidh, teicneolaíochtaí nua agus taighde agus forbartha ar cheart iad a bhrú chun cinn.

Tá ról le himirt againne go léir maidir le tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an fhaisnéis cheart agus na réitigh chearta ar fad faoinár láimh ionas gur féidir linn an t-aistriú mór sin a dhéanamh. Rud atá soiléir dúinn, áfach, is ea nach mbeimid in ann bogadh i dtreo an gheilleagair chiorclaigh agus ísealcharbóin mura dtagaimid ar an nuálaíocht shuaiteach agus na teicneolaíochtaí suaiteacha a theastaíonn chun dlús a chur leis an mbogadh sin.

 

Hans Bruyninckx

Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil

Eagarfhocal a foilsíodh in eagrán uimh. 2017/02 de Nuachtlitir EEA, Meitheamh 2017

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage