next
previous
items

Athrú i dtreo na hinbhuanaitheachta

Change language
Page Last modified 23 Nov 2023
4 min read
Sa tuarascáil shuaitheanta a fhoilsíonn an EEA gach cúig bliana, SOER 2020, d’ainneoin an dul chun cinn atá déanta le fiche nó tríocha bliain anuas, fuarthas go bhfuil cúis imní ann d’ionchas comhshaoil na hEorpa. I bhfianaise a dhomhandaithe agus a shistéamaí is atá na dúshláin comhshaoil atá romhainn, caithfear cuspóirí fadtéarmacha an AE maidir le hinbhuanaitheacht a athrú ó bhonn i gcroíchórais na sochaí, go háirithe iad siúd a bhaineann le bia, fuinneamh, soghluaisteacht agus an timpeallacht thógtha.

Caithfear i bhfad níos mó a dhéanamh ná feabhsúcháin imcriminteacha ar éifeachtúlacht. Seachas sin, caithfear athrú fadtéarmach, domhain a dhéanamh ar chleachtais, beartais agus dearcthaí, agus beidh eolas nua ag teastáil chuige sin. Caithfear fáil réidh leis an gcur chuige gearrthéarmach sa saol polaitiúil agus eacnamaíoch, agus dul i muinín cur chuige fadtéarmach, comhtháite, domhanda.

Réamhrá

Leis an éileamh ar bhunathrú ar chórais sochaithe na hEorpa, léirítear go bhfuiltear ag aithint an méid athraithe a theastaíonn chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú, agus a shistéamaí is atá an dúshlán. Tá ualach méadaitheach á chur ar éiceachórais le mórthreochtaí domhanda ar nós leathnú patrún tomhaltais an iarthair ar fud an domhain. Ní féidir an fás atá beartaithe sa gheilleagar domhanda agus teorainneacha comhshaoil a thabhairt chun réitigh mura ndéantar athrú bunúsach ar na príomhchórais táirgeachta agus tomhaltais. Ach is iomaí constaic chun an t-athrú sin a chur i bhfeidhm, mar go bhfuil na córais is cúis le cuid mhór den bhrú comhshaoil ceangailte ar bhealaí casta le tairbhí agus leasanna ar nós post, infheistíochtaí, stíleanna maireachtála agus luachanna. Dá bhrí sin, is dócha go mbeidh comhréitigh chasta éiginnte mar thoradh ar aon idirghabháil, agus go mbeidh an lucht ata thíos leis á chur ina choinne.

Tá méadú mór ag teacht ar an taighde sa réimse seo, mar fhreagairt ar na fórsaí domhanda atá ag éileamh athrú, tréithe agus feidhmiú na gcroíchóras, agus na próisis agus bearta rialachais a d’fhéadfadh athrú sistéamach a spreagadh agus a stiúradh. Leagtar béim sa taighde ní hamháin ar theicneolaíochtaí nuálacha, ach ar chleachtais agus iompar nua chomh maith, bunaithe ar athrú ar chreidimh agus luachanna. I bhfianaise castacht agus éiginnteacht aon athrú sistéamach, is gá meascán beartas a dhearadh go cúramach, agus stíleanna rialachais oscailte agus in-oiriúnaithe a ghlacadh. Agus muid ag aithint go bhfuil mórán den saineolas a theastaíonn chun dul i ngleic le dúshláin chasta an 21ú haois scaipthe ar fud na sochaí, is minic a chaithfidh rialtais dul i gcomhar le gnóthais agus an tsochaí shibhialta mar chomhpháirtithe gníomhacha.

 

Beartais AE ar an ábhar

Áirítear leis an Seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an fhís go mbeimid

‘ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid in 2050’.

Faoi mar a leagtar amach ansin agus i mbeartais eile AE, beidh athruithe cuimsitheacha ar na córais táirgeachta agus tomhaltais ag teastáil chuige sin. Mar shampla, sa Treochlár do Gheilleagar Ísealcharbóin leagtar síos sprioc chun laghdú de 80% a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa san AE faoi 2050, agus sa Straitéis um Gheilleagar Ciorclach dírítear ar mhórfheabhsúcháin a dhéanamh ar laghdú agus bainistíocht dramhaíola faoi 2030. Ar an leibhéal domhanda, cuireann Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe spriocanna ar fáil lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe socheacnamaíocha agus comhshaoil na hinbhuanaitheachta.

Gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA)

Tá an EEA ag tabhairt aghaidh ar cheist an athraithe i dtreo inbhuanaitheachta ar scálaí éagsúla ag úsáid meascán de chineálacha cur chuige anailísíocha. Áirítear leis an obair sin:

  • Anailís a dhéanamh ar mhórthreochtaí domhanda agus teorainneacha an phláinéid, lena n-áirítear a n-impleachtaí ar scála Eorpach, réigiúnach agus náisiúnta.
  • Anailís a dhéanamh ar phríomhchórais Eorpacha sochtheicniúla agus sochéiceolaíocha, ar nós bia, fuinneamh, soghluaisteacht agus córais uirbeacha, agus na himpleachtaí a mbaineann leo don chomhshaol agus d’acmhainní nádúrtha.
  • Measúnú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist leis an athrú i dtreo na hinbhuanaitheachta go teoiriciúil agus go praiticiúil, bunaithe ar thaighde acadúil agus fianaise ó chás-staidéir ar fud na hEorpa.
  • Saineolas a fhorbairt ar mheasúnuithe réamhbhreathnaitheacha ar inbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí anailís a dhéanamh ar threochtaí, fachtóirí athraithe, rioscaí sistéamacha agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an gcomhshaol agus inbhuanaitheacht.
  • Forbairt acmhainne agus faisnéis réamhbhreathnaitheach a roinnt laistigh den Líonra Eorpach um Fhaisnéis agus Breathnóireacht Comhshaoil (Eionet), agus líonrú le geallsealbhóirí Eorpacha agus idirnáisiúnta agus líonraí taighde.


Naisc ghaolmhara

Líonra Taighde ar Theorainneacha an Phláinéid

Líonra Taighde ar Athrú Inbhuanaitheachta

Future Earth

An Córas Eorpach um Straitéis agus Anailís ar Bheartais

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage

Document Actions