next
previous
items

News

An Truailliú Nialasach: Tá líon mór d'uiscí snámha na hEorpa i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta is airde

Change language
News Published 03 Jun 2022 Last modified 24 Oct 2023
6 min read
Léirítear sa tuarascáil bhliantúil maidir hUisce Snámha a foilsíodh inniu go raibh beagnach 85% d'ionaid uisce snámha na hEorpa i gcomhréir leis na caighdeáin cáilíochta uisce is airde de chuid an Aontais Eorpaigh in 2021: cáilíocht ‘den scoth'. Tugtar sa mheasúnú léiriú maith ar an háiteanna inar féidir le snámhaithe teacht ar na hionaid snámha is fearr ar fud na hEorpa an samhradh seo. Chuir an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, an tuarascáil i dtoll a chéile, agus tá an tuarascáil bunaithe ar an monatóireacht a dhéantar ar 21 859 ionad snámha ar fud na hEorpa. Ar na hionaid sin a cumhdaíodh i gcaitheamh 2021, tá ionaid snámha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, na hAlbáine agus na hEilvéise.

Léirítear sa tuarascáil bhliantúil maidir hUisce Snámha a foilsíodh inniu go raibh beagnach 85% d'ionaid uisce snámha na hEorpa i gcomhréir leis na caighdeáin cáilíochta uisce is airde de chuid an Aontais Eorpaigh in 2021: cáilíocht ‘den scoth'. Tugtar sa mheasúnú léiriú maith ar an háiteanna inar féidir le snámhaithe teacht ar na hionaid snámha is fearr ar fud na hEorpa an samhradh seo. Chuir an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, an tuarascáil i dtoll a chéile, agus tá an tuarascáil bunaithe ar an monatóireacht a dhéantar ar 21 859 ionad snámha ar fud na hEorpa. Ar na hionaid sin a cumhdaíodh i gcaitheamh 2021, tá ionaid snámha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, na hAlbáine agus na hEilvéise.

Seo mar a labhair Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach: ‘Is dea-scéala é an tuarascáil sin dúinn siúd atá ag cur laethanta saoire samhraidh in áirithe in ionaid snámha áille na hEorpa, agus iad tuillte go maith againn. Bíodh trá sa Ghréig, loch san Ungáir nó abhainn sa Fhrainc ina an ceann scríbe againn, is féidir linn a bheith cinnte go bhfuil cáilíocht den scoth ag formhór na n-uiscí snámha. Téann sé sin chun tairbhe don chomhshaol, dár sláinte, agus d'earnáil turasóireachta na hEorpa, agus í ag teacht chuici féin ón bpaindéim. Táimid tiomanta do na caighdeáin sin a choinneáil ar bun agus tuilleadh feabhais a dhéanamh i dtreo ár gcuspóir a bhaint amach, is é sin an truailliú nialasach.'

Seo mar a labhair Stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, Hans Bruyninckx: ‘Is léiriú iad torthaí na bliana seo gurb é an toradh atá ar ghníomhaíocht an Aontais le 40 bliana anuas chun cáilíocht an uisce snámha ar fud na hEorpa a fheabhsú, go ndeachaigh na gníomhaíochtaí sin chun sochair dár sláinte agus don chomhshaol chomh maith. Le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Truailliú Nialasach agus leis an athbhreithniú ar Threoir an Aontais um Uisce Snámha, daingneofar ár dtiomantas chun an truailliú a chosc agus a laghdú sna mblianta fada amach anseo.'

Príomhthorthaí na tuarascála

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil cáilíocht na n-ionad ar an gcósta, arb iad dhá thrian de na hionaid snámha ar fad, níos fearr de ghnáth ná cáilíocht na n-ionad intíre. Dearbhaíodh go raibh cáilíocht den scoth ag 88% d'ionaid snámha chósta an Aontais in 2021, i gcomparáid le 78.2% d'ionaid snámha intíre. Ó glacadh an Treoir um Uisce Snámha in 2006, mhéadaigh ar an sciar d'ionaid a bhfuil cáilíocht ‘den scoth' acu, agus tá an sciar sin cobhsaithe le blianta beaga anuas ar 88% maidir le hionaid chósta, agus ar 78% maidir le hionaid intíre.

Léirítear sa tuarascáil, maidir le 2021, gur comhlíonadh na híoschaighdeáin maidir le cáilíocht an uisce in 95.2% de na hionaid. San Ostair, Málta, an Chróit, an Ghréig, an Chipir, an Danmhairg agus an Ghearmáin, tá 90% nó níos mó d'uiscí snámha i gcomhréir leis an gcaighdeán cáilíochta ‘den scoth'.

Tháinig laghdú ar an sciar d'ionaid a bhfuil cáilíocht dhona acu ó bhí 2013 ann. Bhí cáilíocht dhona ag 1.5% d'uiscí snámha uile an Aontais in 2021, i gcomparáid le 2% in 2013. Is minic gurb é an truailliú gearrthéarmach is cúis le cáilíocht dhona. Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil gur féidir cáilíocht an uisce a fheabhsú ach measúnuithe níos fearr a dhéanamh ar fhoinsí truaillithe agus bearta bainistithe uisce comhtháite a chur i bhfeidhm.

Le cois Thuarascáil na bliana seo ar Uisce Snámha, d'eisigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil léarscáil idirghníomhach nuashonraithe ina léirítear an chaoi a bhfuil ag éirí le gach ionad snámha. Tá tuarascálacha tíre nuashonraithe ar fáil chomh maith le tuilleadh eolais faoi chur i bhfeidhm na treorach sna tíortha.

Cúlra

Tá feabhas mór tagtha ar cháilíocht uisce snámha na hEorpa le blianta fada mar gheall ar fhaireachán agus bainistiú córasach a tugadh isteach faoin Treoir um Uisce Snámha ón Aontas agus faoi dhlíthe comhshaoil eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh.

Sonraítear i reachtaíocht uisce snámha an Aontais an féidir cáilíocht an uisce snámha a aicmiú mar ‘den scoth', ‘go maith', ‘leormhaith' nó ‘go dona', de réir leibhéil na mbaictéar faecach a bhraitear. I gcás ina ndéantar uisce a aicmiú mar ‘go dona', ba cheart do Bhallstáit an Aontais bearta áirithe a dhéanamh, amhail cosc a chur ar shnámh nó comhairle a thabhairt ina choinne, eolas a chur ar fáil don phobal, agus bearta ceartaitheacha oiriúnacha a dhéanamh.

Mar thoradh ar na rialacha sin, tá laghdú suntasach tagtha ar fhuíolluisce tionsclaíoch agus uirbeach atá neamhchóireáilte nó cóireáilte go páirteach agus a bhíonn in uisce snámha faoi dheireadh. Mar thoradh air sin, is féidir snámh in a lán limistéar uisce dromchla atá suite i gcathracha, limistéir a bhí truaillithe go mór roimhe sin.

Tá an Treoir um Uisce Snámha á hathbhreithniú ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair. Is é is cuspóir dó a mheas an bhfuil na rialacha atá ann faoi láthair fós oiriúnach don chuspóir chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus feabhas a chur ar cháilíocht an uisce, nó an gá feabhas a chur ar an gcreat atá ann cheana, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar pharaiméadair nua.

Déanann Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis an Albáin agus an Eilvéis, monatóireacht ar a láithreáin snámha de réir fhorálacha Threoir an Aontais um Uisce Snámha.

Tacaíonn creat leathan de reachtaíocht uisce de chuid an Aontais le cur i bhfeidhm na Treorach um Uisce Snámha, orthu sin tá an Treoir Réime maidir le hUisce, an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil, an Treoir maidir le Screamhuiscean Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, agus an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh.

Tuilleadh eolais

Measúnú 2021 ar Cháilíocht an Uisce Snámha, agus bileoga eolais tíre agus léarscáil idirghníomhach san áireamh

Rialacha an Aontais maidir le Cáilíocht an Uisce Snámha

Athbhreithniú ar an Treoir um Uisce Snámha

 

Preasoifig na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA):

Constant Brand, constant.brand@eea.europa.eu

Teil: +45 2174 1872

Antti Kaartinen, antti.kaartinen@eea.europa.eu

Teil: +45 2336 1381

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage