volgende
vorige
items

Nieuws

Cé chomh tábhachtach is atá an dúlra duit? Seoladh an chomórtais grianghrafadóireachta NATURE@work

Taal wijzigen:
Nieuws Gepubliceerd 15-03-2017 Laatst gewijzigd 10-12-2019
Oibríonn an dúlra go crua chun sinn a chosaint agus a chothú gach lá – ach ní bhímid buíoch de as sin i gcónaí. Comhlíonann an dúlra ról riachtanach, áfach, toisc gurb as an dúlra a fhaighimid aer glan, uisce óil glan, éadaí, bia agus na hamhábhair a úsáidimid chun foscadh a thógáil. Is beag eolas atá ann ar na tairbhí eile a sholáthraíonn an dúlra dúinn, amhail an ról a imríonn sé chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú. Chun aird a tharraingt ar an ról tábhachtach atá ag an dúlra inár saol, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) ag iarraidh ort na tairbhí a bhaineann tú as an dúlra a léiriú trí ghrianghraif a iontráil sa chomórtas grianghrafadóireachta ‘NATURE@work’.

Tá sé mar aidhm le comórtas grianghrafadóireachta bliantúil EEA muintir na hEorpa a spreagadh chun suim a chur i saincheisteanna comhshaoil difriúla. Is é obair an dúlra téama an chomórtais i mbliana. Arbh eol duit go gcabhraíonn spásanna glasa inár gcathracha agus timpeall orthu lenár dtithe a chosaint ar thuile trí uisce tuile barrachais a ionsú? Arbh eol duit freisin go gcabhraíonn crainn agus páirceanna uirbeacha le teochtaí a ísliú i gceantair uirbeacha le linn tonnta teasa? Ní hé amháin go spreagann an dúlra saothair ealaíne mar gheall ar an áilleacht agus an éagsúlacht shaibhir atá le fáil ann, ach spreagann sé dearadh meaisíní, tithe agus a lán réitigh nuálacha freisin.

Tá an tAontas Eorpach tiomanta don dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint ó na 1970idí ar aghaidh. Ceiliúrfar comóradh 25 bliana ghlacadh na Treorach um Ghnáthóga i mbliana, rud atá ar cheann de na príomhdhlíthe um chosaint an dúlra san Aontas Eorpach. A bhuí leis an reachtaíocht sin, bhí an tAontas Eorpach in ann an líonra comhordaithe is mó ar domhan de limistéir faoi chosaint a fhorbairt trí Natura 2000. Cumhdaíonn an líonra 18 % d’achar talún an Aontais Eorpaigh agus níos mó ná 6 % dá chríocha mara. Tacaítear an obair sin le LIFE, arb é ionstraim airgeadais an Aontais Eorpaigh do thionscadail chomhshaoil, tionscadail um chaomhnú an dúlra agus tionscadail um ghníomhú ar son na haeráide é. Bíonn an tAontas Eorpach ag obair go gníomhach freisin chun réitigh atá bunaithe ar an dúlra a aimsiú ar mhaithe le tacú le fás eacnamaíoch, poist a chruthú agus cur lenár bhfolláine.

Tá an comórtas grianghrafadóireachta ‘NATURE@work’ ar oscailt do gach saoránach Eorpach os cionn 18 mbliana d’aois. Iarrtar ar dhaoine grianghraif a chur isteach lena léirítear aon cheann de na trí théama seo a leanas:

  1. NATUREprovides (Foinse tairbhí é AN DÚLRA): An féidir leat na tairbhí is tábhachtaí a sholáthraíonn an dúlra duit a ghabháil i ngrianghraf?
  2. NATUREprotects (Foinse cosanta é AN DÚLRA): Ar thug tú faoi deara na dóigheanna a dtugann an dúlra atá timpeall ort – an dúlra faoin tuath, i do bhaile agus i do chathair – cosaint duit?
  3. NATUREinspires (Foinse spreagtha é AN DÚLRA): An bhfeiceann tú aon rud timpeall ort ar spreag an dúlra é?

 

Bronnfar duais airgid ar na buaiteoirí i ngach catagóir thuas. D’fhéadfadh go gcuirfeadh EEA agus a chomhpháirtithe gach iontráil chun cinn ar fud na hEorpa. Is féidir leat do ghrianghraif a chur isteach go dtí an 15 Lúnasa.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi rialacha an chomórtais agus faoi conas dul isteach ann, féach (www.eea.europa.eu/competition)

Buaiteoirí an chomórtais grianghrafadóireachta ‘My City’ an bhliain seo caite (http://www.eea.europa.eu/highlights/milan-uhersky-brod-nicosia-take)

 

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage