Graffeg gwybodaeth
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Croatian (hr)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Maltese (mt)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)
- Contact us
-
For media enquiries
Antti Kaartinen Press officer
Mobile: +45 2336 1381Constant Brand Press officer
Mobile: +45 2174 1872Katja Rosenbohm Head of Communications
Mobile: +45 2364 6454For public enquiries: Contact us
- Graffeg gwybodaeth — 11 Mar 2015
-
Tá aeráid na hEorpa ag athrú — 15 Oct 2015
- Rachaidh aeráid atá ag athrú i gcion ar bheagnach gach gné dár saol. De bharr báisteach níos troime agus níos minice a bheith ag titim i gcuid mhaith áiteanna san Eoraip, is minic a tharlóidh eachtraí tuilte tromchúiseacha. In áiteanna eile san Eoraip, agus deisceart na hEorpa san áireamh, d’fhéadfadh triomach a bheith ina lán áiteanna de bharr teochtaí ardaithe agus fliuchras laghdaithe.
-
An bhfuilimid réidh don athrú aeráide? — 15 Oct 2015
- Climate change is causing a variety of impacts to our health, ecosystems and economy. These impacts Tá an t-athrú aeráide ina chúis le tionchair éagsúla ar ár sláinte, ár gcuid éiceachóras agus ár ngeilleagar. Is dócha go n-éireoidh an tionchar sin níos tromchúisí sna blianta atá romhainn. Mura dtéifear i ngleic leo, d’fhéadfadh costas mór a bheith ag dul leis na tionchair sin i ndail le drochshláinte, éifeachtaí díobhálacha ar éiceachórais, agus damáiste do mhaoin agus don bhonneagar.
-
An t-athrú aeráide agus na farraigí — 15 Oct 2015
- Tá na haigéin ag éirí níos teo de bharr an athraithe aeráide, rud is cúis le haigéadú timpeallachtaí mara agus athrú ar phatrúin fliuchrais. Is minic a chuireann an teaglaim tosca sin leis an drochthionchar a imríonn brúnna eile de dhéantús an duine ar na farraigí, rud is cúis le cailliúint bithéagsúlachta sna haigéin.
-
An t-athrú aeráide agus an talmhaíocht — 15 Oct 2015
- Bíonn tionchar ag an talmhaíocht ar an athrú aeráide agus bíonn tionchar ag an athrú aeráide ar an talmhaíocht chomh maith. Ní mór don AE a astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht a laghdú agus a chóras táirgthe bia a oiriúnú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Agus an t-éileamh ar acmhainní ag dul i méid ar domhan agus iomaíocht níos mó ann ina dtaobh, ní mór féachaint ar tháirgeadh bia agus tomhaltas bia an AE i gcomhthéacs níos leithne, lena ndéantar an talmhaíocht, fuinneamh, agus slándáil bia a nascadh.
-
An ithir agus an t-athrú aeráide — 15 Oct 2015
- Gné thábhachtach — agus gné a ndéantar faillí uirthi go minic — den chóras aeráide is ea an ithir. Tá sí ar an dara stóras carbóin, nó ‘linn’, is mó, i ndiaidh na n-aigéan. Trí athchóiriú a dhéanamh ar éiceachórais thábhachtacha ar thalamh, agus trí úsáid inbhuanaithe a bhaint as an talamh i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe, d’fhéadfadh sé go gcabhrófaí linn an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó.
-
An t athrú aeráide a mhaolú — 15 Oct 2015
- Tá rath ag baint le hiarrachtaí an Aontais Eorpaigh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Go deimhin, táthar ag súil go n-éireoidh leis an AE a sprioc aontaobhach 20% maidir le laghdú a bhaint amach (i gcomparáid le 1990) roimh 2020, an spriocdháta comhaontaithe. Ina theannta sin, tá sé ar intinn ag an AE astaíochtaí intíre a laghdú 40% ar a laghad faoi 2030 agus dícharbónú breise a dhéanamh ar a gheilleagar faoi 2050. Astaíonn an AE thart ar 10% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain faoi láthair.
-
Cineálacha breosla agus astaíochtaí GCT — 08 Sep 2016
- Tá dlúthnasc idir éileamh ar iompar agus gníomhaíocht gheilleagrach: i rith tréimhsí fáis, ardaíonn aschur geilleagrach, bíonn níos mó earraí á n-iompar agus bíonn níos mó daoine ag taisteal. Tá dlúthnaisc idir tionchair iompair ar shláinte an duine, an comhshaol agus athrú aeráide, agus an rogha breosla. Tá fáil cheana féin ar bhreoslaí ionadúla, glana, leictreachas san áireamh, agus d’fhéadfaí glacadh leo mar roghanna inmharthana i gcomparáid le peitreal agus díosal a úsáid. Tá ról tábhachtach ag fad turais i gcinneadh a dhéanamh maidir le hoiriúnacht an chineáil bhreosla.
-
Astaíochtaí agus éifeachtúlacht feithiclí — 08 Sep 2016
- Is é iompar de bhóthar á thiomáint ag breosla iontaise an fhoinse is suntasaí de thruailliú aeir a bhaineann le hiompar. Scaoiltear truailleáin ó gach feithicil ó roinnt foinsí.
-
Nochtadh ar thruailliú aeir i gcathracha — 08 Sep 2016
- Tá go leor Eorpach á nochtadh do leibhéil dhíobhálacha truaillithe aeir. Tá suas le 30 % d’Eorpaigh atá ina gcónaí i gcathracha á nochtadh do leibhéil truailleán aeir a bhfuil caighdeáin cháilíocht aeir an AE á sárú acu. Agus tá thart ar 98 % d’Eorpaigh atá ina gcónaí i gcathracha á nochtadh do leibhéil truailleán aeir, rud atá díobhálach don tsláinte de réir treoirlínte níos déine na hEagraíochta Domhanda Sláinte.
-
Truailliú torainn san Eoraip — 08 Sep 2016
- Is fadhb chomhshaoil atá ag dul i méid é an truailliú torainn ó roinnt foinsí. Tá éifeachtaí díobhálacha an truaillithe torainn le tabhairt faoi deara i bhfolláine daonraí daonna nochta, i sláinte agus dáileadh fiadhúlra, agus i gcumas leanaí foghlaim ar scoil.
-
Spriocanna AE chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú — 08 Sep 2016
- Tá roinnt spriocanna AE sonraithe chun an tionchar atá ag iompar ar an gcomhshaol san Eoraip a laghdú, a ghás ceaptha teasa san áireamh. Is cuid de chuspóir foriomlán an AE iad spriocanna na hearnála iompair astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80–95 % faoi 2050.
-
Gaistíonn inbhéartú teochta truailliú ag leibhéal na talún — 08 Sep 2016
- Is mó seans atá ann go dtarlóidh teagmhais truaillithe faoi choinníollacha inbhéartaithe teochta. I rith tréimhsí fadaithe d’ardbhrú i míonna an gheimhridh, sroicheann grianradaíocht an talamh, agus téitear an talamh. San oíche, ciallaíonn easpa brat scamall go gcailleann an talamh teas go tapa agus go n éiríonn an t-aer a dhéanann teagmháil leis an talamh níos fuaire. Ardaíonn an t-aer níos teo agus feidhmíonn sé mar chlaibín, coimeádann sé an t-aer níos fuaire gar don talamh. Coimeádtar truailliú, truailliú ó thrácht ar bhóithre san áireamh, rud a chiallaíonn go n éiríonn an ciseal aeir is gaire don talamh níos truaillithe agus níos truaillithe. Leanann sé seo ar aghaidh go dtí go n-athraíonn na coinníollacha meitéareolaíocha atá i dtreis.
Permalinks
- Permalink to this version
- e884e30a8c0e4eada92515445cd089c5
- Permalink to latest version
- YB4EU2QKM0
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/media/graffeg-gwybodaeth or scan the QR code.
PDF generated on 19 May 2022, 01:29 AM
Document Actions
Share with others