next
previous
items

Article

Artach — Cén fáth ar chóir dom a bheith buartha faoin Artach?

Article Published 22 Mar 2010 Last modified 21 Mar 2023

Socraíonn Dines Mikaelsen a raidhfil i gcoinne ceann an bháid atá ag luascadh go bog, déanann sé an cuasán a lódáil agus deireann sé lena chomhghleacaithe a bheith ciúin. Tá roinnt iarrachtaí curtha ar strae cheana féin ag an sealgaire Ionúiteach. Tarraingíonn sé an truicear. Cloistear macalla den phléascadh ard ar na hoighearshruthanna agus thiteann rón chun talaimh ar fhad páirc peile uaidh.

Cuirtear néal ar cheithre chompánaigh de chuid Dines — atá ina dturasóirí. Tháinig siad chun an cineál seo ruda a fheiceáil ach fós cuireann sé néal orthu. Is compánaigh réasúnta nua fós iad Dines agus na turasóirí ar a bhfuil sé ag brath anois le haghaidh sciar mhaith dá chuid airgid. Cé go maireann cultúir eile beagnach go hiomlán ar sceanta feola a bhíonn clúdaithe i gceallafán, tá fiach agus foirmeacha traidisiúnta de thréadaíocht ainmhithe fós i gcroílár na gcultúr ar fud an Artaigh.

Tá cultúr agus tírdhreacha an Artaigh, díreach cosúil le gnó turasóireachta beag de chuid Dines, á mhúnlú le dhá fhórsa cumhachtach anois: domhandú agus athrú aeráide. Le domhandú tá MTV, iPods, córais seoltóireachta den scoth agus nochtadh níos fearr don domhan allamuigh againn anois. Mar thoradh ar athrú aeráide tá an tírdhreach reoite á aistriú, ag leá oighearshruthanna agus ag oscailt bealaí farraige. Leis seo tá deiseanna nua ann. Den chéad uair riamh tá longa cúrsála ag dul go Tasiilaq, an sráidbhaile ina chónaíonn Dines ar oileán Ammassalik ar chósta sceirdiúil in oirthear na Graonlainne. In 2006, tháinig ceithre long cúrsála; an bhliain ina dhiaidh sin tháinig ocht gcinn. ’Cúig bliana ó shin, ní raibh aon chuileoga le feiceáil i dTuaisceart na Graonlainne. Tá siad le feiceáil anois áfach. Anseo tagann na cuileoga mí níos luaithe ná mar a thagaidís tráth,’ arsa Dines. Chomh maith leis sin is léir go bhfuil sé i bhfad níos teo. Tá teocht an tsamhraidh i dTasiilaq imithe chomh hard le 22 céim sna samhraí le blianta beaga anuas —níos airde ná mar a taifeadadh riamh roimhe sin.

Truailliú agus beathú cíche(18)

Tá roinnt truailleáin dainséaracha, lena n-áirítear ceimicí talmhaíochta, lasairmhoillithí, agus trom-mhiotail ag dul i bhfeidhm ar an Artach agus ar na daoine atá ag cónaí ann ar feadh na blianta.

Iompraítear truailliú ó áit amháin go dtí an tArtach ag an ngaoth agus ag an bhfarraige. De bharr na teochta ísle, ní éiríonn le truailleáin ar nós DDT briseadh síos agus fanann siad san uisce ina áit. De réir mar a ionsuíonn fíochán sailleach iad, ar nós feoil an róin, iompraítear na ceimicí seo go dtí an comhphobal áitiúil. I gcodanna áirithe den Artach moltar do mháithreacha a bhfuil leanbh cíche acu beathú a linbh a fhorlíonadh le bainne púdraithe chun méid a neamhchosanta i leith na ceimicí a laghdú.

Cad atá ag tarlú san Artach?

Tá an tionchar is mó den athrú aeráide le feiceáil san Artach. Tá teocht san Artach tar éis méadú faoi dhá oiread an meán domhanda le 50 bliain anuas.(19) Rinne Suirbhé Catlin an Artaigh, a rinneadh in earrach na bliana 2009, suirbhé ar oighear thar bhealach 280 míle ar fhad le hais Mhuir Beaufort, lonnaithe ar dhroim Thuaidh an Artaigh. Bhí doimhneacht sé throigh ag an oighear agus gan é ach aon bhliain d’aois, ar an meán. Tá oighear farraige níos sine, níos tibhe agus níos seasta ag imeacht as radharc. In 2008 bhí na bealaí loingseoireachta Thiar-Thuaidh agus Thoir-Thuaidh tríd an Artach inseolta ag báid ar feadh tréimhse gairide sa samhradh den chéad uair riamh ón uair a tosaíodh ag coimeád taifid.

Ba bhaol na dtionchar a bheith ina chúis díobhála do líonra teolaí na n-éiceachóras Artach a scrios, atá ag athrú go gasta cheana féin. Is cúis imní é oighear farraige Artach ach go háirithe. Cónaíonn éagsúlacht speiceas san oighear agus san fharraige thíos faoi — agus tá siad go léir i mbaol de bharr téamh domhanda.

Tá béir bhána ag fáil bháis leis an ocras toisc go bhfuil an t-oighear is cóngaraí don fharraige, an áit ab fhearr leo a bheith, ró-thanaí dóibh. Tá séasúr an earraigh, an séasúr is flúirse ag dul amú ar éin ar síobadh a chaitheann an samhradh san Artach, toisc go dtarlaíonn sé anois trí seachtaine níos luaithe — sula dtagann siad.

Céard é an tArtach?

Is limistéar ollmhór é an tArtach, ag clúdach aon séú de thalamh an domhain; ceithre amchrios is fiche agus níos mó ná 30 milliún ciliméadar2. Tá formhór an Artaigh clúdaithe ag an aigéan, suas le 4 chiliméadar i ndoimhneacht, ach tá limistéir talún móra ann chomh maith.

Tá thart ar 4 mhilliún duine ag cónaí san Artach, lena n-áirítear níos mó ná 30 pobal dúchasach. Tá dúichí i réigiún an Artaigh ag ocht stáit (Ceanada, an Danmhairg/an Ghraonlainn, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua, Cónaidhm na Rúise, an tSualainn agus na Stáit Aontaithe). Is balltíortha na Gníomhaireachta Comhshaoil Eorpach iad cúig cinn de na stáit seo, le trí cinn astu sin ina Bhallstáit de chuid an AE.

Cén fáth ar chóir dom a bheith buartha faoin Artach?

Do mhórán dúinn, is amhlaidh go bhfuil an tArtach an-iargúlta i dtéarmaí tíreolaíochta agus ábharthachta de. Mar sin féin, tá ról ríthábhachtach ag an réigiún maidir le haeráid an domhain a rialú. Má leanann athrú aeráide ar aghaidh ag na rátaí atá tuartha, beidh tionchair tromchúiseacha aige dúinn go léir.

Tá ról ríthábhachtach ag an tuaisceart agus ag an deisceart maidir le haeráid an Domhain a rialú — iad ag feidhmiú mar ár gcóras fuaraithe. Ionsóidh an Domhan tuilleadh teasa ón ngrian agus aistreoidh feachtaí farraige de bharr brat sneachta laghdaithe. Téann an tAigéan Artach, meascán de fhionnuisce leáite agus uisce farraige, i bhfeidhm ar fheachtaí farraige ar fud an domhain. Creideann roinnt eolaithe gur féidir leis an iomad fionnuisce leáite roinnt de na feachtaí farraige seo a ‘mhúchadh’ le ról ríthábhachtach acu san aeráid níos faide ó dheas.

Cónaíonn na milliúin daoine sa réigiún Artach chomh maith, a lán díobh ó phobail dhúchasacha uathúla. Tá na pobail seo agus a gcultúir i mbaol freisin.

Gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua san Artach

Agusoighear farraige agus oighearshruthanna Artacha ag leá, osclófar limistéir nua le bheith saothraithe ag an duine. Is dóchúil go méadóidh mórán gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Artach sa todhchaí. Beidh iascaireacht ar siúl níos faide ó thuaidh nuair a théann an t-oighear siar; bainfear sochar as acmhainní ola agus gáis go háirithe san Artach; tá turasóireacht ag méadú cheana féin; is dóchúil go dtiocfaidh borradh ar loingseoireacht i gcomhréir le honnmhairithe acmhainní Artacha.

D’fhéadfadh iompar earraí idir ilchríocha tarlú le huisce níos oscailte agus oighear níos tanaí, ach bheadh forbairt long agus bonneagair riachtanach. D’fhéadfadh méadú teacht ar úscadh mianraí, adhmaid agus acmhainní eile chomh maith. D’fhéadfadh na náisiúin Artacha éagsúla dul in iomaíocht lena chéile le haghaidh smacht ar acmhainní, ar chríoch agus ar bhealaí loingseoireachta. Is dúshlán suntasach é na tairbhí poitéinsiúla agus na rioscaí a bhaineann le hArtach níos teo (ar nós doirteadh ola agus tionchair chomhshaoil) a chomhordú — dúshlán a lorgaíonn athruithe sa slí ina rialaítear an tArtach faoi láthair.

Rialachas comhshaoil

I gcodanna eile den domhan, is ionann an dúshlán comhshaoil agus éiceachórais damáistithe a athchóiriú. San Artach, tá seans againn fós comhshaol uathúil a chosaint. Tá an córas rialachais reatha san Artach an-ilroinnte. Cé go bhfuil raon fhairsing comhaontuithe idirnáisiúnta i bhfeidhm san Artach, ní dearnadh iad go sainiúil don réigiún agus ní hionann a bhforfheidhmiú i ngach stát, fiú sna stáit Artacha.

I mí na Samhna 2008 chuir an Coimisiún Eorpach páipéar i láthair ag imlíniú sainleasa an AE sa réigiún agus ag moladh gníomhaíochtaí do Bhallstáit agus institiúidí an AE. Is ionann é agus an chéad chéim i dtreo beartas Artach AE comhtháite. Is iad príomh chuspóirí an AE ná:

an tArtach a chosaint agus a chaomhnú in aontacht lena dhaonra

úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní a chur chun cinn

cur le rialachas iltaobhach feabhsaithe an Artaigh

Béir bhána ar aiste bia neamhdheonach

De bharr athrú aeráide tá béir bhána ag éirí níos éadroime toisc go mbíonn an t-oighear ag leá níos luaithe agus níos luaithe gach earrach, de réir ‘Signs of Climate Change in Nordic Nature’, tuarascáil nua de chuid Comhairle na nAirí Nordach. Leis an gcoscairt níos luaithe tá srian ar líon na rón ar féidir leis na béir fiach. I gcodanna áirithe den Artach is ionann meáchan an bhéir bhaineann meánach agus 225 cileagram anois, meáchan atá 25 % níos lú ná mar a bhí fiche bliain ó shin. Má leantar leis seo tá baol ann go n-imeoidh an béar bán ó radharc ar fad i gcodanna den Artach.

Aithníonn an tuarascáil táscairí a chabhróidh tionchar an athraithe aeráide a chainníochtú agus a leanfaidh forbairtí sna héiceachórais Nordacha. Déanann na 14 tháscaire cur síos ar thionchar an téimh dhomhanda ar shéasúir fáis agus pailine, agus stoic éisc agus planctóin mar shampla. Tá an séasúr pailine ag tosú i bhfad níos luaithe anois, le tionchar níos mó ar dhaoine a bhíonn ag fulaingt ó ailléirgí. I gcodanna den Danmhairg, an Iorua agus an Íoslainn tosaíonn an séasúr pailine beithe mí níos luaithe ná mar a thosaigh sé sna 1980aidí, mar shampla.

18 Measúnú Amap 2009: Sláinte Daonna san Artach

19 IPCC Ceathrú Tuarascáil Measúnaithe (4AR), Achoimre don Lucht Déanta Beartais, 2007.

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions