next
previous
items

Article

An t-uisce a ithimid — talmhaíocht agus an costas trom a bhaineann le h-uisciú

Change language
Article Published 10 Jun 2009 Last modified 11 May 2021
Photo: © Griszka Niewiadomski/Stock.xchng
Cuireann an talmhaíocht dianbhrú atá ag dul i méid ar acmhainní uisce na hEorpa, ag bagairt ganntanas uisce agus damáiste d'éiceachórais. D'fhonn úsáid inbhuanaithe uisce a bhaint amach, caithfear na dreasachtaí praghais, an chomhairle agus an cuidiú ceart a thabhairt d'fheirmeoirí.

Tá bia ceangailte go hintreach le folláine an duine. Lasmuigh den tábhacht a bhaineann le bia folláin don tsláinte agus lasmuigh den taitneamh a bhainimid as a bheith ag ithe, tá ról lárnach ag an táirgeacht talmhaíochta ó thaobh tacú le slí bheatha an duine aonair agus leis an eacnamaíocht go ginearálta.

Ach ídíonn an táirgeacht bia a lán uisce freisin – acmhainn atá díreach chomh tábhachtach freisin. Is í an talmhaíocht is cúis le 24 % d’astarraingt uisce san Eoraip agus cé go gceapfadh duine gur beag an méid sin i gcomparáid leis an 44 % a astarraingítear le haghaidh fuaraithe sa táirgeacht fuinnimh, is mó go mór a thionchar ar chúltaiscí uisce. Cé go dtéann an chuid is mó d’uisce fuaraithe ar ais isteach i ndobharlach, i gcás na talmhaíochta is minic nach dtéann ach an tríú cuid.

Chomh maith leis sin, ní úsáidtear uisce talmhaíochta go cothrom. I roinnt de na réigiúin dheisceartacha san Eoraip, an talmhaíocht is cúis le níos mó ná 80 % d’astarraingt uisce. Agus tarlaíonn an astarraingt is mó de ghnáth sa samhradh nuair is lú a bhíonn teacht ar uisce, rud a uasmhéadaíonn na tionchair dhíobhálacha ghaolmhara.

Déanann tuarascáil nua ón EEA, Water resources across Europe — confronting water scarcity and drought [Acmhainní uisce ar fud na hEorpa — dul i ngleic le ganntanas uisce agus triomach] , cur síos ar thionchair thromchúiseacha na ró-astarraingthe. Méadaíonn róshaothrú acmhainní an dóchúlacht go dtarlóidh ganntanais throma uisce le linn tréimhsí tirime. Ach ciallaíonn sé freisin go dtagann laghdú ar cháilíocht an uisce (mar gur lú a chaolaítear truailleáin) agus gur baol go rachaidh an sáile isteach sa screamhuisce i réigiúin an chósta. D’fhéadfadh sé cur isteach go trom ar éiceachórais abhann agus locha freisin, le dochar á dhéanamh do phlandaí agus d’ainmhithe nó iad á marú, nuair a thiteann na leibhéil uisce nó nuair a thriomaíonn siad ar fad.

Tá na torthaí soiléir le feiceáil i roinnt mhaith de réigiúin dheisceartacha na hEorpa. Mar shampla:

  • in Imchuach Konya sa Tuirc, astarraingt le haghaidh uiscithe — cuid mhaith de tógtha ó thobair a druileáladh go neamhdhleathach — is cúis leis an laghdú mór ar achar dromchla an dara loch is mó sa tír, Loch Tuz;
  • i Má Argolid sa Ghréig, is féidir tocsaineacht clóiríde de dheasca ionsá sáile a fheiceáil i ndónna duille agus i lomadh; thriomaigh tollphoill nó tréigeadh iad mar gheall ar an iomarca salandachta;
  • sa Chipir, de dheasca ganntanas trom uisce sa bhliain 2008 ba ghá uisce a allmhairiú le tancaeir, soláthar uisce do thithe a laghdú agus praghsanna a mhéadú go mór.

Dreasachtaí lochtacha

Is léir go bhfuil úsáid uisce sa talmhaíocht ag éirí neamh-inbhuanaithe i roinnt áiteanna san Eoraip, rud a thugann le fios go bhfuil teipthe ar mheicníochtaí rialúcháin agus praghsála an t-éileamh a bhainistiú go héifeachtúil.

Iompaíonn feirmeoirí ar mhodhanna uiscithe atá dian ar uisce mar gheall ar na gnóthachain táirgiúlachta atá ar fáil. Sa Spáinn, mar shampla, táirgeann an 14 % den talamh talmhaíochta a uiscítear níos mó ná 60 % den luach iomlán de tháirgí talmhaíochta.

Is léir, ámh, nach n-uisceoidh feirmeoirí murar mhó na gnóthachain bhreise ná na costais a bhaineann le córais uiscithe a chur isteach agus le méideanna móra uisce a astarraingt. Maidir leis seo, tá beartais náisiúnta agus Eorpacha tar éis dreasachtaí lochtacha a chruthú. Is annamh a íocann feirmeoirí an costas acmhainne agus comhshaoil iomlán a bhaineann le córais mhóra uiscithe a bhainistítear go poiblí (go háirithe mura fhorfheidhmítear go héifeachtúil dlíthe a chuireann cosc nó teorainn le hastarraingt). Agus go dtí go ndearnadh athchóirithe le déanaí, ba mhinic a bhí deontais AE ina ndreasachtaí um shaothrú dian ar uisce.

D’fhéadfadh an méid uisce a úsáidtear dá dheasca sin a bheith scanrúil. D’anailísigh WWF uisciú ceithre bharr sa Spáinn sa bhliain 2004 agus fuarathas gur úsáideadh beagnach 1 billiún m3 d’uisce, díreach ag táirgeadh barrachas os cionn cuótaí AE. Is mó é sin ná tomhaltas tí 16 milliún duine.

Is dócha go gcuirfidh athrú aeráide cuma níos measa ar an scéal. Ar dtús, cuirfidh samhraí níos teo agus níos tirime leis an mbrú ar acmhainní uisce. Sa dara háit, tá an AE agus a Bhallstáit tiomanta do 10 % de bhreosla iompair a bheith á sholáthar i bhfoirm bithbhreoslaí faoi 2020. Má úsáidtear barra fuinnimh reatha na chéad ghlúine chun freastal ar an éileamh ar bhithfhuinneamh atá ag dul i méid, is amhlaidh a thiocfaidh fás ar úsáid uisce talmhaíochta.

Cén treo anois?

Tá an talmhaíocht uiscithe lárnach do gheilleagair áitiúla agus náisiúnta i gcodanna den Eoraip. I limistéir áirithe, dá n-éireofaí as an uisciú d’fhéadfadh tréigean talún agus cruatan trom eacnamaíoch a bheith mar thoradh air. Caithfear uisce talmhaíochta a úsáid i slite níos éifeachtaí, dá bhrí sin, chun a áirithiú go mbíonn dóthain uisce ann ní hamháin don uisciú ach don phobal áitiúil, do thimpeallacht shláintiúil agus d’earnálacha eacnamaíocha eile chomh maith.

Is í an phraghsáil uisce an mheicníocht dreasachta is tábhachtaí um leibhéil úsáide uisce a chothromaíonn spriocanna eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta na sochaí. Léiríonn taighde go ndéantar póilíniú éifeachtúil ar astarraingt neamhdhleathach agus go laghdóidh feirmeoirí an t-uisciú nó go nglacfaidh siad bearta chun éifeachtacht uisce a fheabhsú, má thugann an phraghasáil na fíorchostais le fios, agus más de réir toirte a íoctar as uisce. Féadann fóirdheontais náisiúnta agus AE dreasachtaí breise a thabhairt chun teicnící coigilte uisce a ghlacadh.

Chomh luath is a bhíonn na dreasachtaí ann, is féidir le feirmeoirí roghnú as réimse teicneolaíochtaí, cleachtas agus barr chun úsáid uisce a laghdú. Arís tá ról ríthábhachtach ag rialtais anseo, ag soláthar faisnéise, comhairle agus oideachais chun a áirithiú go mbíonn feirmeoirí ar an eolas faoi na roghanna, agus ag tacú le tuilleadh taighde. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú gur laghdú seachas méadú ar an éileamh ar uisce talmhaíochta a bheidh mar thoradh air, má thugtar isteach barra fuinnimh chun freastal ar na spriocanna um bithbhreoslaí.

Ar deireadh, tar éis úsáid a bhaint as iarrachtaí chun éileamh a laghdú, is féidir le feirmeacha deiseanna a thapú freisin chun tarraingt as soláthar ailtéarnach. Sa Chipir agus sa Spáinn, mar shampla, úsáideadh fuíolluisce cóireáilte chun barra a uisciú agus bhí na torthaí spreagúil.

Permalinks

Document Actions