next
previous
items

Article

Bithfhuinneamh, má thiteann an lug ar an lag - Níl an t-aistriú ó ola go bithfhuinneamh saor ó bhaol

Change language
Article Published 16 Feb 2009 Last modified 11 May 2021
Ní haon ní nua é an bithfhuinneamh. Tá daoine tar éis bheith ag dó an adhmaid leis na mílte bliain anuas. Tugadh 'breoslaí iontaise', go príomha an gual agus an ola, chun cinn leis an réabhlóid thionsclaíoch i lár na 1800aidí. Tá breoslaí iontaise ag éirí níos deacra le teacht orthu agus le baint, níos daoire agus faoi réir géardhíospóireachta polaitiúla.

Tá an bithfhuinneamh ar tí éirí ina ghnó mór. Tá sé mar an fhoinse fuinnimh in-athnuaite is mó atá i réim (1) san Eoraip agus is dócha go méadófar a tháirgeadh go mór sna blianta amach romhainn. Táthar tar éis bithbhreoslaí a ardmholadh mar bhealach maith chun an t-iompar a ghlasú agus allmhairí ola daora a sheachaint.

Chonacthas ábhar na mbithbhreoslaí sna cinnlínte domhanda ar chúiseanna diúltacha sa bhliain 2008, den chuid is mó i ndáil le praghsanna bia bheith ag dul in airde. Tá saothar an EEA i leith bithbhreoslaí srianta do na hargóintí ina bhfabhar agus ina gcoinne. Fiú sa chás seo tá conspóid i gceist.

Tá priacail chomhshaoil nach beag, go príomha ó thaobh athrú um úsáid talún, leis an aistriú chuig táirgeadh bithfhuinnimh ar mhórscála. Is iad an ithir agus na plandaí an dá stóras CO2 is mór ar domhan — ina bhfaightear dhá oiread an méid carbóin agus atá inár n-atmaisféar. Scaoilfí ní ba mhó CO2 le tiontú na foraoise, na bportach agus na bhféarach ina n-iomláine chuig barra bithbhreosla ná mar a shábhálfaí leis.

Bheadh tionchair thromchúiseacha ar bhithéagsúlacht na hEorpa le haon mhéadú ar an táirgeadh de bharra arúla san Eoraip chun an t-éileamh bia agus breosla a shásamh araon, agus dhéanfadh sé dochar dár n-acmhainní ithreach agus uisce. Rachfadh na éifeachtaí iarmhartacha, ar a dtugtar 'athruithe úsáid talún indíreacha', i bhfeidhm in áiteanna eile ar fud an domhain: chuirfeadh réigiúin eile an domhain méadú lena dtáirgeadh bia leis an mbearna a líonadh de réir mar a chuirfeadh an Eoraip srian lena n-onnmhairí bia.D’fhéadfadh tionchair ar phraghsanna bia domhanda bheith cuibheasach mór. D’fhéadfaí na priacail laistigh den Eoraip a mhaolú ámh leis an rogha cheart barr agus le bainistiú ceart. Tairgtear buntáistí comhshaoil leis na bithbhreoslaí ón dramhaíl, ó iarmhairtí barr agus foraoiseachta mar shampla. Tá an EEA tar éis bheith ag féachaint sa chomhthéacs sin leis an gcaoi ina bhféadfadh forbairt teacht ar an mborradh bithfhuinnimh atá ar na bacáin, ag breithniú an féidir leis an bhfuinneamh atá ag teastáil uainn a sholáthar gan dochar a dhéanamh don chomhshaol.

Bith-bhéarlagair

Bithmhais: a thagraíonn d’ábhar bitheolaíochta beo agus nuabhásaithe. Féadann sé a bheith ó bharra, crainn, algaigh, iarmhair thalmhaíochta nó foraoise nó ó dhramhshreabhadh.

Bithfhuinneamh: gach cineál fuinnimh a dhíorthaítear ón mbithmhais, lena n-áirítear bithbhreoslaí.

Bithbhreosla: breoslaí iompair leachtacha de dhéanamh bithmhaise (2).

Mearbhogadh chuig nithe inathnuaite

Tá an Coimisiún Eorpach tar éis sprioc éigeantach a mholadh: ba cheart go mbeadh 20 % de gach fuinneamh Eorpach ag teacht ó earraí in-athnuaite (sin gach foinse in-athnuaite: gaoth, grian, tonn, s.rl. chomh maith leis an mbithfhuinneamh) faoin mbliain 2020. Freagraíonn earraí in-athnuaite faoi láthair do 6.7 % de thomhaltas fuinnimh na hEorpa. Tagann dhá dtrian de sin ón mbithmhais.

Tá an Coimisiún Eorpach fonnmhar bithbhreoslaí a chur chun cinn — breosla don iompar — óir an t-éagsúlú a bheith ríthábhachtach san iompar toisc a thuilleamaí ar an ola. Tá an earnáil iompair ag méadú na n-astuithe gáis cheaptha teasa agus ag ithe coigilteas astuithe a bhaineann na hearnálacha eile amach.>

Tá an Coimisiún tar éis moladh dá réir sin go soláthróidh bithbhreoslaí 10 % den bhreosla iompair bhóithre faoin mbliain 2020, más féidir iad a dheimhniú mar chinn inbhuanaithe. Léirítear sna sonraí ón mbliain 2007 go bhfuil an bithbhreosla mar 2.6 % den bhreosla iompair bhóithre san AE. Is amhlaidh d'fhonn 10 % a bhaint amach nach foláir don Aontas Eorpach táirgeadh agus allmhairí an bhithbhreosla a mhéadú ag tráth ina bhfuil na bithbhreoslaí ag lár díospóireachtaí casta éiceolaíochta agus eacnamúla. Tá níos mó díospóireachta timpeall sprioc bithbhreosla an AE.

Tá Parlaimint na hEorpa tar éis ráthaíocht a éileamh le déanaí go dtiocfaidh 40 % den sprioc 10 % ó fhoinsí nach mbeidh in iomaíocht leis an táirgeadh bia. Tá Coiste Eolaíochta an EEA féin tar éis foláireamh a thabhairt gur ró-uaillmhianach í an sprioc cion na mbithbhreoslaí a úsáidtear san iompar chuig 10 % faoin mbliain 2020 agus go mba cheart í a chur ar ceal.

Tionchair Dhomhanda – praghsanna bia agus athrú talamhúsáide


Bíonn tionchair dhíreacha agus indíreacha do-sheachanta ag cur chun cinn na mbithbhreoslaí agus an bhithfhuinnimh eile san Eoraip.

D’fhéadfaimis san Eoraip bithdhíosal ón ola shíol ráibe ar bhealach inbhuanaithe mar shampla, ach bheadh ní ba lú ola shíol ráibe ar fáil do tháirgeadh an bhia laistigh agus lasmuigh den Eoraip.

Is dócha gurb í an ola phailme a líonfaidh cuid den bhearna sin. Thiocfadh cailliúint roinnt foraoise báistí mar thoradh air sin áfach, agus crainn i dtíortha mar an Indinéis á dtreascairt le breis barr pailme a éascú.

Tá an t-éileamh bithbhreosla ar cheann den iliomad tosca ar fud an domhain atá ag cur leis an ardú deireanach um praghsanna bia, i dteannta le triomaigh in eochairthíortha táirgthe, tomhaltas feola méadaithe agus praghsanna ola ardaitheacha, srl. Measann an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) go gcuireann bearta reatha agus molta an AE agus SAM don bhithbhreosla méadú le praghsanna cruitneachta, arbhair bhuí agus ola ghlasra, faoi bheagnach 8 %, 10 % agus 33 %, faoi seach, sa mheántéarma.

Tá an tomhaltas bia méadaitheach sa domhan, agus an t-éileamh breise ar bhithbhreosla, ag cur le formhéadú i dtalamh arúil an domhain, agus na féaraigh nádúrtha agus foraoiseacha báistí ag laghdú dá réir. Baineann tábhacht le sin toisc go bhfuil an dífhoraoisiú agus nósanna feirmeoireachta freagrach as 20 % measta de na hastuithe gáis cheaptha teasa i láthair na huaire. Méadaíonn tiontú mórscála na bhforaoisí ina dtalamh arúil an cion sin agus tionchair thromchúiseacha aige sin ar an mbithéagsúlacht.

D’fhéadfadh an fiadhúlra agus cainníocht agus cáilíocht an uisce bheith thíos leis freisin má thiontaítear achar mór óna ngnáthóga nádúrtha nó ó cheantair fheirmeoireachta traidisiúnta isteach sa diantáirgeadh don bhithfhuinneamh.

 

Fig. 1 / Tomhaltas deiridh fhuinnimh na mbithbhreoslaí — mar % den tomhaltas deiridh fhuinnimh i mbreoslaí iompair bhóithre, AE-27. Foinse: Eurostat, 2007; faightear an figiúr ó EurObserv'ER, 2008.

Tionchair sofheicthe

Táthar tar éis torthaí agus patrúin a fháil ó na hiarrachtaí eolaíochta le déanaí tionchair an táirgthe bithfhuinnimh mhéadaithe a mheas, agus tá fonn ar an EEA aird a tharraingt orthu siúd.

Baineadh leas as íomhánna satailíte agus suirbhéanna talún mar chuid de staidéar sa Bhrasaíl le taispeáint go bhfuil comhghaol idir an ráta tiontaithe foraoise ina talamh arúil san Amasóin le praghsanna domanda an tsoighe – dá airde praghas an tsoighe, is ea is mó foraoise báistí a leagtar. Agus is beag amhras atá ann go bhfuil an t-éileamh ar bhitheatánól taobh thiar den phraghas de réir mar a thiontaítear acraí pónairí soighe ina mbarra arbhair do bhitheatánól SAM.

Idir an dá linn, ab amhlaidh a bhain Tim Searchinger agus taighdeoirí ó Ollscoil Purdue, SAM, leas as samhail dhomhanda agrai-eacnamúil chun taiscéaladh conas a d’fhéadfadh saothrú mórscála an arbhair agus an féar craobhóige (Panicum virgatum) don bhitheatánól i SAM táirgeadh na mbarr bia in áiteacha eile ar domhan, mar a dtiontaítear foraoisí agus féaraigh ina dtalamh arúil leis an mbearna bia a líonadh.

Meastar ina gcuid taighde go mbeidh na hastuithe gáis cheaptha teasa a bhaineann leis an mbitheatánól níos airde ná iad siúd a bhaineann le húsáid breosla ion-taisí, ar feadh 50 bliain nó níos mó. Is amhlaidh sin toisc go bhfeidhmíonn féarach agus foraois mar stórais CO2. Bheadh an fheidhm stórála sin ídithe dá dtiontófaí iad ina gcineál bairr a d’oirfeadh do tháirgeadh an bhithbhreosla. Thógfadh sé blianta fada an tairbhe bheith in uachtar ar na gnéithe diúltacha.

Is deacair na tionchair a thomhas ar an mbithéagsúlacht agus ar acmhainní nádúrtha ar nós an uisce. Cuir i gcás táirgeadh méadaithe an arbhair i meán-Iarthar SAM, a chuireann i mbaol na beartha mara i Murascaill Mheicsiceo, mar ar cruthaíodh crios marbh ní ba mhó ná 20 000 km 2 ag na hionchuir ardchothaithigh ón Mississippi. Dar le staidéar amháin le déanaí, méadófar trí shásamh spriocanna na bliana 2022 atá i mbille fuinnimh SAM na hualaigh nitrigine sa Mississsippi faoi 10–34 %.

Ag múnlú na todhchaí

Measadh i staidéar EEA thiar sa bhliain 2006 go bhféadfaí 15 % d’éileamh fuinnimh réamh-mheasta na hEorpa a shásamh sa bhliain 2030 leis an mbithfhuinneamh a dhíorthaítear ó tháirgí talmhaíochta, foraoiseachta agus dramhaíola, trí úsáid a bhaint as acmhainní Eorpacha. Tagraítear don mheastachán mar 'chumas bithmhaise' na hEorpa. Leagadh síos tacar coinníollacha a thugann cosaint don bhithéagsúlacht agus íoslaghdú na dramhaíola lena chinntiú nach mbeadh an 'cumas bithmhaise' ag déanamh dochair don chomhshaol.

Dá éis sin, bhain an EEA leas sa bhliain 2008 as samhail Green-XENVIRONMENT, a dearadh ar dtús chun staidéar a dhéanamh ar mhargaí leictreachais, chun anailís a dhéanamh ar an gcaoi chun leas a bhaint as an 'gcumas bithmhaise' sin a oireann don chomhshaol ar an mbealach is costéifeachtaí ó thaobh dearcadh an chomhshaoil de.

Moltar sa staidéar gurb é an bealach is costéifeachtaí chun leas a bhaint as an gcumas bithmhaise 'samhaltaithe' le 18 % de theas na hEorpa, 12.5 % dá leictreachas agus 5.4 % dá breosla iompair ón mbithmhais a sholáthar faoin mbliain 2030.

Trí úsáid an bhreosla iontaise a laghdú sna trí earnáil go léir d’fhéadfaí 394 milliún tona d’astuithe dé-ocsaíde carbóin a bhaint amach faoin mbliain 2020. Bhainfí laghduithe astuithe ní ba mhó amach fiú dá gcuirfí beartais i bhfeidhm chun tús áite a thabhairt do leas na teicneolaíochta chumhacht is teas in éineacht (CTÉ) um leictreachas agus giniúint an teasa. Saothraíonn an próiseas sin an teas atá mar seach-tháirge ón táirgeadh fuinnimh.

Baineann costais leis sin ar ndóigh. Is daoire é feabhsú na húsáide bithfhuinnimh faoi thuairim 20 % ná samhail chomhchosúil den ghnáthfhuinneamh faoin mbliain 2030. Ba iad na tomhaltóirí faoi dheireadh thiar a bheadh thíos leis an gcostas sin.

Tugann forbairtí ó cuireadh tús leis an saothar sin, go háirithe méaduithe sna praghsana bia domhanda, le fios go bhfuil na meastacháin 'chumais bhithmhaise' ró-ard: is dócha go mbeidh níos lú talún ar fáil san Eoraip as barra bithfhuinnimh a shaothrú. D’fhéadfadh praghsanna arda freisin dul i bhfeidhm ar na torthaí.

Tagann teachtaireacht shoiléir aníos áfach ón gcleachtadh sin: b’fhearr ó thaobh costas agus maolú an athraithe aeráide, tús áite a thabhairt don bhithfhuinneamh i gcomhair leictreachais agus ghiniúint an teasa trí leas a bhaint as gléasraí CTÉ seachas díriú ar bhreosla don iompar.

Ag féachaint chun cinn

Teastaíonn beartais daingne uainn ag an leibhéal idirnáisiúnta leis na tionchair diúltacha a gcuirtear síos orthu thuas chun rannchur athruithe úsáide talún le fadhbanna comhshaoil a chosc san fheachtas i dtreo an bhithfhuinnimh. Tá gné dhomhanda shoiléir leis an dúshlán, agus teastaíonn díospóireacht dhomhanda uainn faoin gcaoi deireadh a chur leis cailliúint na bithéagsúlachta agus aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide ag an aon am amháin, agus ag tabhairt san áireamh an éilimh dhomhanda ar tháirgeadh bia méadaithe agus an ardaithe ionaigh um praghas na hola.

Creideann taighdeoirí an EEA go mba cheart go bhféachfadh an Eoraip go gníomhach leis an oiread bithfhuinnimh agus is féidir a ghiniúint laistigh dá chríocha, agus cóimheá á buanú idir táirgeadh bia, breosla agus snáithíní, agus gan dochar a dhéanamh do sheirbhísí éiceachórais. Ba cheart dúinn bogadh ar aghaidh ó na bithbhreoslaí, agus tosú chun dul i mbun taighde agus forbartha ar ard-bhithbhreoslaí (féach ar an mbosca). Agus beartaímis de réir gach tionchar comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtaí ar an ithir, uisce agus bithéagsúlacht chomh maith le hastuithe gáis cheaptha teasa. Is ar an gcaoi sin is féidir leis an AE bheith i gceannas ar thógáil earnála bithfhuinnimh ar fíor-inbhuanaithe í.

 

Geallúint na chéad ghlúine eile

Féadtar leas a bhaint as éagsúlacht stoc fotha neamhbhia leis na próisis táirgthe bithbhreosla den dara glúin. Áirítear leo sin bithmhais dramhaíola, adhmad, gais chruithneachta nór arbhair, agus barra speisialta fuinnimh nó bithmhaise ar nós an mhioscantais.

Féadann laghduithe nach beag teacht ar astuithe gáis cheaptha teasa ó bhithbhreoslaí den dara glúin, agus féadann siad laghdú a chur le héifeachtaí diúltacha eile ar nós úsáid leasachán, ach ní dócha go mbeidh siad ar fáil in am chun cur go sonrach leis an sprioc 10 % de bhithbhreoslaí iompair faoin mbliain 2020 a shásamh. Teastaíonn i bhfad níos mó taighde i leith na bpróiseas táirgthe agus na tionchair agus deiseanna a bhaineann leo. Is dócha leis sin go bhfanfaidh iomaíocht i réim ar thalamh agus uisce idir sainbharra fuinnimh agus barra bia.


Tagairtí

Donner, S. D. agus Kucharik, C. J., 2008. Corn‑based ethanol production compromises goal of reducing nitrogen expert by the Mississippi river. Proceedings of the National Academy of Sciences, iml. 105: 4 513–4 518.

EEA, 2006. How much bioenergy can Europe produce without harming the environment. Tuarascáil an EEA Uimh 7/2006.

EurObserver. Biofuels Barometer: http://www. energies‑renouvelables.org/observ‑er/stat_baro/ observ/baro185.pdf.

OECD, 2008. Economic assessment of biofuel support policies. An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíocht, Páras.

(1) Áirítear leis an bhfuinneamh in-athnuaite fuinneamh a dhíorthaítear ón ngaoth, farraige, grian, hidreachumhacht, s.rl.

(2) Is féidir leas a bhaint as an téarma bithbhreosla i leith gach breosla (cinn soladacha, leachtacha nó gáis) i gcomhair aon chuspóir a dhíorthaítear ón mbithmhais. Tagraíonn sé i gcomhthéacs na hanailíse seo ámh go sonrach do bhreoslaí don iompar

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions