next
previous
items

Article

I dtreo na hinbhuanaitheachta domhanda

Change language
Article Published 17 Nov 2015 Last modified 18 May 2021
Photo: © Leyla Emektar, Picture2050 /EEA
I Lúnasa na bliana seo, tháinig 160 tír ar chomhréiteach maidir le Clár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe. Agus níos déanaí sa mhí seo i Nua-Eabhrac, glacfaidh Cinn Stáit an Clár Oibre sin, mar aon le Cuspóirí agus Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe. Murab ionann is na spriocanna a bhí ann roimhe seo, ceapadh na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe (SFInna) le haghaidh tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha araon, agus dírítear ar raon leathan ábhar a bhaineann le forbairt inbhuanaithe. Tá gnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol, le húsáid acmhainní agus leis an athrú aeráide ag gabháil le cuid mhór de na 17 SFI.

Is cúis spreagtha é an tiomantas níos domhanda agus níos cuimsithí don inbhuanaitheacht atá le feiceáil anois. Céim sa treo ceart atá san aitheantas gur dúshlán agus riachtanas í an fhorbairt inbhuanaithe do thíortha forbartha agus do thíortha i mbéal forbartha.

Sa chomhthéacs sin, tá an cuspóir foriomlán a bhaineann leis an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais Eorpaigh ag teacht leis na SFInna: 'In 2050, beidh dea-chaighdeán maireachtála againn, taobh istigh de theorainneacha éiceolaíochta an phláinéid'. Tá líon suntasach beart éagsúil déanta ag an AE chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ach mar gheall ar dhomhandú an gheilleagair agus an chomhshaoil, is deacair ar thíortha nó ar ghrúpaí tíortha atá ag gníomhú le chéile (amhail an AE) fadhbanna comhshaoil a réiteach ina n-aonar. Mar shampla, cibé áit a scaoiltear iad, cuireann astaíochtaí gáis cheaptha teasa le tiúchan an gháis san atmaisféar, agus bíonn iarmhairtí acu in áiteanna i bhfad ón bhfoinse — agus beidh ar feadh i bhfad sa todhchaí, b'fhéidir.

Mura ndéanfar iarracht dhomhanda chun dul i dtreo na fíor-inbhuanaitheachta, cuirfear folláine agus cáilíocht na beatha i mbaol ar fud an domhain. Inár dtuarascáil 'Comhshaol na hEorpa — staid agus forbhreathnú 2015' (SOER 2015), léirítear go gcuireann na nósanna tomhaltais agus táirgeachta atá ann faoi láthair feabhas ar cháilíocht na beatha — agus go gcuirtear i mbaol í ag an am céanna.

Ag teannadh leis na teorainneacha

Sa tuarascáil SOER 2015, tugtar le fios gur cosúil go bhfuil ár ngeilleagair ag teannadh leis na teorainneacha comhshaoil is bun leo, agus go bhfuil cuid de na héifeachtaí a bhaineann le srianta fisiciúla agus na srianta ar acmhainní comhshaoil le brath cheana. Léiríonn na meastacháin atá ar fáil go bhfuil an tomhaltas iomlán domhanda ag sárú acmhainn athnuachana an domhain de bhreis is 50%. Is é sin a rá go bhfuilimid ag caitheamh níos mó ná an méid is féidir leis an domhan a tháirgeadh i dtréimhse ar leith gan an acmhainn táirgeachta a lagú.

Is cúis eile imní cuid de na mórthreochtaí domhanda. Sa lá atá inniu ann, breathnaítear ar níos lú ná 2 bhilliún den 7 mbilliún duine ar domhan mar thomhaltóirí meánaicme. Faoi 2050, táthar ag súil leis go mbeidh 9 mbilliún duine ar domhan, agus breis is 5 bhilliún acu sin sa mheánaicme. Mar gheall ar an bhfás seo, is dócha go n-éireoidh an iomaíocht dhomhanda d'acmhainní níos géire agus go mbeidh tuilleadh brú ar éiceachórais.

D'fhéadfadh an úsáid dhomhanda ábhar méadú faoi dhó faoi 2030. Táthar ag tuar go dtiocfaidh idir 30% agus 40% de mhéadú ar an éileamh domhanda ar fhuinneamh agus ar uisce san 20 bliain amach romhainn. Mar an gcéanna, meastar go dtiocfaidh 60% de mhéadú ar an éileamh iomlán ar bhia, bia ainmhithe agus snáithíní idir seo agus 2050.

Tá imní ann maidir le rochtain shlán ar sholáthar bunacmhainní mar gheall ar ghanntanas acmhainní agus an iomaíocht ag dul i méid. Mar thoradh ar an imní sin maidir le slándáil bhia, uisce agus fuinnimh, tá méadú tagtha ar cheannacháin thrasnáisiúnta talún le 5-10 mbliana anuas, i dtíortha i mbéal forbartha go háirithe.

An Eoraip agus an inbhuanaitheacht dhomhanda

Is gníomhaí tábhachtach é an tAontas Eorpach sa domhan mar tháirgeoir agus mar thomhaltóir. Maidir leis an gcuid is mó de na tíortha Eorpacha, sáraíonn an lorg éiceolaíoch an limistéar táirgiúil bitheolaíochta, nó an 'bhithacmhainn' atá ar fáil. Ina theannta sin, i ngeall ar an trádáil a dhéanann an AE leis an gcuid eile den domhan, tá cuid mhaith den bhrú ar an gcomhshaol a bhaineann le tomhaltas san AE le brath lasmuigh de chríoch an AE. Anuas air sin, tá méadú tagtha ar an gcuid de lorg comhshaoil ó éileamh an AE atá le brath lasmuigh de theorainneacha an AE le deich mbliana anuas i gcás úsáid talún, uisce agus ábhar, chomh maith le hastaíochtaí san aer.

Le blianta beaga anuas, tá plé á dhéanamh ar shaincheisteanna comhshaoil ó thaobh pointí claochlaithe, teorainneacha agus bearnaí de. Ach níl an cur chuige sin le brath fós i sochaithe, i ngeilleagair, i gcórais airgeadais, in ídé-eolaíocht pholaitíochta ná i gcórais saineolais, rudaí nach mbíonn ag feidhmiú de réir an smaoinimh go bhfuil teorainn le hacmhainní an domhain. Mar sin féin, tá méid teoranta príomhacmhainní ann, amhail uisce agus talamh.

I gcóras domhanda eacnamaíoch atá ag brath ar acmhainní teoranta agus ag tabhairt aghaidhe ar mhéadú ar an éileamh domhanda agus ar mheath ar an gcomhshaol, is é an geilleagar glas an t-aon rogha inmharthana. Tá athrú ó bhun ag teastáil chun geilleagar glas a thabhairt isteach, maidir leis an gcaoi a ndéanaimid earraí agus seirbhísí a tháirgeadh agus a chaitheamh, cathracha a thógáil, daoine agus earraí a iompar, bia a fhás agus mar sin de.

Ní gá go mbreathnófaí ar bheartais a cheaptar chun an geilleagar a ghlasú mar chonstaicí ná mar bhearta costasacha. Ina áit sin, is féidir deiseanna a dhéanamh díobh. Is iomaí earnáil den gheilleagar san Eoraip ar éirigh léi éileamh ar ábhair agus astaíochtaí a laghdú, nó a bhris an ceangal idir fás eacnamaíoch agus astaíochtaí.

Mar shampla, tháinig fás os cionn 50% ar earnáil an tionscail chomhshaoil idir 2000 agus 2011. Tá an earnáil sin ar cheann den bheagán earnálacha san AE atá faoi bhláth ó tharla an ghéarchéim airgeadais in 2008. Mar an gcéanna, d'fhéadfaí breathnú ar fhás an daonra agus ar an méadú ar iomaíocht i leith acmhainní mar fhórsaí a spreagfaidh an t-athrú cuimsitheach is gá. Féadfaimid tús a chur leis an iarracht chun freastal orthu trí chathracha spásphleanáilte a thógáil ar fud an domhain, lena ngabhann bunchórais, amhail fuinneamh, soghluaisteacht agus iompar, nach gcuireann brú ar an gcaipiteal nádúrtha agus atá chomh gar don chás 'saor ó charbón' agus 'saor ó dhramhaíl' agus is féidir.

Hans Bruyninckx
Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA

Eagarfhocal a foilsíodh in eagrán uimh. 2015/3 de nuachtlitir an EEA, Meán Fómhair 2015

Permalinks

Geographic coverage