next
previous
items

Article

Gach anáil a tharraingíonn tú - Caighdeán an aeir san Eoraip

Change language
Article Published 02 Mar 2009 Last modified 11 May 2021
* Carachtair fhicseanúla atá luaite sa scéal seo. Mar sin féin is sonraí cearta atá in úsáid. Is ar 27 Iúil 2008 a tharla an scéal seo tráth ar eisíodh rabhadh maidir le caighdeán an aeir sa Bhruiséil

Tá Anna 37 bliain d'aois agus tá cónaí uirthi i gcroílár na Bruiséile. Tá sé beartaithe aici féin agus a mac óg, Johan, dul ar thuras lasmuigh den chathair ghnóthach seo. Tá asma ar Anna agus tharraing a dochtúir aird ar an dainséar a chruthaíonn truailliú aeir, go háirithe ar laethanta te an tsamhraidh.

Tá scéalta cloiste ag Anna faoin gceo a bhíodh i Londain sna 1950aidí a mharaigh 2 000 duine in imeacht seachtaine. Is cuimhin léi nuair a bhí sí ag fás aníos a bheith ag breathnú ar na feasacháin nuachta agus ar na híomhánna d'éisc mharbha agus crainn mharbha nuair a tosaíodh ag trácht a chéaduair ar bháisteach aigéadach sna 1970aidí.

Tá truailliú aeir tagtha chun cuimhne Anna an athuair os rud é anois gur máthair í agus go raibh ráig asma aici le déanaí. Is é fírinne an scéil go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar astuithe a lán truailleán aeir ar fud na hEorpa ó bhí Anna ag fás aníos. Tá an t-aer atá á análú aici féin agus ag Johan i bhfad níos fearr ná an t-aer a bhíodh ann tráth agus áirítear an beartas aeir i measc ceann de na beartais is fearr a d’éirigh leis mar chuid d'iarrachtaí comhshaoil an AE. Go háirithe ciallaíonn an beartas AE go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar astuithe sulfair, an phríomhghné de bháisteach aigéadach.

I gcodarsnacht leis sin, níor déileáladh chomh héifeachtach céanna le nítrigin — príomhghné de 'bháisteach aigéadach' freisin — rud a chiallaíonn go bhfuil fadhbanna móra fós á gcruthú ag nítrigin. Tá cónaí ar chéatadán suntasach de dhaonra uirbeach na hEorpa i gcathracha ina sáraítear teorainneacha caighdeáin aeir an AE go minic, caighdeáin arb ann dóibh chun sláinte an duine a chosaint. Gach bliain, cailltear níos mó daoine ag aois ró óg san Eoraip mar gheall ar thruailliú aeir ná mar a chailltear i dtimpistí bóthair.

Níor comhlíonadh an sprioc Eorpach maidir le leibhéil chaighdeáin an aeir nach ndéanann damáiste do shláinte an duine nó don chomhshaol go fóill. Tugann anailís atá déanta ag an EEA le fios go gcaillfidh 15 de 27 Ballstát an AE ceann amháin nó níos mó dá spriocanna 2010 atá ina gceangal dlí chun truailleáin dochrach don aer a laghdú.

Ábhar cáithníneach agus ózón

Aithnítear dhá thruailleán anois, ábhar cáithníneach mín agus ózón ar leibhéal na talún, mar na truailleáin is suntasaí i dtéarmaí impleachtaí sláinte. D’fhéadfadh nochtadh fadtéarmach agus buaic-nochtadh éifeachtaí sláinte éagsúla a chruthú, idir riochtaí beaga an chórais riospráide agus bás anabaí.

Tá tionchar ag ábhar cáithníneach, téarma a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar cháithníní beaga bídeacha ó fhoinsí cosúil le píobáin sceite feithiclí agus soirn teaghlaigh, ar na scamhóga. D’fhéadfadh nochtadh dochar a dhéanamh do dhaoine de gach aois, ach tá daoine a bhfuil fadhbanna croí agus riospráide acu cheana féin go háirithe i mbaol.

Bunaithe ar na sonraí is déanaí ón EEA, ó 1997 i leith, d’fhéadfadh suas le 50 % de dhaonra uirbeach na hEorpa a bheith faoi thionchar comhchruinnithe ábhar cáithníneach sa bhreis ar an teorainn atá socraithe ag an AE chun sláinte an duine a chosaint. D’fhéadfadh suas le 61 % den daonra uirbeach a bheith faoi thionchar leibhéal ózóin a sháraíonn sprioc an AE. Meastar go bhfuil an t-ionchas saoil staitistiúil laghdaithe níos mó ná 8 mí mar gheall ar PM2.5 (ábhar cáithníneach mín) san aer.

Tá sé tugtha faoi deara ag an EEA cé go bhfuil laghdú tagtha ar astuithe an dá phríomh-thruailleáin seo ó 1997 i leith, go bhfuil na comhchruinnithe tomhaiste san aer a bhíonn á anáil againn fanta mórán mar a chéile. I láthair na huaire, níl a fhios againn cad chuige nár tugadh laghdú faoi deara i gcomhchruinnithe comhthimpeallacha ach d'fhéadfadh go bhfuil meascán fachtóirí i gceist: d'fhéadfadh teochtaí méadaithe mar gheall ar athrú aeráide tionchar a imirt ar chaighdeán an aeir; b’fhéidir go bhfuil tionchar ag truailliú ó ilchríocha eile orainn nó astuithe nádúrtha ózóin ag foirmiú substaintí eile a thagann ó chrainn, mar shampla.

Lá faoin tuath

Tá sé beartaithe ag Anna a mac Johan a thabhairt ar thuras lae amuigh faoin tuath. Sula bhfágann sí an t-árasán logálann sí isteach ar IRCEL, seirbhís ghréasáin de chuid an rialtais ar a mbíonn eolas faoi chaighdeán an aeir mórthimpeall na Beilge. Trí fhéachaint ar léarscáileanna, féadfaidh Anna léamha agus réamhaisnéisí maidir le hábhar cáithníneach, ózón, dé-ocsaíd nítrigine, dé-ocsaíd sulfair agus nithe eile a léamh. Cuirtear na sonraí a fhaightear ó na stáisiúin mhonatóireachta éagsúla ar fud na tíre ar fáil ar an ngréasán.

Buaicphointe eile a tharla le blianta beaga anuas is ea an feabhas atá tagtha ar mhonatóireacht agus ar infhaighteacht eolais maidir le truailliú aeir. Mar shampla, cuirtear sonraí áitiúla maidir le leibhéil ózóin faoi bhráid gné an EEA dar teideal 'Ozone web' (1), seirbhísí a thugann léargas ar a bhfuil ag titim amach ar fud na hEorpa.

Féachann Anna ar léarscáil den Bheilg, díríonn sí isteach níos cóngaraí ar stáisiún monatóireachta i gcroílár na Bruiséile, níos lú ná dhá chiliméadar óna baile.

Taispeánann an léamh, a rinneadh cúpla nóiméad níos túisce, ardleibhéil ózóin sa Bhruiséil. Go deimhin tugann an t-eolas ar an suíomh gréasáin le fios go mbeidh na leibhéil níos airde ná spriocluachanna an AE níos moille anonn sa lá agus arís an lá dár gcionn ( Figiúr 1).

Fágann Anna a hárasán agus tugann sí aghaidh ar an stáisiún Metro is gaire di, siúlóid 10 nóiméad. Amuigh ar an sráid, is furasta tionchar iomlán fhadhbanna tráchta na cathrach a fheiceáil — agus a bholú.

Cuireann astuithe ó phíobáin sceite carranna i gcroílár na Bruiséile, agus i ngach cathair mhór, isteach ar an gconair riospráide, ar na súile agus ar na scamhóga. Ansin tugann Anna agus Johan aghaidh ar a stáisiún traenach áitiúil agus as sin chuig an tuath.

Ní thógann sé i bhfad go sroicheann Anna agus Johan páirc náisiúnta lasmuigh den Bhruiséil. Tugann comhartha le fios dóibh go bhfuil siad ag tabhairt cuairte ar shuíomh Natura 2000 — suíomh amháin de líonra éiceolaíoch Eorpach, a bunaíodh chun gnáthóga nádúrtha a chosaint agus an bheatha ainmhíoch agus phlandúil a chothú.

Nitrigín

Ach céard go díreach é an boladh sin? Tá aoileach á spraeáil ag tarracóir ar pháirc nach bhfuil rófhada uathu. Measann Anna go bhfuil an boladh seo uafásach, ach ní mór cuimhneamh gur gné dháiríre de shaol na tuaithe é seo a léirítear ar bhealach i bhfad níos deise sna leabhair phictiúir a bhíonn á léamh ag Johan.

Is ann don bholadh géar seo de thoradh 40 substaint cheimiceach dhifriúil a thagann ón aoileach. Ina measc tá amóinia (NH3), comhdhúil sho-ghalaithe nítrigine. Má tá comhchruinnithe anard ann, bíonn NH3 loiscneach agus féadfaidh sé damáiste a dhéanamh don chonair riospráide. Níl na leibhéil anseo dochrach do shláinte an duine, áfach. Féadfaidh Anna a hanáil a tharraingt ar a suaimhneas, in ainneoin gur dóigh léi go bhfuil an t-aer lofa.

Is cothaitheach riachtanach sa nádúr é nítrigin. Úsáideann ár gcoirp foirmeacha de nítrigin imoibríoch chun próitéiní a chruthú. Mar sin féin, d’fhéadfadh barraíocht nítrigine fadhbanna dáiríre comhshaoil agus sláinte a chruthú.

Foirmítear báisteach aigéadach nuair a bhíonn ardleibhéil sulfair agus ocsaídí nítrigine san aer. Ceann de na gnéithe de bheartas truaillithe aeir ar éirigh leis le 10 mbliana anuas ba ea an laghdú suntasach a rinneadh ar astuithe déocsaíd sulfair. D’éirigh le 32 balltír an EEA astuithe sulfair a laghdú 70 % idir 1990 agus 2006. Ar an láimh eile, áfach, níor déileáladh chomh héifeachtach céanna le nítrigin.

Le hastuithe sulfair ag laghdú, is é nítrigin an phríomhghné aigéadaithe san aer. Is iad talmhaíocht agus iompar na príomhfhoinsí de thruailliú nítrigine. Tá talmhaíocht freagrach as ucht níos mó ná 90 % de na hastuithe amóinia (NH3).

Go tobann, imíonn Johan óna sheasamh agus titeann sé isteach i lár neantóg. Nuair a chabhraigh Anna le Johann a chosa a chur faoi arís agus é a ghlanadh, thug sí faoi deara go raibh neantóga ar fud na háite. Is maith is cuimhin léi neantóga a fheiceáil i ngairdín comharsan nuair a bhí sí ag fás aníos. Ansin d’fhás na neantóga mórthimpeall ar charn múirín a úsáideadh mar dhumpa d’aoileach éanlaithe ina dhiaidh sin.

Ní haon comhtharlú a bhí ann — is léir áit ar bith a bhíonn an planda neantúil seo ag fás go bhfuil comhchruinnithe arda nítrigine san ithir.

Is dócha gurb é 'Eotrófú' is cúis leis na neantóga ar fad a bhí mórthimpeall ar Johan. Tarlaíonn eotrófú nuair a bhíonn an iomarca cothaitheach ceimiceáin (cosúil le N) ar fáil d’éiceachóras, bíodh an t-éiceachóras sin ar thalamh nó ar muir. San uisce, d’fhéadfadh fás iomarcach plandaí agus lobhadh a bheith le tabhairt faoi deara, rud is cúis le héifeachtaí breise, ídiú ocsaigine san áireamh. Ar deireadh thiar plúchann éisc, ainmhithe agus plandaí eile mar go úsáidtear an soláthar ocsaigine ar fad.

Tugann an fhlúirse neantóg anseo le fios, in ainneoin gur gnáthóg chosanta é, nach bhfuil an suíomh Natura 2000 saor ó shil-leaganacha nítrigine aeriompartha. Níl cosaint ar bith le fáil ón bhfál atá mórthimpeall an cheantair — go deimhin, is é an t-aon bhealach a d’fhéadfaí an ceantar a chosaint go hiomlán ó shubstaintí aeriompartha teach gloine a thógáil.

Feabhsóidh iarrachtaí maolaithe an athraithe aeráide caighdeán an aeir

I mí Eanáir 2008, mhol an Coimisiún Eorpach pacáiste Aeráide agus Fuinnimh chun:

  • astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú 20 % faoin mbliain 2020;
  • sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú 20 % faoin mbliain 2020;
  • éifeachtacht fuinnimh a fheabhsú 20 % faoi 2020.

Cabhróidh na hiarrachtaí a theastaíonn chun na spriocanna seo a chomhlíonadh truailliú an aeir san Eoraip a laghdú freisin. Mar shampla, ciallóidh feabhas in éifeachtacht fuinnimh agus níos mó úsáide á baint as fuinneamh in-athnuaite go dtiocfaidh laghdú ar dhó breoslaí iontaise — príomhfhoinse de thruailliú an aeir. Tagraítear do na fo-iarmhairtí dearfacha seo mar chomhbhuntáistí beartas athraithe aeráide.

Meastar go laghdóidh an pacáiste thuasluaite an costas a bhaineann le spriocanna truailliú aeir an AE thart ar EUR 8.5 billiún in aghaidh na bliana. D’fhéadfadh coigiltí ar sheirbhísí sláinte na hEorpa a bheith chomh hard le sé oiread an fhigiúir seo.

Ag féachaint chun cinn

De bhrí nach dtugann truailliú an aeir aird ar bith ar theorainneacha náisiúnta, ní mór déileáil leis an bhfadhb láithreach bonn. Tá Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Thruailliú Aeir Trasteorainn Fadréimseach (Coinbhinsiún LRTAP) a comhaontaíodh i 1979, sínithe ag 51 tír agus tá sé in úsáid mar bhonn leis an gcath i gcoinne thruailliú an aeir.

Ar aon dul leis sin, tá beartais forbartha ag an AE a chuireann cosc ar astuithe iomlána gach Ballstát, rud is cúis le teorainneacha atá ina gceangal dlí a bhunú. Príomhbheartas de chuid an AE is ea an 'National Emissions Ceiling Directive' (NECD). Socraítear teorainneacha ann do cheithre thruailleán: dé-ocsaíd sulfair (SO2), ocsaídí nítrigin (NOX), comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin (NMVOCs), agus amóinia (NH3). Ba cheart do Bhallstáit na teorainneacha seo a chomhlíonadh faoin mbliain 2010.

Measann an EEA go dteastaíonn tuilleadh laghduithe sna hastuithe chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint mar is ceart. Tugann anailís de chuid an EEA ar na sonraí is déanaí ón NECD (2) le fios go gceaptar nach n-éireoidh le 15 Ballstát ar a laghad ceann amháin den cheithre theorainn a chomhlíonadh; le 13 ag ceapadh nach gcomhlíonfar teorainneacha a bhaineann le 2 thruailleán nítrigin NOX agus NH3 (3).

In 2009, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach togra a fhoilsiú chun NECD reatha a athbhreithniú, lena n-áirítear teorainneacha níos doichte don bhliain 2020. Is é is dócha go molfar ná teorainneacha náisiúnta d’ábhar cáithníneach mín (PM2.5) don chéaduair.

Tá treoracha maidir le caighdeán an aeir ann le cois NECD a shocraíonn teorainneacha agus spriocluachanna do na príomh-thruailleáin ar fad. Glacadh le treoir nua ar a dtugtar Cleaner Air For Europe (CAFE) i mí Aibreáin 2008. Don chéad uair riamh socraítear teorainneacha atá ina gceangal dlí do chomhchruinnithe PM2 (ábhar cáithníneach mín), atá le baint amach i 2015. Chomh maith leis sin, tá an Coimisiún Eorpach ag díriú ar thíortha nár éirigh leo teorainneacha níos túisce a chomhlíonadh, agus sa chás nach bhfuil bearta feiliúnacha luaite chun feidhmíocht a fheabhsú, tá tús curtha le himeachtaí sáraithe. Níos faide anonn sa tráthnóna sin, le linn do Anna a bheith ag breathnú ar nuacht an tráthnóna, feiceann sí go bhfuil rabhadh maidir le caighdeán an aeir eisithe ag an rialtas i ndáil leis na hardleibhéil ózóin a bhfuil tairseach an AE sáraithe acu. Molann an rabhadh do dhaoine a bhfuil deacrachtaí análaithe acu cúram áirithe a léiriú cosúil le haclaíocht dhian a sheachaint fad is a bhíonn na leibhéil ózóin ard.

 

Treoir 2008/50/CE de chuid Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle de 21 Bealtaine 2008 ar chaighdeán an aeir comhthimpeallach agus aer níos glaine don Eoraip.

EEA, 2006. Air quality and ancillary benefits of climate change policies, Tuarascáil teicniúil an EEA Uimh 4/2006.

EEA, 2008a. The NEC Directive status report. Tuarascáil teicniúil an EEA Uimh 9/2008.

EEA, 2008b. Annual European Community LRTAP Convention emission inventory report 2008. Tuarascáil teicniúil an EEA Uimh 7/2008.

EEA, 2009. Assessment of ground‑level ozone within the EEA member countries with focus on long‑term trends (in preparation).

EEA. Core set indicator CSI‑04: Exceedance of air quality limit values in urban areas.

EEA Ozone web. Ozone pollution across Europe.

European Commission, 2002. The Sixth Environment Action Programme of the European Community 2002–2012 (1600/2002/EC).

European Commission, 2005a. Directorate General for Energy and Transport.

European Commission Thematic Strategy on Air Pollution (2005). Communication from the Commission to the Council and the European Parliament. COM(2005)446 final and press release.

European Commission, 2005b. Thematic Strategy on Air Pollution (2005). Communication from the Commission to the Council and the European Parliament. COM(2005)446 final. IIASA, 2008.

'National Emission Ceilings for 2020 based on the 2008 Climate & Energy Package'. NEC Scenario Analysis Report Nr.6. International Institute for Applied Systems Analysis, July 2008.

Task Force on Reactive Nitrogen (TFNr),Convention on Long‑range Transboundary Air Pollution.

 

(1) Truailliú ózóin ar fud na hEorpa: http://www.eea.europa.eu/maps/ozone. Tá seirbhís comhchosúil, ag soláthar eolais maidir le leibhéil ábhar cáithníneach ar fud na hEorpa, á forbairt faoi láthair.

(2) Tá léargas le fáil i dtuarascáil stádais Threoir NEC (Tuarascáil teicniúil an EEA Uimh 9/2008) ar na sonraí oifigiúla a thuairiscigh na Ballstáit ag deireadh na bliana 2007.

(3)Creideann an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír go gcabhróidh beartais agus bearta nua leo, nach bhfuil achtaithe go fóill, a dteorainneacha astuithe do 2010 a chomhlíonadh. Lena chois sin, creideann Ballstáit eile go n-éireoidh leo a dteorainneacha bunaidh a shárú.

Permalinks

Document Actions