next
previous
items
An Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach - eolas fúinn, an rud a dhéanaimid, an chaoi a ndéanaimid é

Is é atá mar aidhm ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) tacú le forbairt inbhuanaithe trí chuidiú le feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa trí fhaisnéis atá tráthúil, dírithe, ábhartha agus iontaofa a thabhairt do ghníomhairí um cheapadh beartas agus don phobal.

Read more

EEA Signals 2013 - Gach anáil a thógaimid

Ag cur feabhais ar cháilíocht aeir san Eoraip: Díríonn Signals 2013 ar aer na hEorpa. In eagrán na bliana seo, déantar iarracht staid reatha na cáilíochta aeir san Eoraip a mhíniú, conas a fhoirmíonn truailleáin aeir, cad as a dtagann siad agus conas a théann siad i bhfeidhm ar ár slainte agus ar an gcomhshaol. Tugann sé forbhreithniú freisin ar an mbealach a gcuirimid lenár gcuid eolais ar aer agus conas mar a thugaimid faoi thruailliú aeir a réiteach trí réimse leathan beartas agus beart.

Read more

Signals 2012 – An todhchaí atá uainn a fhorbairt

Foilsíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) Signals ar bhonn bliantúil, ag soláthar léargais ar shaincheisteanna ar díol spéise iad don díospóireacht chomhshaoil agus don phobal i gcoitinne don bhliain atá romhainn. In Signals 2012, tugtar saincheisteanna comhshaoil le chéile amhail inbhuanaitheacht, geilleagar glas, uisce, dramhaíl, bia, rialachas agus comhroinnt na faisnéise. Ullmhaítear é i gcomhthéacs Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Fhorbairt Inbhuanaithe – Rio 2012. I Signals na bliana seo, tabharfar blaiseadh duit ar an gcaoi ar féidir le tomhaltóirí, lucht déanta beartas agus gnóthaí fadbhreathnaitheacha difríocht a dhéanamh trí uirlisí teicneolaíochta nua – idir bhreithniúcháin satailíte agus ardáin ar líne – a chomhcheangal. Molfar réitigh chruthaitheacha agus éifeachtúla freisin chun an comhshaol a chaomhnú.

Read more

Nascann Eionet

Nascann Eionet

21 Jun 2012

Ag comhroinnt na faisnéise comhshaoil san Eoraip

Read more

SIGNALS 2011 - Domhandú, an comhshaol agus tusa

Foilsíonn an Ghíomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) Signals gach bliain, ag soláthar scéalta léargais ar shaincheisteanna spéise iad don díospóireacht ar bheartas comhshaoil agus don phobal i gcoitinne don bhliain atá romhainn.

Read more

SIGNALS EEA 2010 - Bithéagsúlacht, athrú aeráide agus tusa (GA)

I mbliana, tugann Signals sinn ar thuras a leanann cúrsa na habhann ó oighearshruthanna na nAlp go talamh shíorshioctha an Artaigh agus deilt na Gainséise. Taistealaímid go háiteanna aithnidiúla agus go háiteanna atá i bhfad i gcéin, ag féachaint ar conas is féidir linn ath-thógáil a dhéanamh ar ár gcaidrimh leis na heilimintí ríthábhachtacha den ghnáthshaol: uisce, ithir, aer agus na hainmhithe agus na plandaí a chomhdhéanann taipéis an tsaoil ar Domhan.

Read more

Permalinks

Document Actions