next
previous
items

Tionsclaíocht

Change language
Page Last modified 05 May 2022
Topics:
Tá feabhas tagtha ar fheidhmíocht chomhshaoil earnáil na tionsclaíochta san Eoraip le blianta anuas. Tá éagsúlacht cúiseanna taobh thiar de na hathruithe: rialáil chomhshaoil níos déine, feabhsuithe in éifeachtacht fuinnimh, claonadh earnáil na tionsclaíochta san Eoraip imeacht ó chineálacha áirithe déantúsaíochta troime agus truaillithe, agus rannpháirtíocht cuideachtaí i scéimeanna deonacha a bhfuil sé mar aidhm acu a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú. D’ainneoin na bhfeabhsuithe sin, tá earnáil na tionsclaíochta freagrach i gcónaí as ualach nach beag a leagan ar ár gcomhshaol ó thaobh truaillithe de, agus giniúint dramhaíola.

Is iomaí tairbhe eacnamaíoch agus sóisialta a chuireann earnálacha tionsclaíocha na hEorpa ar fáil: déanann siad earraí agus táirgí, fostaíonn siad daoine agus íocann siad cáin. Mar sin féin, is iad na suiteálacha tionscail is mó san Eoraip atá freagrach as sciar suntasach d’astaíochtaí iomlána phríomhthruailleáin an aeir agus gás ceaptha teasa (GCT), chomh maith le tionchair thábhachtacha comhshaoil eile, lena n-áirítear truailleáin a scaoileadh amach chuig an uisce agus chuig an ithir, dramhaíl a ghiniúint, agus fuinneamh a úsáid.

Beartais an AE

Tá ról lárnach ag earnáil na tionsclaíochta i ngeilleagar na hEorpa, ach is foinse truaillithe freisin í. Ar feadh roinnt mhaith blianta anois, tá srian curtha ar thionchair dhíobhálacha an truaillithe sin ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol mar thoradh ar an rialáil chomhshaoil. Áirítear iad seo a leanas i measc bheartais an AE atá i bhfeidhm faoi láthair chun srian a chur leis an truailliú tionsclaíoch:

  • Sainmhínítear leis an Treoir um Astaíochtaí Tionsclaíocha (IED) oibleagáidí i leith isteach is amach le 50 000 mórshuiteáil thionsclaíoch chun astaíochtaí truaillithe chuig an atmaisféar, uisce agus ithir a sheachaint nó a íoslaghdú. Éilítear leis an IED freisin go laghdófar dramhaíl ó na suiteálacha sin. I gcás gníomhaíochtaí áirithe, i.e. Mórshuiteálacha Dócháin (LCP), suiteálacha loiscthe agus comhloiscthe dramhaíola, gníomhaíochtaí a bhfuil úsáid tuaslagóirí i gceist leo agus táirgeadh dé-ocsaíde tiotáiniam, socraítear leis an IED teorainneacha astaíochtaí i gcás truilleán faoi leith don AE trí chéile.
  • Rialófar leis an Treoir um Shuiteálacha Dócháin Meánmhéide (MCP), ó 2018 ar aghaidh, astaíochtaí dé-ocsaíde sulfair (SO2), ocsaídí de nítrigin (NOX) agus deannach a éiríonn as dóchán breoslaí i suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte acu atá ionann is 1 mheigeavata (MWth) amháin nó níos mó, agus 50 MWth nó níos lú.
  • Soláthraítear leis an gCreat-Treoir Éicidhearthóireachta rialacha don AE trí chéile chun éifeachtúlacht fuinnimh táirgí, leithéidí fearais tí, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, nó innealtóireacht, a fheabhsú.
  • Laghdaítear le Scéim an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) na gáis ceaptha teasa (GCT) a astaítear ó níos mó ná 12 000 suiteáil ginte cumhachta agus déantúsaíochta in 31 tír chomh maith leis na hastaíochtaí ó earnáil na heitlíochta. Cuimsíonn an Scéim sin isteach is amach le 45% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an AE.
  • Éilítear leis an gCreat-Treoir Uisce ar Bhallstáit truailliú uisce ó thacar truailleán a shainmhínítear mar ‘shubstaintí tosaíochta’ a laghdú de réir a chéile. Éilítear ar Bhallstáit freisin astaíochtaí, sceití agus caillteanais ó thacar truailleán níos contúirtí a shainmhínítear mar ‘shubstaintí guaiseacha tosaíochta’ a stopadh nó deireadh a chur leo de réir a chéile.
  • Tugtar cosaint don chomhshaol leis an Treoir um Chóireáil Fuíolluisce Uirbí ó éifeachtaí díobhálacha sceití ó fhuíolluisce uirbeach agus ó earnálacha áirithe tionsclaíocha eile.

 

Tá feabhas suntasach tagtha ar rochtain an phobail ar fhaisnéis maidir le truailliú tionsclaíoch le fiche bliain anuas. Go háirithe, cuireann an Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán (E-PRTR) clár cuimsitheach ar fáil ina bhfuil sonraí faoi astaíochtaí agus aistrithe truailleán ó mhórghníomhaíochtaí tionsclaíocha. Tá eolas de réir bliana ann maidir le níos mó ná 30 000 gléasra tionsclaíoch in 33 thír Eorpacha ar an méid truailleán a scaoiltear amach san aer, san uisce agus sa talamh chomh maith le haistrithe dramhaíola agus truailleán i bhfuíolluisce chuig suíomhanna seachtracha.

 

Tionscnaimh inbhuanaitheachta

Glacadh critéir inbhuanaitheachta freisin chun tionchar na tionsclaíochta ar an gcomhshaol a laghdú. Sampla dá leithéid de thionscnaimh thionsclaíocha is ea glacadh forleathan le cleachtais bainistíochta comhshaoil trí Scéim an Chomhphobail um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus ISO14001.

Glacadh le tionscnaimh shaorálacha maidir le Freagracht Shóisialta Chorparáideach (CSR) freisin chun go mbainfí amach cuspóirí sóisialta agus comhshaoil a théann níos faide ná na dualgais dhlíthiúla. Ina measc siúd, áirítear tionscnamh Cúram Freagrach de chuid thionscal na gceimiceán, an Tionscnamh Domhanda maidir leis an ríomh-Inbhuanaitheacht (GeSI), beartas na Comhairle Idirnáisiúnta Mianadóireachta agus Mianraí maidir le maoirsiú a dhéanamh ar ábhair, agus an líonra gnó CSR Europe.

Ar leibhéal beartais an AE, ghlac an Coimisiún le straitéis maidir le Freagracht Shóisialta Chorparáideach agus, ar an leibhéal idirnáisiúnta, tugann caighdeán ISO 26000 maidir le freagracht shóisialta treoir faoin gcaoi ar féidir le gnólachtaí agus eagraíochtaí feidhmiú ar bhealach atá freagrach don tsochaí.

 

Gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA)

Tugann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) tacaíocht d’fheidhmiú bheartais an AE maidir le truailliú tionsclaíoch, agus déanann sí meastóireacht orthu. Tacaímid freisin le forbairt straitéisí fadtéarmacha chun tionchair na hearnála ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte a theorannú.

Sonraí maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha

Tacaíonn an EEA leis an AE straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt chun brúnna ar an gcomhshaol ón earnáil thionsclaíoch a laghdú trí mheasúnú agus trí fhaisnéis a sholáthar don lucht déanta beartas. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí agus na dtáirgí dár gcuid, áirítear sonraí atá tuairiscithe ag tíortha Eorpacha mar chuid dá n-oibleagáidí tuairiscithe faoin reachtaíocht Eorpach a chur ar fáil, lena n-áirítear:

 

Cuíchóiriú tuairiscithe

Tacaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil leis an AE i bhforbairt tionscnamh chun cuíchóiriú an tuairiscithe maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha a mhéadú. Áirítear leis sin tionscnaimh chun tuairisciú faisnéise tionsclaíche do Bhallstáit an AE agus do chuideachtaí a chomhchuibhiú agus a shimpliú thar réimsí reachtaíochta éagsúla.

 

Measúnuithe agus tuairiscí

Foilsíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tuairiscí measúnaithe éagsúla a thugann aghaidh ar na tionchair atá ag earnáil thionsclaíoch na hEorpa ar an gcomhshaol. Áirítear leo sin ábhar a fhoilsiú i dtuarascálacha ‘Comhshaol na hEorpa – Staid agus Forbhreathnú’ (SOER) leis an nGhníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil gach cúig bliana, chomh maith le tuairiscí sainiúla a fhoilsiú.

Comhlíontar gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil i réimse an truaillithe thionsclaíoch i ndlúthchomhar le hIonad Topaic na hEorpa ar Thruailliú an Aeir agus Maolú ar an Athrú Aeráide (ETC/ACM) agus le líonra tíortha na Ghníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (Eionet).

 

Ionchas

Beidh cur chuige comhtháite de dhíth chun earnáil thionsclaíoch na hEorpa a athrú ó bhonn i dtreo cleachtais atá níos báúla don chomhshaol. Éileofar leis sin truailliú a rialú ag an áit as a n‑eascraíonn sé, agus dreasachtaí a chur ar fáil chun cleachtais oibriúcháin a athrú agus teicneolaíochtaí nuálacha a chur i bhfeidhm.

Is tosaíocht don lucht déanta beartas é bonn faisnéise na hEorpa maidir le truailliú tionsclaíoch a fheabhsú. Ag teacht le Coinbhinsiún Aarhus, áirítear leis an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol an cuspóir chun faisnéis maidir le cur i bhfeidhm reachtaíochta rialaithe truaillithe a chur ar fáil ar bhonn níos leithne agus níos éifeachtaí. Éilítear leis an IED go gcuirfeadh Ballstáit faisnéis chomhtháite fheabhsaithe ar fáil maidir le suiteálacha tionsclaíocha.

Déanfar rialú níos fearr ar astaíochtaí ón earnáil thionsclaíoch nuair a chuirfear reachtaíocht níos láidre i bhfeidhm ina hiomláine.

  • Leis an Treoir um Astaíochtaí Tionsclaíocha, leagfar síos rialuithe níos déine faoin gcaoi ar féidir leis an earnáil thionsclaíoch feidhmiú. Tá na rialuithe sin níos déine ná na rialuithe a bhí i bhfeidhm faoin Treoir um Chosc agus Rialú Truaillithe Thionsclaíoch (IPPC) a bhí ann roimhe sin. Bunófar na rialuithe sin ar phrionsabal na teicníochta is fearr atá ar fáil (BAT) ar prionsabal é a chuimsíonn réimse níos leithne gníomhaíochtaí ná díreach Treoir IPPC, agus ar fheidhmiú Teorainneacha Astaíochta (ELV) i dTreoir IED, go háirithe iad siúd do Mhórshuiteálacha Dócháin (LCPanna), ar teorainneacha iad atá níos déine ná iad sin sa Treoir um Mórshuiteálacha Dócháin (2001/80/CE).
  • Tiocfaidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí na dtruailleán aeir SO2, NOX agus PM ar bhonn bliantúil de bhun na Treorach um Shuiteálacha Dócháin Meánmhéide (MCPanna).

I gcás astaíochtaí gás ceaptha teasa, ceapadh Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí mar phríomhbhealach chun tabhairt isteach teicneolaíochtaí ísealcharbóin a bhrú chun cinn san earnáil thionsclaíoch. Faoin mbliain 2020, beidh leibhéal na n-astaíochtaí ó earnálacha atá cuimsithe faoi Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí 21% níos ísle ná leibhéal na bliana 2005. Faoin mbliain 2030, ba cheart dóibh bheith 43% níos ísle, ag teacht le Conclúidí na Comhairle Eorpaí i nDeireadh Fómhair 2014.

San fhadtéarma, cuirtear síos i dTreochlár an Choimisiúin i dtreo Eoraip atá Tíosach ar Acmhainní ar an gcaoi a bhféadfadh geilleagar na hEorpa bheith inbhuanaithe faoin mbliain 2050. Moltar modhanna ann chun táirgiúlacht acmhainní a mhéadú agus chun an nasc idir fás agus úsáid acmhainní a bhriseadh, ach ag an am céanna gan a bheith gaibhnithe le haon teicneolaíocht faoi leith. Ina theannta sin, réiteoidh sé bealach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoin mbliain 2050 go dtí leibhéal atá 80% níos ísle ná leibhéil na bliana 1990. Bunaítear plean gníomhaíochta leis an bPacáiste Geilleagair Chiorclaigh, a moladh sa bhliain 2015, lena n-áirítear bearta a chuimsíonn an timthriall ina iomláine: idir tháirgeadh agus thomhaltas, bainistíocht dramhaíola, agus an margadh d’amhábhair thánaisteacha. Áirítear leis na bearta treoir maidir leis an ngeilleagar ciorclach agus na cleachtais is fearr chun uisce a athúsáid mar atá sna doiciméid thagartha ábhartha ar an teicníocht is fearr atá ar fáil (BREFanna) de chuid an IED.

Faoi láthair, tá meastóireacht ar an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) den Rialachán E-PRTR á seoladh ag an gCoimisiún chun a mhéid is atá an reachtaíocht oiriúnach dá cuspóir i gcónaí a mheas. Táthar ag súil go bhfoilseofaí an mheastóireacht faoi dheireadh na bliana 2016. Anuas air sin, tá Seiceáil Oiriúnachta ar Mhonatóireacht agus ar thuairisciú reachtaíochta comhshaoil á seoladh chun go mbeifí in ann gníomhartha réadúla a aithint i dtreo córas monatóireachta agus tuairiscithe ar reachtaíocht comhshaoil atá athchóirithe chun éifeachta. Táthar ag súil leis go gcuirfear na torthaí i láthair faoi dheireadh na bliana 2017 agus go n-áireofar leo moltaí do ghníomhartha breise.

 

Naisc ghaolmhara

Clár Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán na hEorpa (E-PRTR)

Sonraí faoi Mhórshuiteálacha Dócháin

Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil: an Coimisiún Eorpach – Astaíochtaí Tionsclaíocha

Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide: an Coimisiún Eorpach – Straitéisí

Ionad Topaic na hEorpa ar Thruailliú an Aeir agus Maolú ar an Athrú Aeráide (ETC/ACM)

Permalinks

Geographic coverage

Topics

Topics:

Tags

Filed under:
Filed under: industry
Document Actions