nästa
föregående
poster

Nyheter

Bíonn na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide ag éirí níos déine d’éiceachórais, do shláinte an duine agus don gheilleagar san Eoraip

Ändra språk
Nyheter Publicerad 2017-01-25 Senast ändrad 2020-11-23
De réir tuarascála ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil a foilsíodh inniu, bíonn réigiúin na hEorpa ag dul i ngleic le leibhéil farraige a bhíonn ag ardú agus le teagmhais aimsire níos foircní, amhail tonnta teasa, tuile, triomach agus stoirmeacha, ar bhonn níos minice agus níos déine mar gheall ar an athrú aeráide. Sa tuarascáil, déantar measúnú ar na treochtaí agus na réamh-mheastacháin is déanaí maidir leis an athrú aeráide agus ar an tionchar atá aige ar fud na hEorpa. Is é tátal na tuarascála go mbeidh straitéisí, beartais agus bearta atá níos fearr agus níos solúbtha ríthábhachtach chun an tionchar sin a mhaolú.

Leanfar leis an athrú aeráide go ceann cuid mhaith blianta. Beidh scála an athraithe aeráide sa todhchaí agus an tionchar a bheidh aige ag brath ar a éifeachtaí a bheidh cur chun feidhme ár gcomhaontuithe domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ar a chinntiú go mbeidh na straitéisí agus beartais chearta oiriúnaithe i bhfeidhm againn chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a eascróidh as teagmhais fhoircneacha aeráide reatha agus réamh-mheasta.

Hans Bruyninckx, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA

Maidir leis na hathruithe breathnaithe ar an aeráid, tá tionchar leathan á imirt acu cheana féin ar éiceachórais, ar an ngeilleagar agus ar shláinte agus folláine an duine san Eoraip, de réir na tuarascála dar teideal ‘Climate change, impacts and vulnerability in Europe 2016’. Leantar le taifid nua a shocrú maidir le teochtaí domhanda agus Eorpacha, le leibhéil farraige agus le muiroighear laghdaithe san Artach. Bíonn patrúin frasaíochta ag athrú agus is é an gnáth-thoradh air sin go mbíonn réigiúin fhliucha san Eoraip ag éirí níos fliche agus go mbíonn réigiúin thirime san Eoraip ag éirí níos tirime. Tá laghdú ag teacht ar an toirt oighearshrutha agus ar an mbrat sneachta. Ag an am céanna, tá méadú ó thaobh minicíochta agus déine de ag teacht ar theagmhais fhoircneacha a bhaineann leis an aeráid i gcuid mhaith réigiún, amhail tonnta teasa, frasaíocht throm agus triomach. Tá fianaise le feiceáil i réamh-mheastacháin fheabhsaithe aeráide go dtiocfaidh méadú ar na teagmhais fhoircneacha a bhaineann leis an aeráid i gcuid mhaith réigiún.

‘Leanfar leis an athrú aeráide go ceann cuid mhaith blianta. Beidh scála an athraithe aeráide sa todhchaí agus an tionchar a bheidh aige ag brath ar a éifeachtaí a bheidh cur chun feidhme ár gcomhaontuithe domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ar a chinntiú go mbeidh na straitéisí agus beartais chearta oiriúnaithe i bhfeidhm againn chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a eascróidh as teagmhais fhoircneacha aeráide reatha agus réamh-mheasta,’ dar le Hans Bruyninckx, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA.

Teophointí an athraithe aeráide

Tá gach réigiún san Eoraip leochaileach i leith an athraithe aeráide. Mar sin féin, is measa an tionchar diúltach a bheidh le sonrú i roinnt réigiún ná i réigiúin eile. Réamh-mheastar go mbeidh deisceart agus oirdheisceart na hEorpa ina theophointe athraithe aeráide mar go bhfuiltear ag súil gur sa réigiún sin a bheidh an líon is airde drochthionchar le sonrú. Tá méaduithe móra ar theagmhais fhoircneacha teasa agus laghduithe ar fhrasaíocht agus ar shreafaí abhann ag dul i bhfeidhm ar an réigiún sin cheana féin. Is nithe iad sin a mhéadaíonn an riosca go dtiocfaidh triomach níos déine, barra níos ísle, caillteanas bithéagsúlachta agus dóiteáin foraoise aníos sa todhchaí. Meastar go dtiocfaidh méadú ar na rioscaí do shláinte agus folláine an duine mar thoradh ar thonnta teasa níos minice agus ar athruithe i ndáileadh na ngalar tógálach atá íogair i leith na haeráide.

Meastar limistéir chósta agus tuilemhánna in iarthar na hEorpa a bheith ina dteophointí freisin mar go bhfuil siad i mbaol méadaithe tuile de bharr leibhéil farraige a bhíonn ag ardú agus méadú féideartha ar bhorradh stoirme. Ina theannta sin, tá an t-athrú aeráide ag cruthú athruithe móra in éiceachórais mhuirí de bharr aigéadú aigéin agus théamh agus leathnú na marbhchriosanna atá díothach ó thaobh ocsaigine de.

Beidh an-tionchar freisin ar éiceachórais agus ar ghníomhaíochtaí an duine san Artach mar gheall ar an méadú mear ar leith a thiocfaidh ar theochtaí aeir agus farraige agus leá gaolmhar an oighir thíre agus an mhuiroighir.

Cé go mbeidh dea-thionchar le sonrú freisin i roinnt réigiún, amhail dálaí feabhsaithe le haghaidh talmhaíochta i réigiúin i dtuaisceart na hEorpa, is diúltach a bheidh an tionchar ar an gcuid is mó de réigiúin agus d’earnálacha.

Éiceachórais, sláinte an duine agus an geilleagar

Tá éiceachórais agus limistéir faoi chosaint ar fud na hEorpa faoi bhrú mar gheall ar an athrú aeráide agus ar thosca eile struis, amhail athrú san úsáid talún. Cuirtear in iúl sa tuarascáil gur bagairt ar an mbithéagsúlacht ar an talamh agus sna farraigí é tionchar an athraithe aeráide. Tá athruithe ina saolré ag dul i bhfeidhm ar chuid mhaith de na speicis ainmhí agus na speicis phlanda agus, dá bharr sin, tá siad ag imirce ó thuaidh agus i dtreo airdí níos airde. Ag an am céanna, bhunaigh speicis ionracha éagsúla iad féin nó tá méadú tagtha ar a raon. Is ag imirce ó thuaidh atá speicis mhuirí, lena n-áirítear stoic éisc lena mbaineann tábhacht tráchtála. Téann na hathruithe sin i bhfeidhm ar sheirbhísí éagsúla éiceachórais agus ar earnálacha den gheilleagar amhail an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus an t-iascach.

Tá baint ag príomhéifeachtaí sláinte an athraithe aeráide le teagmhais fhoircneacha aimsire, le hathruithe i ndáileadh na ngalar atá íogair i leith na haeráide agus le hathruithe i ndálaí comhshaoil agus sóisialta. Tá tuile abhann agus cósta ag dul i bhfeidhm ar na milliúin duine san Eoraip le deich mbliana anuas. Ar na héifeachtaí sláinte tá díobhálacha, ionfhabhtuithe, neamhchosaint ar ghuaiseacha ceimiceacha agus iarmhairtí meabhairshláinte. Bíonn tonnta teasa ag tarlú níos minice agus ag éirí níos déine, rud ba chúis leis na mílte bás anabaí san Eoraip. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú agus tuilleadh déine ar an treocht sin mura nglactar bearta oiriúnaithe cuí. Le leathadh na speiceas sceartáin, mhuiscít thíograch na hÁise agus iompróirí galair eile, méadaítear an riosca go dtógfar galar Lyme, einceifealaíteas sceartán-iompartha, fiabhras na Níle Thiar, fiabhras deinge, fiabhras Chikungunya agus léismeainiáis.

Is féidir leis an athrú aeráide costais eacnamaíocha an-arda a chruthú. Tá teagmhais fhoircneacha a bhaineann leis an aimsir i mballstáit LEE ina gcúis le caillteanais eacnamaíocha is fiú EUR 400 billiún ón mbliain 1980 i leith. Ní mheastar ach roinnt earnálacha sna meastacháin atá ar fáil ar chostais an athraithe aeráide san Eoraip. Léirítear méid suntasach éiginnteachta iontu. Mar sin féin, is i réigiún na Meánmhara a bhíonn na costais damáiste réamh-mheasta is airde mar gheall ar an athrú aeráide. Téann tionchar an athraithe aeráide a tharlaíonn in áiteanna lasmuigh den Eoraip i bhfeidhm ar an Eoraip freisin mar thoradh ar an tionchar atá ar thrádáil, bonneagar, rioscaí geopholaitiúla agus slándála agus an imirce.

Oiriúnú agus eolas a fheabhsú

Tá dul chun cinn á dhéanamh ar an oiriúnú don athrú aeráide a chomhtháthú i mbeartais eile. Mar sin féin, is féidir é a fheabhsú tuilleadh. Áirítear le bearta breise a d'fhéadfaí a dhéanamh comhleanúnachas beartais a fheabhsú ar fud réimsí difriúla beartais agus leibhéil dhifriúla rialachais (ar leibhéal AE agus ar leibhéil thrasnáisiúnta, náisiúnta agus fhonáisiúnta), cineálacha cur chuige níos solúbtha i leith an t-oiriúnú a bhainistiú, agus teaglaim de réitigh theicneolaíochta, de chineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais agus de bhearta ‘boga’.

Tá méadú ag teacht ar an bhforbairt atá á déanamh ar sheirbhísí aeráide agus oiriúnaithe san Eoraip agus ar an úsáid atá á baint astu. Bhainfí leas i réimsí éagsúla as eolas feabhsaithe, mar shampla eolas ar mheasúnuithe leochaileachta agus riosca ar scálaí éagsúla agus eolas ar fhaireachán, tuairisciú agus meas a dhéanamh ar ghníomhartha oiriúnaithe, ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leo, agus ar shineirgí agus comhbhabhtálacha le beartais eile.

Cúlra

Is é atá sa tuarascáil ná measúnú trí tháscairí ar an athrú aeráide atá tagtha chun cinn go dtí seo agus atá réamh-mheasta don todhchaí agus ar an tionchar atá aige ar éiceachórais agus ar an tsochaí. Déantar iniúchadh inti freisin ar leochaileacht na sochaí i leith an tionchair sin agus ar fhorbairt na mbeartas oiriúnaithe agus an bhunachair eolais is bun leo.

D’fhorbair an EEA an tuarascáil i gcomhar le hIonad Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, leis an Oifig Réigiúnach don Eoraip de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus le trí Lárionad Théamacha Eorpacha (ETC-CCA, ETC-BD, ETC-ICM). Is í seo an ceathrú tuarascáil dar teideal ‘Climate change, impacts and vulnerability in Europe’. Foilsítear an tuarascáil gach ceithre bliana. Is é an aidhm atá leis an eagrán seo tacú leis an bpróiseas cur chun feidhme agus athbhreithnithe do Straitéis AE um Oiriúnú don Athrú Aeráide 2013, rud atá beartaithe don bhliain 2018, agus tacú le forbairt a dhéanamh ar straitéisí agus pleananna náisiúnta agus trasnáisiúnta um oiriúnú.

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage