következő
előző
tételek

Maolú Athraithe Aeráide

Nyelv megváltoztatása
Lap Utolsó módosítás 2023. 03. 15.
Tá an t-athrú aeráide linn cheana féin: tá an teocht ag ardú, patrúin báistí ag athrú, oighearshruth agus sneachta ag leá, agus leibhéal meánach domhanda na mara ag ardú. Is é dócha gurb é an méadú atá tugtha faoi deara ar thiúis na ngás ceaptha teasa san atmaisféar de bharr astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí an duine is cúis leis an gcuid is mó den téamh. Chun an t-athrú aeráide a mhaolú, caithfimid na hastaíochtaí sin a laghdú nó a chosc.

Chun na hiarmhairtí is measa den athrú aeráide a chosc, d’aontaigh na tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) teorainn a chur leis an méadú ar mheánteocht dhromchla an domhain agus gan dul thar 2 °C os cionn an leibhéil a bhí ann roimh an ré thionsclaíoch. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba chóir go sroichfidh astaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa buaicphointe chomh luath agus is féidir agus go dtiocfadh laghdú tapa orthu ina dhiaidh sin. Faoi 2050, caithfear astaíochtaí domhanda a laghdú 50% i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann in 1990, sula mbainfear amach neodracht charbóin faoi dheireadh na 21ú haoise. Tacaíonn an tAontas Eorpach le sprioc an UNFCCC agus tá sé mar aidhm aige go mbeidh laghdú 80 – 95% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050, i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann i 1990. Cuireann na leibhéil mhóra laghduithe sin san áireamh na laghduithe níos lú a éileofar ar thíortha i mbéal forbartha.

Réamhrá

Astaítear gáis cheaptha teasa i bpróisis nádúrtha agus ó ghníomhaíocht an duine araon. Is é an galuisce an gás ceaptha teasa is coitianta san atmaisféar. Scaoiltear go leor gás ceaptha teasa eile de bharr gníomhaíochtaí an duine, áfach, rud a fhágann go méadaítear tiúchan na ngás sin san atmaisféar agus, mar thoradh air sin, cuirtear leis an iarmhairt cheaptha teasa agus méadaíonn teocht na haeráide. Is iad seo a leanas na príomhfhoinsí gás ceaptha teasa de dhéanamh an duine:

  • breoslaí iontaise a dhó (gual, ola agus gás) i nginiúint leictreachais, iompar, tionscal agus teaghlaigh (CO2);
  • talmhaíocht (CH4) agus athrú ar úsáid talún, cuir i gcás dífhoraoisiú (CO2);
  • líonadh talún le dramhaíl (CH4);
  • úsáid gás tionsclaíoch fluairínaithe.

Beartais an AE

Tá roinnt tionscnamh den AE beartaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tar éis dó na spriocanna faoi Phrótacal Kyoto don tréimhse ó 2008 go 2012 a bhaint amach, ghlac an tAE le sprioc chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20% faoi leibhéil 1990 faoi 2020. Ar mhaithe leis an sprioc sin a bhaint amach — ceann de phríomhspriocanna Straitéis Eoraip 2020 — leagadh síos uasteorainn don Scéim Trádála Astaíochtaí (ETS) ar leibhéal AE, agus socraíodh spriocanna náisiúnta d’astaíochtaí in earnálacha nár clúdaíodh faoin ETS i gcinneadh maidir le comhroinnt díchill. Ag an am céanna, ghlac an tAontas Eorpach le reachtaíocht chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, cosúil le fuinneamh gaoithe, fuinneamh gréine, hidreafhuinneamh agus bithmhais, agus chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i réimse leathan gléasraí agus fearas tí. Tá sé mar aidhm ag an AE freisin tacú le forbairt gabhála carbóin agus teicneolaíochtaí stórais chun CO2 ó chumhachtstáisiúin agus áiseanna eile a ghabháil agus a stóráil.

Mar chuid de bheartais aeráide agus fuinnimh, tá tiomantas déanta ag an AE astaíochtaí i gcríocha an AE a laghdú  40% faoi bhun leibhéal 1990 faoi 2030. Is sprioc cheangailteach é sin. Ghlac an tAontas Eorpach Fuinnimh an sprioc sin freisin, agus é mar aidhm aige fuinneamh slán, inacmhainne, neamhdhíobhálach don aeráid a chinntiú don Eoraip.

Gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA)

Ach faisnéis faoin athrú aeráide san Eoraip a chur ar fáil, tacaíonn an EEA le cur i bhfeidhm reachtaíochta maidir le maolú ar an athrú aeráide san Eoraip, beartais AE a mheas agus straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt chun an t-athrú aeráide a mhaolú. Tá faisnéis EEA — sonraí, táscairí, measúnuithe agus réamh-mheastacháin — dírithe ar threochtaí, réamh-mheastacháin, beartais agus bearta san Eoraip maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.

Bíonn EEA ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach (Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, Ard-Stiúrthóireacht an Airmheáin Chomhpháirteach Taighde, Eurostat), chomh maith le saineolaithe ón Lárionad Téamach Eorpach maidir le hAerthruailliú agus an tAthrú Aeráide a Mhaolú (ETC/ACM) agus lena líonra tíre (Eionet).

Áirítear i measc na bpríomhghníomhaíochtaí agus táirgí, bailiú agus foilsiú fardal Eorpach maidir le gáis ceaptha teasa agus measúnú bliantúil ar dhul chun cinn an AE agus tíortha Eorpacha i dtreo a gcuid spriocanna aeráide agus fuinnimh.

Is é an EEA an lárionad sonraí Eorpach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Tá bunachar sonraí maidir le beartais agus bearta maolaithe an athraithe aeráide á chothabháil aige chomh maith.

Naisc ghaolmhara

An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide

Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Ghníomhú ar son na hAeráide

Lárionad Téamach Eorpach maidir le hAerthruailliú agus an tAthrú Aeráide a Mhaolú

 

Permalinks

Geographic coverage

Tags

Dokumentumhoz kapcsolódó lépések