All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Article
Glacadh na grianghraif seo ó bharr thúr Montparnasse le linn eachtra truaillithe aeir de NO 2 os cionn luachanna tairsí a cláraíodh i ngeimhreadh 1997-1998.
Jean-Jacques Poirault, An Fhrainc (ImaginAIR)
Tá laghdú mór ar an méid truailleán astuithe isteach san aer a análaimid ó thug an AE beartais agus bearta um cháilíocht aeir isteach sna 1970í. Tá truailliú aeir óna lán de na foinsí móra lena n-áirítear iompar, tionscal agus giniúint chumhachta rialaithe anois agus go ginearálta tá siad ag laghdú cé nach i gcónaí ag an méid a mbeifeá ag súil leis.
Bealach amháin inar bhain an AE an feabhas seo amach ná trí theorainneacha ina gceangail dlí agus neamhcheangailte de réir dlí a leagan don Aontas go léir maidir le truailleáin áirithe a bhíonn scaipthe san aer. Tá caighdeáin leagtha síos ag an AE d’ábhar cáithníneach (PM) de mhéideanna áirithe, ózón, dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine, luaidhe agus truailleáin eile a bhféadfadh éifeacht díobhálach a bheith acu ar shláinte dhaoine nó ar éiceachórais. Áirítear Treoir 2008 ar cháilíocht aeir thimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (2008/50/EC) agus an Treoir Chreatlach 1996 ar mheasúnú agus bainistíocht cáilíochta aeir thimpeallaigh (96/62/EC) i measc príomhchodanna reachtaíochta a leagann síos teorainneacha truailleán trasna na hEorpa.
Cur chuige eile chun reachtaíocht a chur i bhfeidhm ar mhaithe le feabhas a chur ar cháilíocht aeir ná teorainneacha astuithe bliantúla náisiúnta do thruailleáin ar leith a leagan síos. Sna cásanna seo tá tíortha freagrach as na bearta a thabhairt isteach atá riachtanach chun a chinntiú go bhfuil a leibhéil astuithe níos lú ná an teorainn atá leagtha síos don truailleán ábhartha.
Leagadh síos ag Prótacal Gothenburg do Choimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe don Choinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin (CTATF) agus an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochta Náisiúnta (2001/81/EC) araon teorainneacha astuithe bliantúla do thíortha na hEorpa ar thruailleáin aeir, lena n-áirítear na truailleáin sin is cúis le haigéadú, eotrófú agus truailliú ózóin leibhéal na talún. Athbhreithníodh Prótacal Gothenburg i 2012. Agus tá an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochta Náisiúnta le hathbhreithniú agus le leasú i 2013.
Chomh maith le caighdeáin cháilíochta aeir do thruailleáin ar leith agus teorainneacha a leagan síos ar leibhéal tíre, tá reachtaíocht na hEorpa deartha freisin chun díriú ar earnálacha áirithe a ghníomhaíonn mar fhoinsí truaillithe aeir.
Tá astuithe ó thruailleáin aeir ón earnáil thionsclaíoch rialaithe ag Treoir Astaíochta Tionsclaíche 2010 (2010/75AE) agus an Treoir 2001 um theorannú astuithe truailleáin áirithe isteach san aer ó Mhonarchana Móra Dócháin (2001/80/AE) i measc ceann eile.
Tá astuithe feithicle rialaithe trí shraith caighdeáin bhreosla agus fheidhmiúcháin lena n-áirítear Treoir 1998, rud atá bainteach le cáilíocht breosla peitril agus díosail (98/70/AE) agus caighdeáin astuithe feithicle aitheanta mar chaighdeáin an Euro.
Clúdaíonn na caighdeáin Euro 5 agus 6 astuithe ó fheithiclí éadroma lena n-áirítear carranna paisinéirí, veaineanna agus feithiclí tráchtála. Tháinig an caighdeán Euro 5 i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2011 agus teastaíonn uaidh go mbeadh astú níos lú cáithníní agus ocsaídí nítrigine ó na carranna nua go léir, atá clúdaithe ag an reachtaíocht, ná na teorainneacha atá leagtha síos. Cuirfidh Euro 6 a thiocfaidh i bhfeidhm i 2015 teorainneacha níos déine i bhfeidhm ar ocsaídí nítrigine a astaítear ó innill díosail.
Tá comhaontais idirnáisiúnta a bhaineann le hastuithe truailleán aeir i réimsí eile iompair mar Choinbhinsiún 1973 um an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL), lena phrótacail bhreise a rialaíonn astuithe dé-ocsaíd sulfair ó loingeas.
(c) Javier Arcenillas, ImaginAIR/EEA
“Cé go bhfuil, ar ámharaí an tsaoil, áiteanna fós sa Rómáin atá beagnach fiáin agus mórthaibhseach, áit nach bhfuil an dúlra smálaithe ag lámh an duine, sna limistéir níos uirbithe is léir go bhfuil fadhb éiceolaíoch ann.” Javier Arcenillas, An Spáinn
Bíonn truailleán rialaithe de ghnáth ag níos mó ná píosa amháin reachtaíochta. Tá dírithe ar ábhar caithníneach, mar shampla, ag trí bheart dhlíthiúla na hEorpa (Treoir ar cháilíocht aeir thimpeallaigh agus astuithe ó thruailleáin aeir agus teorainneacha an Euro ar astuithe feithiclí bóthair) agus dhá choinbhinsiún idirnáisiúnta (LRTAP agus MARPOL). Tugtar faoi chuid de na réamhtheachtaithe PM trí bhearta dlíthiúla eile.
Tá cur i bhfeidhm na ndlíthe seo leathnaithe freisin thar thréimhse ama agus bainte amach de réir céimeanna. Do cháithníní míne socraíonn an treoir cáilíocht aeir 25mg/m3 mar ‘luach sprice' le comhlíonadh roimh 1 Eanáir 2010. Tá an tairseach chéanna socraithe le bheith ina ‘luach teorann’ roimh 2015, rud a chiallaíonn dualgais bhreise.
Do rannóga áirithe d’fhéadfadh go gclúdódh beartais aeir truailleáin áirithe i gcodanna teoranta den Eoraip ar dtús. Ghlac Parlaimint na hEorpa i Meán Fómhair 2012 leis na leasuithe a thug caighdeáin an AE ar astuithe sulfair ó longa de réir chaighdeáin na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta ó 2008. Faoi 2020 beidh an teorainn sulfair 0.5% sna farraigí go léir timpeall an AE.
Don Mhuir Bhailt, an Mhuir Thuaidh agus an Mhuir nIocht i gceantar ar a dtugtar ‘Limistéir Rialaithe Astaíochta Sulfair’ leag Parlaimint na hEorpa teorainn sulfair fiú níos déine de 0.1% roimh 2015. Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil 2,700 uair níos mó sulfair i mbreosla muirí caighdeánach ná i ndíosal traidisiúnta cairr tá sé soiléir go dtugann an reachtaíocht seo cúiseanna láidre don earnáil loingseoireachta breoslaí níos glaine a fhorbairt agus a úsáid.
Tá reachtaíocht cháilíocht aeir na hEorpa reatha bunaithe ar an bprionsabal go roinneann Ballstáit an AE a gcuid críoch i líon criosanna bainistíochta ina n-éilítear ar thíortha measúnú a dhéanamh ar cháilíocht aeir ag úsáid tomhais nó cur chuige samhlaithe. Fógraítear go bhfuil an chuid is mó de chathracha móra ina leithéid de chriosanna. Má sháraítear caighdeáin cháilíochta aeir i gcrios, ní mór don Bhallstát tuairisciú do Choimisiún na hEorpa agus na cúiseanna a mhíniú.
Éilítear ansin ar na tíortha pleananna áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt a chuireann síos ar an gcaoi atá ar intinn acu feabhas a chur ar an gcáilíocht aeir. D’fhéadfaidís, mar shampla, criosanna ísle astuithe a chur ar bun a chuirfeadh srian le teacht orthu ag feithiclí a bhfuil truailliú níos mó ag baint leo. Is féidir le cathracha freisin aistriú in iompar a spreagadh go modhanna níos lú truaillithe lena n-áirítear siúl, rothaíocht agus iompar poiblí. D’fhéadfaidís a chinntiú freisin go bhfeistítear fearas rialaithe astaíochta ar fhoinsí dócháin tráchtála agus tionsclaíocha de réir na teicneolaíochta is úrnua agus is fearr atá ar fáil.
Tá an taighde criticiúil freisin. Ní hamháin go dtugann taighde teicneolaíocht nua dúinn, ach cuireann sé feabhas ar ár gcuid eolais ar thruailleáin aeir agus an éifeacht dhiúltach atá acu ar ár gcuid sláinte agus ar an éiceachóras. Cabhróidh an fhaisnéis is úrnua a chomhtháthú inár ndlíthe agus inár ngníomhartha linn leanúint ar aghaidh le feabhas a chur ar cháilíocht aeir na hEorpa.
(c) Gülçin Karadeniz
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/signals-2013/ailt/reachtaiocht-aeir-san-eoraip or scan the QR code.
PDF generated on 30 Mar 2023, 03:56 PM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 12 March 2023 21:56 from version 23.1.28
Software version: EEA Plone KGS 23.3.11
Document Actions
Share with others