next
previous
items

Article

Gach anáil a thógaimid

Change language
Article Published 30 Jul 2013 Last modified 17 Jan 2022
Photo: © Stella Carbone
Análaimid ón nóiméad a bheirtear sinn go dtí an nóiméad a fhaighimid bás. Tá sé riachtanach agus ríthábhachtach ní hamháin dúinne ach don bheatha go léir ar an domhan seo. Tá éifeacht ag cáilíocht íseal aeir orainn go léir: déanann sé dochar dár sláinte agus do shláinte an chomhshaoil a mbíonn caillteanais eacnamaíocha mar thoradh air. Ach cad as atá an t-aer a análaimid déanta agus cad as a dtagann na truailleáin aeir éagsúla?

Ní féidir liom ach smaoineamh ar an gcaoi ina bhfuil iontas an chomhshaoil á laghdú mar thoradh ar thruailliú, truailliú aeir ach go háirithe.

Stephen Mynhardt, Éire (ImaginAIR)

Mais ghásach is ea an t-atmaisféar atá mórthimpeall ár bpláinéid agus atá rangaithe i gcisil le dlúis éagsúla gás. Tugtar an trópaisféar ar an gciseal is ísle (leibhéal na talún) agus is tanaí. Is é seo an áit a gcónaíonn plandaí agus ainmhithe agus a dtarlaíonn ár bpatrúin aimsire. Sroicheann sé timpeall 7 gciliméadar ar airde ag na poil agus 17 gciliméadar ag an meánchiorcal.

Cosúil leis an gcuid eile den atmaisféar, tá an trópaisféar dinimiciúil.  Ag brath ar an airde tá dlús difriúil agus comhdhéanamh ceimiceach difriúil ag an aer. Gluaiseann an t-aer timpeall an domhain de shíor ag trasnú aigéan chomh maith le réimsí móra talún. Is féidir le gaotha orgánaigh bheaga a iompar lena n-áirítear baictéir, víris, síolta agus speicis ionracha chuig láithreacha nua.

Is éard atá sa rud a dtugaimid aer air...

Tá aer tirim déanta suas de thimpeall 78% nítrigin, 21% ocsaigin agus 1% argón. Tá galuisce san aer freisin ag déanamh suas idir 0.1% agus 4% den trópaisféar. De ghnáth bíonn níos mó galuisce in aer níos teo ná mar a bhíonn in aer níos fuaire.

Tá méideanna beaga de gháis eile san aer freisin ar a dtugtar riangháis, lena n-áirítear dé-ocsaíd charbóin agus meatán. Déantar tiúchaintí de mhiongháis mar sin san atmaisféar a thomhas i gcodanna in aghaidh an milliún (ppm) go ginearálta. Mar shampla measadh go raibh tomhas na tiúchana dé-ocsaíd charbóin, ceann de na riangháis is mó agus is flúirsí san atmaisféar timpeall 391 ppm nó 0.0391% i 2011 (táscaire an EEA ar thiúchaintí atmaisféaracha).

Chomh maith leis sin, tá na mílte gás agus cáithníní eile ann (lena n-áirítear súiche agus miotail) scaoilte isteach san atmaisféar ó fhoinsí nádúrtha agus de dhéantús an duine.

Athraíonn comhdhéanamh an aeir sa trópaisféar i gcónaí. Tá cuid de na hábhair san aer an-imoibríoch; i bhfocail eile, tá claonadh níos airde iontu idirghníomhú le substaintí eile chun cinn nua a chruthú. Nuair a imoibríonn cuid de na substaintí seo le cuid eile is féidir leo truailleáin ‘thánaisteacha’ a chruthú atá go dona dár sláinte agus don chomhshaol. Catalaíoch is ea teas de ghnáth – lena n-áirítear teas ón ngrian – a éascaíonn nó a chuireann tús le próisis imoibríocha ceimiceacha.

ImaginAIR: Ever closing

(c) Stephen Mynhardt, ImaginAIR/EEA

Cad is truailliú aeir ann

Ní mheastar gur truailleáin iad na substaintí go léir san aer. Tríd is tríd, sainmhínítear truailleáin aeir mar thruailleáin áirithe san atmaisféar ag leibhéil atá go dona do shláinte an duine, don chomhshaol agus dár n-oidhreacht chultúrtha (foirgnimh, séadchomharthaí agus ábhair). I gcomhthéacs reachtaíochta, ní chuirtear san áireamh ach na truailleáin ó fhoinsí de dhéantús an duine, cé gur féidir truailliú a shainmhíniú ar bhealach níos leithne i gcomhthéacsanna eile.

Ní thagann na truailleáin aeir go léir ó fhoinsí de dhéantús an duine. Scaoiltear truailleáin aeir isteach san atmaisféar ó roinnt feiniméan nádúrtha lena n-áirítear brúchtaí bolcánacha, dóiteáin foraoise agus stoirmeacha gainimh. Is féidir le cáithníní deannaigh taisteal fada go leor ag brath ar ghaotha agus scamaill. Pé acu de dhéantús an duine nó nádúrtha na substaintí seo, chomh luath agus atá siad san atmaisféar is féidir leo páirt a ghlacadh in imoibriú ceimiceach agus cur le truailliú aeir. Ní comhartha d'aer glan i gcónaí iad spéartha geala agus ard-infheictheacht.

In ainneoin feabhsuithe suntasacha le blianta beaga anuas, leanann truailliú aeir ar aghaidh san Eoraip ag déanamh dochair dár sláinte agus don chomhshaol. Go háirithe, is baol tromchúiseach sláinte do shaoránaigh na hEorpa é truailliú ó ábhar cáithníneach agus truailliú ón ózón.  Ach bíonn foinsí agus éifeachtaí difriúla ag truailleáin dhifriúla. Is fiú féachaint níos géire ar na príomhthruailleáin.

Nuair a bhíonn cáithníní beaga bídeacha ar snámh san aer.

Is é an truailleán aeir is cúis leis an dochar is mó do shláinte an duine san Eoraip ná an t-ábhar cáithníneach (PM). Smaoinigh ar ábhar cáithníneach mar cháithníní atá chomh héadrom sin gur féidir leo snámh san aer. Tá cuid de na cáithníní seo chomh beag sin (tríochadú go cúigiú cuid de thrastomhas ribe gruaige an duine) gur féidir leo ní hamháin dul go domhain inár scamhóga ach dul isteach i sruth na fola freisin, díreach cosúil le hocsaigin.

Scaoiltear roinnt cáithníní go díreach isteach san atmaisféar. Eascraíonn cuid eile mar thoradh ar imoibriú ceimiceach lena mbaineann gáis réamhtheachtacha, eadhon dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine, amóinia agus comhdhúile orgánacha so-ghalaithe.

D’fhéadfadh na cáithníní seo a bheith comhdhéanta de chomhábhair cheimiceacha éagsúla agus braitheann an éifeacht atá acu ar ár sláinte agus ar an gcomhshaol ar a bhfuil iontu. Is féidir roinnt miotal trom, mar arsanaic, caidmiam, mearcair agus nicil a fháil freisin in ábhar cáithníneach. 

Taispeánann staidéar úrnua ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go bhféadfadh truailliú cáithnín mín (PM2.5,  is é sin, ábhar cáithníneach nach mó ná 2.5 mhiocrón ar trastomhas) a bheith ina ábhar imní sláinte níos mó ná mar a measadh go dtí seo. De réir “Athbhreithniú fianaise ar ghnéithe sláinte um thruailliú aeir” ón EDS is féidir le nochtadh fadtéarmach do cháithníní míne aitéiriscléaróis, torthaí breithe díobhálacha agus galair riospráide leanaí a spreagadh. Tugtar le tuiscint sa staidéar freisin gur féidir baint a bheith ann le néarafhorbairt, feidhmiú cognaíoch agus diaibéiteas agus neartaíonn sé an bhaint theagmhasach idir PM2.5 agus básanna cardashoithíocha agus riospráide.

Ag brath ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, d’fhéadfadh cáithníní éifeacht a bheith acu ar aeráid dhomhanda tríd an bpláinéad a théamh nó a fhuarú.  Mar shampla tagann carbón dubh, ceann de na comhábhair súiche is comónta a fhaightear den chuid is mó i gcáithníní míne (níos lú ná 2.5 mhiocrón ar trastomhas), as dóchán neamhiomlán breosla – breosla iontaise agus adhmad tine. I gceantair uirbeacha tagann astuithe carbóin dhuibh den chuid is mó as iompar ar bhóithre, go háirithe as innill díosail. Seachas a éifeacht ar shláinte, cuireann carbón dubh in ábhar cáithíneach le hathrú aeráide trí theas na gréine a ionsú agus an t-atmaisféar a théamh.

ImaginAIR: Price of comfort

(c) Andrzej Bochenski, ImaginAIR/EEA

Ozón: nuair a tháthaíonn trí adamh ocsaigine le chéile

Foirm an-imoibríoch speisialta ocsaigine is ea ózón ina bhfuil trí adamh ocsaigine. Sa strataisféar - ceann de na cisil uachtaracha den atmaisféar – cosnaíonn an t-ózón sinn ó radaíocht ultraivialait dháinséarach na Gréine. Ach sa chiseal íochtarach den atmaisféar - an trópaisféar - truailleán tábhachtach is ea ózón a bhfuil éifeacht aige ar shláinte phoiblí agus ar an dúlra.

Cruthaítear ózón leibhéal na talún mar thoradh ar imoibrithe ceimiceacha coimpléascacha idir gáis réamhtheachtacha mar ocsaídí nítrigine agus comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin. Imríonn meatán agus aonocsaíd charbóin ról freisin ina fhoirmiú.

Tá ozón cumhachtach agus ionsaitheach. Creimeann ardleibhéil ózóin ábhair, foirgnimh agus fíochán beo. Laghdaíonn sé cumas plandaí fótaisintéis a sheoladh agus coscann a n-iontógáil dé-ocsaíd charbóin. Lagaíonn sé freisin atáirgeadh agus fás planda a bhfuil táirgeacht barr níos ísle agus fás foraoise laghdaithe mar thoradh air.  Sa chorp daonna cúisíonn sé athlasadh sna scamhóga agus sa bhroncas.

Ón uair a nochtar iad don ózón, déanann ár gcoirp iarracht é a chosc ó theacht isteach inár scamhóga. Laghdaíonn an t-athfhilleadh seo an méid ocsaigine a análaimid. Nuair a análtar níos lú ocsaigine, ní mór dár gcroí oibriú níos déine. Mar sin igcás daoine ag fulaingt ó ghalar cardashoithíoch nó riospráide mar asma d’fhéadfadh eipeasóidí ardózóin a bheith díblitheach nó fiú marfach.

Cad eile atá sa mheascán?

Ní hiad ózón agus PM amháin na truailleáin aeir is ábhar imní san Eoraip. Tá fuinneamh ag teastáil ónár gcarranna, leoraithe, monarchana fuinnimh agus áiseanna tionsclaíocha eile.  Úsáideann beagnach gach feithicil agus saoráid foirm éigin bhreosla agus dónn é chun fuinneamh a fháil. 

De ghnáth athraíonn dóchán breosla foirm roinnt mhaith substaintí lena n-áirítear nítrigin – an gás is flúirsí inár n-atmaisféar. Nuair a imoibríonn nítrigin le hocsaigin foirmíonn ocsaídí nítrigine san aer (lena n-áirítear dé-ocsaíd nítrigine NO2). Nuair a imoibríonn nítrigin le hadaimh hidrigine, cruthaítear amóinia (NH3), foirm eile truailleáin aeir le héifeachtaí troma díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an dúlra.

Scaoileann próisis dócháin éagsúlacht truailleán aeir eile ó dhé-ocsaíd sulfair agus beinséin go haonocsaíd charbóin agus miotail throma. Tá éifeachtaí gearrthéarmacha ar shláinte an duine ag cuid de na truailleáin seo. Cnuasaíonn cuid eile lena n-áirítear miotail throma agus truailleáin orgánacha mharthanacha sa chomhshaol. Ceadaíonn sé seo dóibh dul isteach inár slabhra bia agus i ndeireadh na dála, ar ár bplátaí.

Is féidir le truailleáin eile mar bheinséin damáiste a dhéanamh d’ábhar géiniteach ceall agus a bheith ina gcúis le hailse i gcás nochtadh fadtéarmach.  Ós rud é go n-úsáidtear beinséin mar bhreiseán do pheitreal, tagann sa bhreis ar 80% de bheinséin scaoilte isteach san atmaisféar san Eoraip ó bhreosla dócháin a úsáidtear i bhfeithiclí.

Scaoiltear truailleán eile, beinsi[a]piréine (BaP) atá aitheanta mar chúis le hailse, ó adhmad nó gual a dhó i soirn tithe cónaithe. Foinse eile BaP is ea múch sceite carr go háirithe ó fheithiclí díosail. Chomh maith le bheith ina chúis le hailse, is féidir le BaP na súile, an tsrón, an scornach agus na tiúbanna broinceacha a ghreannú. Faightear BaP i gcáithníní míne de ghnáth.

Tionchair shláinte an truaillithe aeir

Éifeachtaí ar shláinte an duine a thomhas

Cé go mbíonn éifeacht ag truailliú aeir ar gach duine ní sa chaoi chéanna ná sa mhéid céanna a mbíonn éifeacht aige ar gach duine. Tá níos mó daoine nochta do thruailliú aeir i gceantair uirbeacha mar gheall ar na dlúis daonra níos airde. Tá roinnt grúpaí níos leochailí, lena n-áirítear iad sin atá ag fulaingt ó ghalar cardashoithíoch agus riospráide, daoine le haerchonairí frithghníomhacha agus ailléirgí aerchonairí, lucht scothaosta agus naíonáin.

‘Tá éifeacht ag truailliú aeir ar gach duine i dtíortha forbartha agus neamhfhorbartha araon’ a deir Marie-Eve Héroux ó Oifig Réigiúnach na hEorpa den Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.  ‘Fiú san Eoraip, tá comhréir ard den daonra a nochtar fós do leibhéil os cionn ár dtreoirlínte molta um cháilíocht aeir.

Níl sé éasca an damáiste iomlán dár sláinte agus don chomhshaol ar truailliú aeir is cúis leis a mheas. Tá an-chuid tuarascálacha staidéir ann áfach bunaithe ar earnálacha éagsúla nó ar fhoinsí truaillithe.

De réir an tionscadail Aphekom, a fhaigheann comh-mhaoiniú ón gCoimisiún Eorpach, bíonn laghdú ar ionchas saoil 8.6 mí in aghaidh an duine mar thoradh ar thruailliú aeir san Eoraip.

Is féidir roinnt samhlacha eacnamaíocha a úsáid chun costas truaillithe aeir a mheas. Sna samhlacha sin, tá na costais sláinte arb é an truailliú aeir is cúis leo go tipiciúil (caillteanas táirgiúlachta, costais bhreise mhíochaine srl.) chomh maith le costais a éiríonn ó tháirgiúlacht bharr níos lú agus ó dhamáiste d'ábhair áirithe. Ní áirítear ina leithéid de shamhlacha, áfach, na costais go léir don tsochaí arb é an truailliú aeir is cúis leo.

Ach leis na teorainneacha atá acu fiú, tugann a leithéid de mheastacháin chostais tuiscint ar mhéid an damáiste. Tuairiscíonn beagnach 10,000 áis tionsclaíoch ar fud na hEorpa do  Chlár Aistrithe agus Scaoilte Truailleáin na hEorpa  (E-PRTR) méid na dtruailleán éagsúla a astaíonn siad san atmaisféar. Bunaithe ar na sonraí sin atá ar fáil don phobal, mheas an EEA gur chosain truailliú aeir ón 10,000 saoráid is mó is cúis le truailliú san Eoraip idir €102 agus €169 billiún ar mhuintir na hEorpa i 2009. Is den suntas é nach raibh ach 191 saoráid ann a bhí freagrach as leath chostas iomlán an damáiste.

Tá tuarascálacha staidéir ann freisin a dhéanann meastachán ar na buntáistí a d’fhéadfadh teacht as cáilíocht an aeir a fheabhsú. Mar shampla, tuarann an staidéar Aphekom go mbeadh tairbhe nithiúil don ionchas saoil dá ndéanfaí na meánleibhéil bhliantúla PM2.5 a ísliú go dtí treoirleibhéil na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Dá mbainfí amach ach an sprioc sin, bheifí ag súil le buntáiste de suas le 22 mí ar an meán an duine i mBúcairist, agus 19 mí i mBúdaipeist, go 2 mhí in Malaga agus níos lú ná leathmhí i mBaile Átha Cliath.

Iarmhairtí nítrigine ar an dúlra

Ní hé sláinte an duine amháin a bhíonn faoi thionchar an truaillithe aeir. Bíonn iarmhairtí difriúla ag truailleáin aeir éagsúla ar raon leathan éiceachóras. Tá rioscaí áirithe ag baint le farasbarr nítrigine, áfach. 

Tá an nítrigin ar cheann de na cothaithigh thábhachtacha a fhaightear sa chomhshaol atá ag teastáil ó phlandaí chun go bhfásfaidh siad go folláin agus go mairfidh siad. Tuaslagtar in uisce é agus ionsúitear ansin é trína bhfréamhchórais. De bharr go n-úsáideann plandaí cuid mhaith nítrigine agus go n-ídíonn siad an méid nítrigine atá san ithir, is iondúil go n-úsáideann feirmeoirí agus garraíodóirí leasacháin chun cothaithigh, nítrigin san áireamh, a chur leis an ithir le méadú a dhéanamh ar an táirgiúlacht.  

Tá éifeacht den chineál céanna ag nítrigin aeriompartha. Nuair a shil-leagtar é ar dhobharlaigh nó ar ithreacha, is féidir gur chun sochair speiceas áirithe a bhíonn an nítrigin bhreise in éiceachórais ina bhfuil teorainn leis an méid cothaitheach, leithéidí na ‘n-éiceachóras íogair’ lena bhflóra agus a bhfána uathúil.

Is féidir go n-athraítear go hiomlán an chothromaíocht idir speicis agus d’fhéadfadh caillteanas bithéagsúlachta a bheith mar thoradh ar ró-sholáthar cothaitheach sa cheantar atá i gceist. In éiceachórais úruisce agus cósta, is féidir leis cur le blás algach freisin.

Aithnítear freagairt na n-éiceachóras ar shil-leagan iomarcach nítrigine mar eotrófú. San fhiche bliain is déanaí, níl ach laghdú beag ar an achar íogair éiceachórais a bhfuil éifeacht ag eotrófú air san AE. Agus inniu tá beagnach a leath den cheantar iomlán sainmhínithe mar éiceachórais íogair á meas a bheith faoi riosca eotrófaithe.

Cuireann comhdhúile nítrigine freisin le haigéadú úruiscí nó ithreacha foraoise, a bhfuil éifeacht acu ar an speiceas atá ag brath ar na héiceachórais sin. Cosúil le héifeachtaí eotrófaithe, is féidir leis na coinníollacha nua beatha a bheith i bhfábhar roinnt speiceas agus chun dochair coda eile.

D'éirigh leis an AE an t-achar éiceachórais íogair atá faoi éifeacht aigéadaithe a laghdú go suntasach, a bhuíochas go formhór ar laghduithe láidre ar astuithe dé-ocsaíd sulfair. Níl ach roinnt bheag láithreacha san AE, san Ísiltír agus sa Ghearmáin go háirithe, a bhfuil fadhbanna aigéadaithe os a gcomhair.

ImaginAIR: Forests in the Czech Republic still affected by air pollution

(c) Leona Matoušková, ImaginAIR/EEA

“Baineann Limistéar Tírdhreacha faoi Chosaint Sléibhte Jizerske hory atá lonnaithe i dtuaisceart Phoblacht na Seice leis an réigiún ar a tugadh go míchlúiteach ‘an Triantán Dubh’ mar thoradh ar an truailliú aeir trom ann.” Leona Matoušková, Poblacht na Seice

Truailliú gan teorainneacha

Cé go mbraitheann ceantair agus tíortha áirithe níos déine ná cuid eile a chuid éifeachtaí ar shláinte phoiblí nó ar an gcomhshaol, is fadhb dhomhanda í truailliú aeir.

Ciallaíonnn gaotha domhanda go ngluaiseann truailleáin aeir timpeall an domhain. Astaítear san Áis agus i Meiriceá Thuaidh páirt de na truailleáin aeir agus a réamhtheachtaithe a fhaightear san Eoraip. Ar an gcaoi chéanna, iompraítear páirt de na truailleáin scaoilte isteach san aer san Eoraip go réigiúin agus mór-ranna eile.

Tá sé mar an gcéanna maidir le scála níos lú. Tá éifeacht ag cáilíocht an aeir sna ceantair thuaithe mórthimpeall ar cháilíocht an aeir i gceantair uirbeacha go ginearálta agus vice versa.

‘Análaimid an t-am go léir agus táimid nochta do thruailliú aeir – cibé acu istigh nó amuigh,’ a deir Erik Lebret ón Institiúid Náisiúnta Sláinte Poiblí agus an Chomhshaoil (RIVM) san Ísiltír. Gach áit a ghabhaimid táimid ag análú aeir atá éillithe le raon iomlán truailleán ag leibhéil inar féidir leat a bheith ag súil le héifeachtaí sláinte díobhálacha uaireanta. Ar an drochuair, níl aon áit inar féidir linn aer glan amháin a análú.’

Tuilleadh eolais

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions