All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Article
Ón réabhlóid thionsclaíoch i leith tá tionchar níos tromchúisí ag an ngníomhaíocht dhaonna ar éiceachóras an Domhain. Ceann de na torthaí is ea truailliú aeir....
Tamas Parkanyi, An Ungáir (ImaginAIR)
Inniu tá eolas agus tuiscint níos cuimsithí againn ar ár n-atmaisféar. Is féidir linn stáisiúin a chur ar bun chun monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht aeir agus laistigh de nóiméid is féidir linn comhdhéanamh ceimiceach an aeir ag na suíomhanna seo a fheiceáil agus an chaoi a mbaineann siad seo le treochtaí fadtéarmacha. Tá léargas níos soiléire againn freisin ar fhoinsí truaillaithe aeir san Eoraip. Is féidir linn líon na dtruailleán scaoilte san aer ag áiseanna tionscail aonair a mheas. Is féidir linn gluaiseachtaí aeir a réamh-mheas agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus teacht saor in aisce agus láithreach a chur ar fáil ar an eolas seo. Tá ár gcuid eolais ar an atmaisféar agus a chuid idirghníomhaíochtaí ceimiceacha tagtha i bhfad ó aimsir Aristotle go cinnte.
Tá an t-atmaisféar coimpléascúil agus dinimiciúil. Gluaiseann aer timpeall an domhain agus mar an gcéanna leis na truailleáin atá san aer. Tá éifeacht ag astuithe ó sceithphíopaí gluaisteán, dóiteáin foraoise, amóinia astaithe ó thalmhaíocht, monarchana cumhachta gualbhreoslaithe ar fud an phláinéid, agus fiú brúchtaí bolcánacha ar cháilíocht an aeir a análaimid. I gcásanna áirithe, bíonn na foinsí truailleáin na mílte ciliméadar ón áit a dtarlaíonn an damáiste.
Tá a fhios againn freisin gur féidir éifeacht an-mhór a bheith ag cáilíocht íseal aeir ar ár sláinte, ar ár bhfolláine agus ar an gcomhshaol chomh maith. Is féidir le truailleáin aeir tús a chur le galair riospráide agus iad a dhéanamh níos measa; damáiste a dhéanamh d’fhoraoiseacha, ithir agus uiscí a aigéadú, táirgeacht barr a laghdú agus foirgnimh a chreimeadh. Is féidir linn a fheiceáil freisin go gcuireann an-chuid truailleáin aeir le hathrú aeráide agus go mbeidh éifeacht ag athrú aeráide é féin ar cháilíocht aeir amach anseo.
(c) Gülçin Karadeniz
Mar gheall ar mhéid fianaise eolaíche atá ag fás i gcónaí, éilimh ón bpobal agus sraith reachtaíochta, tá feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht aeir na hEorpa le 60 bliain anuas. Tá laghdú suntasach ar thiúchan roinnt truailleán, dé-ocsaíd sulfair, aonocsaíd carbóin agus beinséin san áireamh. Tá titim ghéar faoi bhun na dteorainneacha leagtha síos ag reachtaíocht ar thiúchan luaidhe.
Mar sin féin, in ainneoin an mhéid sin a bhaint amach, níl an cháilíocht aeir a raibh coinne aici leis ina cuid reachtaíochta nó a raibh a cuid saoránach ag súil leis bainte amach ag an Eoraip fós. Is iad an t-ábhar cáithníneach agus ózón an dá thruailleán is tábhachtaí san Eoraip, iad ina rioscaí tromchúiseacha do shláinte an duine agus don chomhshaol.
Díríonn dlíthe reatha agus bearta cáilíochta aeir ar earnálacha, ar phróisis, ar bhreoslaí agus ar thruailleáin ar leith. Cuireann cuid de na dlíthe agus bearta seo teorainneacha leis an méid truailleán a cheadaítear do thíortha scaoileadh isteach san atmaisféar. Tá sé mar aidhm ag bearta eile nochtadh an daonra do leibhéil neamhshláintiúla truailleán a laghdú trí theorainn a chur le tiúchan ardleibhéil - méid truailleán áirithe san aer ag suíomh faoi leith agus am faoi leith.
Teipeann ar roinnt mhór tíortha san AE a gcuid spriocanna astuithe a bhaint amach maidir le ceann amháin nó níos mó truailleán aeir (ocsaídí nítrigine go háirithe) atá clúdaithe ag reachtaíocht. Dúshlán is ea na tiúchaintí freisin. Bíonn an-chuid ceantar uirbeach ag streachailt le leibhéil ábhair cháithnínigh, dé-ocsaíd nítrigine agus ózón leibhéal na talún níos airde ná na tairseacha atá leagtha síos sa reachtaíocht.
Taispeánann pobalbhreitheanna úrnua go bhfuil cáilíocht aeir ina ábhar imní gan amhras ag pobal na hEorpa. Deir duine as cúigear Eorpach go mbíonn siad thíos le fadhbanna riospráide, ach ar ndóigh, níl baint acu go léir le cáilíocht íseal aeir. Ceapann ceathrar as gach cúigear gur chóir don AE bearta breise a mholadh chun fadhbanna cáilíochta aeir san Eoraip a réiteach.
Agus ní bhraitheann triúr as gach cúigear go bhfuil siad ar an eolas faoi shaincheisteanna cáilíochta aeir ina dtír féin. Le fírinne, in ainneoin feabhas suntasach sa deich mbliana is déanaí, ní cheapann ach níos lú ná 20% d’Eorpaigh go bhfuil feabhas ar cháilíocht aeir san Eoraip. Ceapann níos mó ná a leath d’Eorpaigh go bhfuil cáilíocht aeir níos measa sa deich mbliana atá thart.
Tá sé riachtanach saincheisteanna cáilíochta aeir a chur in iúl. B’fhéidir nach amháin go mbreiseodh sé ár dtuiscint ar staid aeir na hEorpa inniu, ach freisin b’fhéidir go gcabhródh sé le héifeachtaí nochta d’ardleibhéil truailleán aeir a laghdú. Do roinnt daoine a bhfuil baill teaghlaigh acu atá thíos le galair riospráide nó chardashoithíocha, b'fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí dóibh ar bhonn laethúil ná eolas a bheith acu ar leibhéil na dtruailleán ina gcathracha nó teacht a bheith acu ar eolas cruinn tráthúil.
(c) Valerie Potapova | Shutterstock
I mbliana, cuirfidh an tAontas Eorpach tús lena bheartas aeir don todhchaí a leagan amach. Ní tasc éasca é seo. Ar lámh amháin, éilítear uaidh éifeachtaí thruailliú an aeir ar shláinte an phobail agus ar an gcomhshaol a laghdú. Tá meastacháin chostais na n-éifeachtaí seo an-mhór ar fad.
Ar an lámh eile, níl aon bhealach éasca nó tapa chun feabhas a chur ar cháilíocht aer na hEorpa. Éilítear uaidh tabhairt faoi an-chuid truailleán éagsúil ó fhoinsí difriúla san fhadtéarma. Éilítear uaidh freisin bogadh struchtúrtha níos mó inár ngeilleagar i dtreo ídiú agus patrúin táirgeachta níos glaise.
Taispeánann eolaíocht go dtugann feabhsuithe an-bheaga ar cháilíocht aeir fiú – go háirithe i gceantair líon mór daoine – sláinte níos fearr chomh maith le coigilt eacnamaíoch. I measc na dtairbhí seo tá: cáilíocht saoil níos fearr do shaoránaigh nach mbíonn thíos chomh mór sin le galair a bhaineann le truailliú; níos mó táirgiúlachta de bharr níos lú laethanta tinnis; agus costais níos lú míochaine ar an tsochaí.
Insíonn eolaíocht dúinn chomh maith go mbíonn buntáistí iolracha mar thoradh ar ghníomhú um thruailliú aeir. Mar shampla, truailleáin aeir chomónta is ea roinnt gáis cheaptha teasa. Nuair a áirithítear go mbíonn beartais aeir agus aeráide comhthairbhiúil d’fhéadfadh sé sin cabhrú in aghaidh athrú aeráide agus feabhas a chur ar cháilíocht aeir ag an am céanna.
Tugtar deis eile feabhas a chur ar cháilíocht aeir nuair a bhíonn feabhas ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta aeir. Ina lán cásanna is iad údaráis áitiúla agus réigiúnacha na cinn a chuireann beartais i bhfeidhm agus a phléann leis na dúshláin ó lá go lá a thagann ó cháilíocht íseal aeir. Go minic is iad an t-údarás poiblí is gaire do na daoine a bhíonn thíos le truailliú aeir. Ina measc seo, tá an-eolas ag údaráis áitiúla agus réitigh choincréideacha chun plé le truailliú aeir ina gceantair. Tá sé ríthábhachtach na húdaráis áitiúla seo a thabhairt le chéile chun a gcuid dúshlán, tuairimí agus réiteach a roinnt. Tabharfaidh sé uirlisí nua dóibh chun cuspóirí atá leagtha síos sa reachtaíocht a bhaint amach, cuirfidh sé a saoránaigh níos mó ar an eolas agus i ndeireadh na dála laghdófar éifeachtaí sláinte ó thruailliú aeir.
Is é an dúshlán atá os ár gcomhair anois ná leanúint ag aistriú na tuisceana níos fearr atá againn ar an aer go beartais agus torthaí sláinte níos fearr. Cad iad na gníomhaíochtaí is féidir linn a thógáil chun éifeacht truaillithe aeir ar ár sláinte agus ar an gcomhshaol a laghdú? Cad iad na roghanna is fearr atá ar fáil? Agus conas is féidir linn é sin a bhaint amach?
Díreach ag nóiméid mar sin is ea is féidir leis an eolaí, lucht déanta beartais agus an saoránach oibriú le chéile lámh ar láimh chun tabhairt faoi na ceisteanna seo ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag cur feabhais ar cháilíocht aeir san Eoraip.
An tOllamh Jacqueline McGlade
Stiúrthóir Feidhmeannach
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/signals-2013/ailt/eolaiocht-beartas-agus-an-pobal or scan the QR code.
PDF generated on 24 Mar 2023, 05:31 AM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 12 March 2023 21:56 from version 23.1.28
Software version: EEA Plone KGS 23.3.11
Document Actions
Share with others