next
previous
items

Article

Athrú aeráide agus aer

Change language
Article Published 30 Jul 2013 Last modified 21 Mar 2023
Photo: © Ace & Ace/EEA
Tá ár n-aeráid ag athrú. Truailleáin aeir chomónta is ea an-chuid gás a athraíonn aeráid agus a bhfuil éifeacht acu ar ár sláinte agus ar an gcomhshaol. Ina lán bealaí, nuair a chuirtear feabhas ar cháilíocht aeir, neartaítear iarrachtaí ar an athrú aeráide a mhaolú freisin agus vice versa ach ní i gcónaí. Is é an dúshlán atá romhainn ná a chinntiú go ndíríonn athrú aeráide agus beartais aeir ar chásanna ina mbíonn an bua ag gach taobh.

Tagann tréimhsí fada triomaigh mar thoradh ar théamh domhanda. Cuidíonn triomach le líon níos mó de thinte foraoise.

Ivan Beshev, An Bhulgáir (ImaginAIR)

I 2009 rinne comhfhoireann taighdeoirí as an mBreatain agus an Ghearmáin taighde amach ó chósta na hIorua le cineál sonóra a úsáidtear de ghnáth chun scoileanna éisc a aimsiú. Ní raibh an fhoireann ann chun éisc a lorg ach chun ceann de na gáis cheaptha teasa is cumhachtaí, meatán, a bhreathnú, á scaoileadh ó ghrinneall na farraige a bhí ‘ag leá’. Ní raibh sna torthaí a bhí acu ach rud amháin i measc a lán san amlíne fada rabhaidh faoi éifeachtaí féideartha athraithe aeráide.

I réigiúin gar do na poil tá páirt den mhórchríoch nó grinneall na farraige reoite go buan. De réir roinnt meastachán tá dhá oiread an mhéid charbóin sa chiseal seo – aitheanta mar thalamh shíorshioctha – ná mar atá san atmaisféar faoi láthair. Faoi choinníollacha níos teo d’fhéadfaí an carbón seo a scaoileadh ó bhithmhais ag lobhadh mar dhé-ocsaíd charbóin nó meatán.

‘Gás ceaptha teasa is ea meatán atá níos mó ná 20 uair níos cumhachtaí ná dé-ocsaíd charbóin,' a deir an tOllamh Peter Wadhams ó Ollscoil Cambridge mar rabhadh.

‘Mar sin, anois táimid faoi riosca a thuilleadh téimh dhomhanda agus leá níos tapúla fiú san Artach’.

Tagann astuithe meatáin ó ghníomhaíochtaí daonna (talmhaíocht, fuinneamh agus bainistíocht dramhaíola go mór mór) agus foinsí nádúrtha. Chomh luath agus a scaoiltear isteach san atmaisféar é, tá tréimhse saoil timpeall 12 bhliain ag meatán. Cé go gceaptar gur gás gearrshaolach go leor é, tá a thréimhse saoil fada go leor fós chun é a bheith iompartha go réigiúin eile. Chomh maith le bheith ina ghás ceaptha teasa cuireann meatán freisin le hózón leibhéal na talún a fhoirmiú atá ina thruailleán mór é féin, a bhfuil éifeacht aige ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol san Eoraip.

D’fhéadfadh ábhar caithníneach éifeacht téimh nó fuaraithe a bheith aige.

D’fhéadfadh gurb é dé-ocsaíd charbóin an tiománaí is mó leis an téamh domhanda agus athrú aeráide ach ní hé an t-aon cheann é. Tá tionchar ag an-chuid comhdhúl cáithníneach nó gásach eile, aitheanta mar ‘fhórsóirí’ aeráide ar an méid fuinneamh gréine (lena n-áirítear teas) a choimeádann an talamh agus an méid a fhrithchaitheann sé isteach sa spás. Áirítear sna ‘fórsóirí’ aeráide seo príomhthruailleáin aeir mar ózón, meatán, ábhar cáithníneach agus ocsaíd nítriúil.

Truailleán coimpléacsúil is ea an t-ábhar cáithníneach. Ag brath ar a chomhdhéanamh, d’fhéadfadh éifeacht téimh nó fuaraithe a bheith aige ar an aeráid áitiúil nó dhomhanda. Mar shampla, ionsúnn carbón dubh, ceann de chomhábhair PM mín agus ábhar atá ina thoradh ar dhó neamhiomlán breosla, radaíocht gréine agus infridhearg san atmaisféar agus mar sin tá éifeacht téimh aige.

Tá a mhalairt d’éifeacht ag cineálacha eile PM ina bhfuil comhdhúile sulfair nó nítrigine. Tá an claonadh iontu sin gníomhú mar scátháin bheaga ag frithchaitheamh fhuinneamh na gréine agus mar sin leanann fuarú dá bharr. I dtéarmaí simplí braitheann sé ar dhath an cháithnín. Tá an claonadh i gcáithníní bána solas na gréine a fhrithchaitheamh fad is go n-ionsúnn caithníní ‘dubha’ agus ‘donna’ é.

Tarlaíonn feiniméin cosúil leis sin ar thalamh. Sil-leagann cuid de na cáithníní le báisteach agus sneachta nó titeann go simplí ar dhromchla an domhain. Ach d’fhéadfadh carbón dubh taisteal fada go leor óna áit bhunaidh agus titim ar an gclúdach sneachta agus leach oighir. Le blianta beaga anuas rinne sil-leagain de charbón dubh san Artach na dromchlaí bána níos dorcha agus laghdaigh siad a bhfrithchaiteachta, rud a chiallaíonn go gcoimeádann ár bpláinéad níos mó teasa.  Leis an teas breise seo, tá méid na ndromchlaí bána ag crapadh níos tapúla fiú san Artach.

Tá sé suimiúil go bhfuil an-chuid próiseas á rialú ní ag comhábhair mhóra dár n-atmaisféar ach ag roinnt gás nach bhfaightear ach i méideanna an-bheaga. Ní dhéantar suas ach 0.0391% den aer le dé-ocsaíd charbóin, an ceann is comónta de na riangháis seo, mar a thugtar orthu. Tá an chumhacht ag aon éagsúlacht sna méideanna beaga seo éifeacht a bheith ar ár n-aeráid agus é a athrú.

Níos mó nó níos lú báistí?

Ní hé amháin tríd an ‘dath’ atá orthu, an t-aon bhealach amháin inar féidir le cáithníní ar fuaidreamh san aer nó sil-leagtha ar an talamh éifeacht a bheith acu ar an aeráid. Tá cuid dár n-aer déanta suas de ghaluisce – móilíní beaga bídeacha uisce ar fuaidreamh san aer. Ina bhfoirm níos comhdhlúite tá aithne againn go léir orthu mar scamaill. Agus imríonn cáithníní ról tábhachtach sa chaoi a bhfoirmíonn scamaill; cá fhad a mhaireann siad; an méid radaíocht gréine is féidir leo a fhrithchaitheamh; an cineál frasaíochta a ghineann siad; agus mar sin de. Tá scamaill riachtanach dár ndóigh dár n-aeráid; d’fhéadfadh tiúchaintí agus comhdhéanamh an ábhair cháithnínigh tráthú agus suíomh patrúin báistí traidisiúnta a athrú i ndáiríre.

Tá fíorchostais eacnamaíocha agus sóisialta ag athruithe ar mhéideanna agus patrúin frasaíochta mar tá an claonadh iontu éifeacht a bheith acu ar tháirgeadh domhanda agus dá bharr ar phraghsanna bia.

Taispeánann tuarascáil an EEA ‘Climate change, impacts and vulnerability in Europe 2012’ [‘Athrú aeráide, éifeachtaí agus leochaileacht san Eoraip 2012’] go bhfuil éifeacht ag athrú aeráide ar na réigiúin go léir san Eoraip agus go bhfuil raon leathan éifeachtaí ar an tsochaí, ar éiceachórais agus ar shláinte an duine. De réir na tuarascála tá teochtaí os cionn an mheáin á mbreathnú trasna na hEorpa in éineacht le frasaíocht atá ag laghdú i réigiúin an deiscirt agus frasaíocht ag méadú i dtuaisceart na hEorpa. Anuas air sin, tá oighearchlúideacha agus oighearshruthanna ag leá agus tá leibhéil farraigí ag ardú. Táthar ag tuar go leanfaidh na treochtaí sin ar aghaidh.

ImaginAIR: Astronauts of the polluted Earth

(c) Dovile Zubyte, ImaginAIR/EEA

An ghaolmhaireacht idir athrú aeráide agus cáilíocht aeir

Cé nach bhfuil tuiscint iomlán againn ar an gcaoi a bhféadfadh éifeacht a bheith ag athrú aeráide ar cháilíocht aeir agus vice versa, cuireann taighde úrnua in iúl go bhféadfadh an chomhghaolmhaireacht seo a bheith níos láidre ná mar a ceapadh go dtí seo. Ina gcuid meastachán ó 2007 tá sé tuartha ag an bPainéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide – an bord idirnáisiúnta a bhí bunaithe chun athrú aeráide a mheas – go mbeidh laghdú ar chailíocht aeir i gcathracha amach anseo de bharr athrú aeráide.

Ina lán réigiún ar fud an domhain, tá ionchais ann go mbeidh éifeacht ag athrú aeráide ar aimsir áitiúil lena n-áirítear minicíocht tonn teasa agus eipeasóidí d’aer marbhánta. D’fhéadfaí go bhfadódh solas na gréine agus teochtaí níos airde na tréimhsí ama ina mbíonn leibhéil ózóin ardaithe a thuilleadh ach d’fhéadfadh sé tiúchaintí ózóin bhuaice a mhéadú freisin.  Ní nuacht mhaith é seo ar chor ar bith do dheisceart na hEorpa atá ag streachailt le heipeasóidí d’ózón leibhéal na talún iomarcach.

Tá aontaithe i ndíospóireachtaí idirnáisiúnta ar mhaolú athraithe aeráide teorainn a chur leis an meánmhéadú teochta dhomhanda go 2° Celsius os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.  Níl sé cinnte fós an éireoidh leis an domhan astuithe gás ceaptha a shrianadh a dhóthain chun an sprioc 2-chéim a bhaint amach. Bunaithe ar an-chuid conairí difriúla astuithe, d’aithin Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe na bearnaí idir na gealltanais reatha astuithe a ghearradh agus na gearrthacha atá ag teastáil uainn chun an sprioc a bhaint amach. Tá sé soiléir go bhfuil níos mó iarrachtaí ag teastáil chun astuithe a laghdú níos mó chun ár seansanna a mhéadú teorainn 2 chéim a chur ar an méadú teochta.

Tá sé tuartha go n-éireoidh réigiúin áirithe – mar an Artach - níos teo. Tá ionchais ann go mbeidh éifeacht ag teochtaí níos airde os cionn talún agus aigéin ar leibhéil bhogthaise san atmaisféar agus d’fhéadfaí go mbeadh éifeacht aige sin ar phatrúin frasaíochta. Níl sé soiléir go hiomlán fós an méid a mbeidh éifeacht ag tiúchaintí níos airde nó níos ísle galuisce san atmaisféar ar phatrúin frasaíochta nó ar an aeráid áitiúil nó dhomhanda.

Beidh méid na n-éifeachtaí athraithe aeráide ag brath go páirteach, áfach, ar an gcaoi a rachaidh réigiúin dhifriúla i dtaithí ar athrú aeráide. Tá gníomhartha oiriúnaithe – ó phleanáil uirbeach go hinfrastruchtúr mar fhoirgnimh agus iompar a chur in oiriúint– ar siúl cheana ar fud na hEorpa, ach beidh níos mó dá leithéid de ghníomhartha ag teastáil amach anseo. Is féidir speictream leathan bearta a úsáid chun oiriúnú d’athrú aeráide. Mar shampla maolaítear éifeachtaí tonn teasa fad is a chuirtear feabhas ar cháilíocht aeir trí chrainn a phlandáil agus spásanna glasa (páirceanna) a mhéadú i gceantair uirbeacha.

ImaginAIR: Windmills

(c) Bojan Bonifacic, ImaginAIR/EEA

Bua féideartha don dá thaobh.

Truailleáin aeir chomónta is ea an-chuid ‘fórsóirí aeráide’. Tá leas ann do shláinte an duine agus don aeráid ach bearta chun astuithe carbóin dhuibh, ózóin agus réamhtheachtaithe ózóin a ghearradh. Roinneann gáis cheaptha teasa agus truailleáin aeir na foinsí astuithe céanna. Mar sin tá tairbhí féideartha ann ar féidir iad a fháil trí theorainn a chur le hastuithe d’aon cheann acu. 

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach geilleagar níos iomaíche a bheith aige a bheidh ag brath níos lú ar bhreosla iontaise agus níos lú éifeachta a bheith aige ar an gcomhshaol roimh 2050. I dtéarmaí réalaíocha tá sé mar aidhm ag Coimisiún na hEorpa astuithe gáis cheaptha teasa intíre an AE a laghdú 80%-95% i gcomparáid lena leibhéil i 1990 faoin dáta sin.

Ní féidir an t-aistriú go geilleagar ísealcharbóin agus laghduithe suntasacha ar astuithe gáis cheaptha teasa a bhaint amach gan ídiú fuinnimh an Aontais a athstruchtúrú. Spriocdhíríonn na cuspóirí beartais ar laghdú ar éileamh fuinnimh deiridh; úsáid níos éifeachtúla fuinnimh; fuinneamh níos in-athnuaite (m.sh. grian, gaoth, geoiteirmeach agus hidreachumhacht); agus breosla iontaise a úsáid níos lú. Feiceann siad ag teacht freisin feidhmiúchán níos leithne teicneolaíochtaí nua mar ghabháil agus stóras carbóin ina ngabháiltear agus ina stóráiltear faoi thalamh astuithe dé-ocsaíde carbóin ó áis thionsclaíoch i bhfoirmíochtaí geolaíocha den chuid is mó, áit nach féidir leo éalú isteach san atmaisféar. 

B’fhéidir nach é an réiteach is fearr san fhadtéarma a bheidh i gcuid de na teicneolaíochtaí seo –  gabháil agus stóras carbóin go háirithe - i gcónaí. Trí mhéideanna móra carbóin a stopadh ó bheith á scaoileadh isteach san atmaisféar sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, is féidir leis cabhrú linn athrú aeráide a mhaolú go dtí an nóiméad a thosóidh athruithe struchtúrtha fadtéarmacha a bheith éifeachtach.

Deimhníonn an-chuid tuarascálacha staidéir gur féidir le beartais aeir agus aeráide éifeachtúla leas a dhéanamh dá chéile. D’fhéadfaí go gcabhródh beartais a bhfuil sé mar aidhm acu truailleáin aeir a laghdú, an méadú meánteochta domhanda a choinneáil faoi dhá chéim. Agus d’fhéadfadh beartais aeráide a bhfuil sé mar aidhm acu astuithe meatáin agus carbóin dhuibh a laghdú an damáiste dár sláinte agus don chomhshaol a laghdú. 

Ach ní hé an cás gur gá go mbeadh beartais cháilíocht aeir agus aeráide go léir comhthairbhiúil. Imríonn an teicneolaíocht a úsáidtear ról tábhachtach. Mar shampla b’fhéidir go gcabhródh cuid de na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun carbón a ghabháil agus a stóráil, le feabhas a chur ar cháilíocht aeir, ach b’fhéidir nach gcabhródh cuid eile. Ar an gcaoi chéanna, b’fhéidir go laghdófar astuithe gáis cheaptha teasa agus go gcabhrófar le spriocanna aeráide a chomhlíonadh le bithbhreosla a chur in ionad breosla iontaise.  Ach ag an am céanna, d’fhéadfadh go méadódh sé astuithe ábhar cáithníneach agus truailleán aeir carcanaigineach eile, agus dá bharr sin meath a theacht ar cháilíocht aeir na hEorpa.

Is dúshlán don Eoraip a chinntiú go gcuirfear beartais aeráide agus aeir chun cinn agus go n-infheisteofar iontu agus i dteicneolaíochtaí comhthreisithe sa deich mbliana atá romhainn.

ImaginAIR: Vicious circle

(c) Ivan Beshev, ImaginAIR/EEA

Tuilleadh eolais

 


 

Permalinks

Geographic coverage

Tags

Filed under:
Filed under: air quality, air pollution
Document Actions