All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Article
Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoina bhfuil ar siúl sa chathair, sa tír agus sa domhan ina mairimid...
Bianca Tabacaru, An Rómáin (ImaginAIR)
Agus iad curtha den chuid is mó in aice le bóithre gnóthacha i gceantair uirbeacha nó i bpáirceanna poiblí, ní thugtar stáisiúin mhonatóireachta faoi deara go minic. Ach tá fearas sna boscaí murtallacha seo a shamplaíonn an t-aer go rialta ag a suíomh a thomhaiseann leibhéil chruinne tiúchana na bpríomhthruailleán aeir mar ózón agus ábhar cáithníneach agus tuairiscíonn na sonraí go huathoibríoch do bhunachar sonraí. Ina lán cásanna is féidir measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis seo ar líne taobh istigh de nóiméid den sampláil a dhéanamh.
Díríonn dlíthe náisiúnta agus Eorpacha ar phríomhthruailleáin aeir. Maidir leis na truailleáin seo tá líonraí fairsingíocha bunaithe trasna na hEorpa chun a dheimhniú cibé an bhfuil cáilíocht aeir ag suíomhanna difriúla ag comhlíonadh na gcaighdeán dlíthiúil agus na dtreoirlínte sláinte éagsúla nó nach bhfuil. Taifeadann agus craolann na stáisiúin seo toisí ag minicíochtaí éagsúla i dtaca le réimse leathan truailleáin aeir lena n-áirítear dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, luaidhe, ózón, ábhar cáithníneach, aonocsaíd charbóin, beinséin, comhdhúile orgánacha so-ghalaithe agus hidreacarbón aramatach iltimthriallach.
Tugann Gníomhaireacht Chomhshaoil na hEorpa le chéile toisí cáilíochta aeir ó níos mó ná 7,500 stáisiún monatóireachta trasna na hEorpa i mbunachar sonraí cáilíochta aeir AirBase. Storálann AirBase sonraí cáilíochta ó bhlianta roimhe sin (sonraí stairiúla).
Tomhaiseann agus tuairiscíonn roinnt stáisiúin mhonatóireachta na sonraí is déanaí gan ach moill ghearr (gar do shonraí réad-ama). Mar shampla i 2010 bhí suas le 2000 stáisiún ag tomhas tiúchaintí ózóin leibhéal na talún go leanúnach agus ag tuairisciú na sonraí gach uair a chloig. D’fhéadfaí a leithéid de thoisí réad-ama a úsáid mar chórais rabhaidh agus foláirimh i gcás eachtraí truaillithe suntasacha.
D’fhás an líon stáisiúin mhonatóireachta go mór ar fud na hEorpa sa deich mbliana atá thart go háirithe iad sin a dhéanann monatóireacht ar phríomhthruailleáin áirithe. I 2001 rinne beagán níos mó ná 200 stáisiún toisí dé-ocsaíd nítrigine, ach i 2010 bhí gar do 3 300 stáisiúin ag tuairisciú trasna thíortha na hEorpa. Sa tréimhse chéanna méadaíodh beagnach faoi thrí an líon stáisiún ag tuairisciú PM10 agus sroicheadh 3,000 stáisiún i 38 tír.
Cuireann fás an líonra monatóireachta lenár gcuid eolais agus tuisceana ar cháilíocht aeir na hEorpa. De bhrí go bhfuil sé costasach go leor stáisiún monatóireachta nua lena chuid fearais ardteicneolaíochta a bhunú, tagann páirt dár gcuid eolais ó fhoinsí eile, mar íomhánna satailíte; meastacháin astuithe ó shaoráidí móra tionsclaíocha; samhlacha cáilíochta aeir; agus grinnstaidéir ar réigiúin, ar earnálacha agus ar thruailleáin ar leith.
Tuairiscíonn 28,000 saoráid thionsclaíoch in 32 tír don E-PRTR – clár truailleán ar fud na hEorpa – cé mhéad truailleán éagsúil a scaoileann siad ar uisce, talamh agus aer. Tá an t-eolas seo go léir ar líne agus ar fáil don phobal agus do lucht déanta beartais araon.
(c) Artens | Shutterstock
Tá sé dúshlánach an t-eolas go léir a bhailímid ó fhoinsí éagsúla a chur le chéile. Tá na toisí ó stáisiúin mhonatóireachta sonrach don suíomh agus don am. Imríonn patrúin aimsire, tréithe tírdhreacha, uair an lae nó na bliana agus an fad go foinsí astuithe go léir ról sna toisí truailleán. I roinnt cásanna mar stáisiúin mhonatóireachta cois bóthair d’fhéadfadh gan ach fad cúpla méadar éifeacht a bheith aige ar na léamha.
Sa bhreis air sin, úsáidtear modhanna difriúla chun monatóireacht agus tomhas a dhéanamh ar an truailleán céanna. Imríonn tosca eile ról freisin. Beidh toisí difriúla de bharr, mar shampla, méadú ar chúrsaíocht tráchta nó scéimeanna atreoraithe tráchta seachas iad sin a taifeadadh don tsráid chéanna bliain roimhe sin.
Braitheann measúnú a dhéanamh ar cháilíocht aeir ar shiúl ó na stáisiúin mhonatóireachta ar shamhaltú nó ar shamhaltú agus ar thoisí le , lena n-áirítear breathnú satailíte. Bíonn neamhchinnteacht ag baint le samhaltú cáilíochta aeir go minic mar nach féidir le samhlacha na tosca coimpléascúla go léir a bhaineann le foirmiú, scaipeadh agus sil-leagan truailleán a atáirgeadh.
Tá an neamhchinnteacht i bhfad níos airde nuair a bhíonn measúnú maidir le héifeachtaí sláinte ó nochtadh do thruailleáin i suíomh áirithe i gceist. Tomhaiseann stáisiúin mhonatóireachta de ghnáth mais an ábhair cháithnínigh in aghaidh thoirt an aeir ach ní thomhaiseann siad comhdhéanamh ceimiceach na gcáithníní. Scaoileann na hastuithe ó sceithphíopaí cairr, mar shampla, carbón dubh ina mbíonn cáithníní chomh maith le gáis mar dhé-ocsaíd nítrigine go díreach isteach san aer. Ach chun a bheith in ann an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith aige sin ar shláinte phoiblí a dheimhniú, ní mór dúinn a fhios a bheith againn cad é an meascán cruinn atá san aer.
Tá an teicneolaíocht ina shiocair le níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin aer a análaimid. Gné riachtanach is ea é den phróiseas tuairiscithe agus monatóireachta. Tá forbairtí úrnua san earnáil teicneolaíocht faisnéise tar éis a chur ar chumas lucht déanta beartais méideanna ollmhóra sonraí a phróiseáil taobh istigh de shoicind. Cuireann a lán údarás poiblí an fhaisnéis seo ar fáil don phobal trína suíomhanna gréasáin, bardas Mhaidrid mar shampla, nó trí chumainn neamhspleácha mar Airparif do Pháras agus réigiún leathan Ile-de-France.
Coinníonn an EEA tairseacha faisnéise poiblí ar cháilíocht aeir agus truailliú aeir. Is féidir féachaint ar shonraí stairiúla cáilíocht aeir stóráilte in AirBase ar léarscáil, scagtha de réir truailleán agus bliana agus is féidir é a íoslódáil.
Is féidir teacht ar shonraí beagnach i réad-am (nuair atá siad ar fáil) ar phríomhthruailleáin mar PM10, ózón, dé-ocsaíd charbóin agus dé-ocsaíd sulfair tríd an tairseach Eye on Earth AirWatch. Is féidir le húsáideoirí a rátálacha pearsanta agus breathnóireachta a chur leis an uirlis féachana.
Ní hamháin gur chuir teicneolaíocht ar ár gcumas méideanna níos mó sonraí a phróiseáil, ach chabhraigh sé freisin le feabhas a chur ar cháilíocht agus cruinneas na hanailíse a dhéanaimid. Is féidir linn anois anailís a dhéanamh ag an am céanna ar: faisnéis aimsire; infreastruchtúr iompair ar bhóithre; dlús daonra; agus astuithe truailleán ó shaoráidí tionsclaíocha ar leith chomh maith le toisí ó stáisiúin mhonatóireachta agus fothorthaí ó shamhlacha cáilíocht aeir. I roinnt réigiún is féidir básanna anabaí ó ghalar cardashoithíoch agus riospráide a chur i gcomparáid le leibhéil thruailliú aeir. Is féidir linn an chuid is mó de na hathróga seo a bhreacadh ar léarscáil na hEorpa agus samhlacha níos cruinne a thógáil.
Níl taighde aeir teoranta do na tosca luaite thuas amháin. Deir Marie-Eve Héroux ó Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip, ‘Féachann an pobal taighde freisin ar an gcaoi a mbíonn éifeacht ag bearta éagsúla ar thruailliú aeir. Tá cineálacha an-leathana ionchuir ann, ó bhearta rialála go hathruithe ar phátrúin ídithe fuinnimh agus ar fhoinsí fuinnimh nó athruithe ar mhodhanna iompair agus ar iompraíocht daoine’.
Cuireann Héroux leis seo, ‘ Tá staidéar déanta air seo go léir agus tá na torthaí soiléir: tá bearta ann arbh fhéidir leo leibhéil thruaillithe a laghdú, go háirithe PM. Tugann sé le tuiscint dúinn conas is féidir linn rátaí báis de dheasca truailliú aeir a laghdú.’
Téann tuiscint níos fearr ar éifeachtaí comhshaoil agus sláinte ó thruailleáin aeir chun fónaimh an phróisis bheartais ansin. Aithnítear truailleáin nua, foinsí truaillithe agus bearta féideartha chun an truailliú a chomhrac agus áirítear iad sa reachtaíocht. D’fhéadfadh go mbeadh monatóireacht ar na truailleáin nua ag teastáil chuige sin. Cabhraíonn na sonraí a bhailítear mar thoradh air sin chun feabhas níos mó a chur ar ár gcuid eolais.
Mar shampla i 2004, cé go raibh bearta ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta ní raibh aon stáisiún monatóireachta ag tuairisciú go díreach faoi thiúchaintí comhdhúl orgánach so-ghalaithe, miotal trom nó hidreacarbón aramatach ilimthriallach san Eoraip don AirBase. I 2010 bhí níos mó ná 450, 750 agus 500 dá leithéid de stáisiúin faoi seach ann.
(c) Bianca Tabacaru, ImaginAIR/EEA
De ghnáth, leagann reachtaíocht aeir síos spriocanna le baint amach in am áirithe. Feiceann sí bealaí freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus a dheimhniú cibé an bhfuil na spriocanna comhlíonta laistigh den amfráma ionchais nó nach bhfuil.
Maidir le spriocanna beartais a bhí leagtha síos deich mbliana ó shin, d’fhéadfadh dhá phictiúr dhifriúla teacht chun cinn, agus iad ag brath ar na huirlisí a úsáideadh. D’fhéach an EEA ar an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochta Náisiúnta ar glacadh leis i 2001 agus a raibh sé mar aidhm aige teorainn a chur le hastuithe ó cheithre thruailleán aeir roimh 2010 agus rinne measúnú cé acu ar comhlíonadh na spriocanna aigéadaithe agus eotrófaithe a luadh sa treoir nó nár comhlíonadh.
Bunaithe ar a raibh ar eolas againn ag an am ar glacadh leis an treoir, bhí an chosúlacht ann gur comhlíonadh an sprioc eotrófaithe agus go raibh an riosca aigéadaithe laghdaithe go suntasach. Bunaithe ar eolas reatha agus uirlisí níos nuashonraithe á n-úsáid, áfach, níl an pictiúr chomh hiontach. Fadhb mhór chomhshaoil is ea eotrófú de bharr truailliú aeir agus tá a lán ceantar nár chomhlíon an cuspóir aigéadaithe.
I mbliana tá an tAontas Eorpach chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas aeir a dhíreoidh ar spriocanna nua agus amfráma a shíníonn go dtí 2020 agus níos faide anonn. Chomh maith lena beartas éiritheach ar aer, leanfaidh an Eoraip le hinfheistiú ina bunachar faisnéise.
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/signals-2013/ailt/ag-cur-lenar-gcuid-eolais or scan the QR code.
PDF generated on 30 Mar 2023, 03:49 PM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 12 March 2023 21:56 from version 23.1.28
Software version: EEA Plone KGS 23.3.11
Document Actions
Share with others