Ailt
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Croatian (hr)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Maltese (mt)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)
Eolaíocht, beartas agus an pobal a nascadh
30 Jul 2013Le fada an lá is ábhar iontais agus breathnóireachta iad an t-atmaisféar, patrúin aimsire agus éagsúlachtaí séasúracha. Sa 4ú haois B.C. tiomsaíodh i Meteorology, tráchtas Aristotle, breathnóireachtaí an fhealsaimh cháiliúil ní hamháin ar phatrúin aimsire, ach ar dhomhaneolaíochtaí go ginearálta. Go dtí an 17ú haois, bhí an t-aer ina shiombail ar 'neamhní'. Glacadh leis nach raibh aon mheáchan ag aer go dtí gur chruthaigh Galileo Galilei de réir na heolaíochta go raibh.
Gach anáil a thógaimid
30 Jul 2013Análaimid ón nóiméad a bheirtear sinn go dtí an nóiméad a fhaighimid bás. Tá sé riachtanach agus ríthábhachtach ní hamháin dúinne ach don bheatha go léir ar an domhan seo. Tá éifeacht ag cáilíocht íseal aeir orainn go léir: déanann sé dochar dár sláinte agus do shláinte an chomhshaoil a mbíonn caillteanais eacnamaíocha mar thoradh air. Ach cad as atá an t-aer a análaimid déanta agus cad as a dtagann na truailleáin aeir éagsúla?
Aer na hEorpa sa lá inniu
30 Jul 2013Tá feabhas déanta ag an Eoraip ar a cháilíocht aeir le deich nó fiche de bhlianta anuas. Cuireadh srian le hastuithe ó roinnt truailleán go rathúil ach leanann ábhar cáithníneach agus truailliú ózóin ag déanamh rioscaí tromchúiseacha do shláinte mhuintir na hEorpa.
Athrú aeráide agus aer
30 Jul 2013Tá ár n-aeráid ag athrú. Truailleáin aeir chomónta is ea an-chuid gás a athraíonn aeráid agus a bhfuil éifeacht acu ar ár sláinte agus ar an gcomhshaol. Ina lán bealaí, nuair a chuirtear feabhas ar cháilíocht aeir, neartaítear iarrachtaí ar an athrú aeráide a mhaolú freisin agus vice versa ach ní i gcónaí. Is é an dúshlán atá romhainn ná a chinntiú go ndíríonn athrú aeráide agus beartais aeir ar chásanna ina mbíonn an bua ag gach taobh.
Cáilíocht aeir laistigh
30 Jul 2013D’fhéadfadh go gcaithfeadh a lán againn suas le 90% dár lá taobh istigh – sa bhaile, ag an obair nó ar scoil. Tá éifeacht dhíreach freisin ag cáilíocht an aeir a análaimid taobh istigh ar ár sláinte. Cad a chinneann cáilíocht aeir taobh istigh? An bhfuil aon difríocht idir truailleáin aeir taobh amuigh agus taobh istigh? An féidir linn feabhas a chur ar cháilíocht aeir taobh istigh?
Ag cur lenár gcuid eolais faoi aer
30 Jul 2013Tá ár gcuid eolais agus tuisceana ar thruailliú aeir ag fás gach bliain. Tá líonra fairsingíoch stáisiún monatóireachta againn ag tuairisciú sonraí ar réimse leathan truailleán aeir comhlánaithe le torthaí ó shamhlacha cáilíochta aeir. Ní mór dúinn anois deimhin a dhéanamh de go leantar le faisnéis eolaíochta agus beartas a fhorbairt go comhuaineach.
Reachtaíocht aeir san Eoraip
30 Jul 2013Ní mar an gcéanna a bhíonn truailliú aeir i ngach áit. Scaoiltear truailleáin éagsúla isteach san atmaisféar ó réimse leathan foinsí. Chomh luath agus atá siad san atmaisféar is féidir leo trasfhoirmiú go truailleáin nua agus leathnú ar fud an domhain. Níl sé éasca beartais a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun an choimpléascacht seo a réiteach. Thíos tá forbhreithniú ar reachtaíocht aeir san Aontas Eorpach.
Permalinks
- Permalink to this version
- 2e4f316605c24b459ed989e8be16f96f
- Permalink to latest version
- 52NUA8GJCO
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/signals-2013/ailt or scan the QR code.
PDF generated on 04 Feb 2023, 04:33 AM
Document Actions
Share with others