Graffeg gwybodaeth
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Croatian (hr)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Maltese (mt)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)

Astaíochtaí agus éifeachtúlacht feithiclí
Is é iompar de bhóthar á thiomáint ag breosla iontaise an fhoinse is suntasaí de thruailliú aeir a bhaineann le hiompar. Scaoiltear truailleáin ó gach feithicil ó roinnt foinsí.

Cineálacha breosla agus astaíochtaí GCT
Tá dlúthnasc idir éileamh ar iompar agus gníomhaíocht gheilleagrach: i rith tréimhsí fáis, ardaíonn aschur geilleagrach, bíonn níos mó earraí á n-iompar agus bíonn níos mó daoine ag taisteal. Tá dlúthnaisc idir tionchair iompair ar shláinte an duine, an comhshaol agus athrú aeráide, agus an rogha breosla. Tá fáil cheana féin ar bhreoslaí ionadúla, glana, leictreachas san áireamh, agus d’fhéadfaí glacadh leo mar roghanna inmharthana i gcomparáid le peitreal agus díosal a úsáid. Tá ról tábhachtach ag fad turais i gcinneadh a dhéanamh maidir le hoiriúnacht an chineáil bhreosla.

Gaistíonn inbhéartú teochta truailliú ag leibhéal na talún
Is mó seans atá ann go dtarlóidh teagmhais truaillithe faoi choinníollacha inbhéartaithe teochta. I rith tréimhsí fadaithe d’ardbhrú i míonna an gheimhridh, sroicheann grianradaíocht an talamh, agus téitear an talamh. San oíche, ciallaíonn easpa brat scamall go gcailleann an talamh teas go tapa agus go n éiríonn an t-aer a dhéanann teagmháil leis an talamh níos fuaire. Ardaíonn an t-aer níos teo agus feidhmíonn sé mar chlaibín, coimeádann sé an t-aer níos fuaire gar don talamh. Coimeádtar truailliú, truailliú ó thrácht ar bhóithre san áireamh, rud a chiallaíonn go n éiríonn an ciseal aeir is gaire don talamh níos truaillithe agus níos truaillithe. Leanann sé seo ar aghaidh go dtí go n-athraíonn na coinníollacha meitéareolaíocha atá i dtreis.

Nochtadh ar thruailliú aeir i gcathracha
Tá go leor Eorpach á nochtadh do leibhéil dhíobhálacha truaillithe aeir. Tá suas le 30 % d’Eorpaigh atá ina gcónaí i gcathracha á nochtadh do leibhéil truailleán aeir a bhfuil caighdeáin cháilíocht aeir an AE á sárú acu. Agus tá thart ar 98 % d’Eorpaigh atá ina gcónaí i gcathracha á nochtadh do leibhéil truailleán aeir, rud atá díobhálach don tsláinte de réir treoirlínte níos déine na hEagraíochta Domhanda Sláinte.

Spriocanna AE chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú
Tá roinnt spriocanna AE sonraithe chun an tionchar atá ag iompar ar an gcomhshaol san Eoraip a laghdú, a ghás ceaptha teasa san áireamh. Is cuid de chuspóir foriomlán an AE iad spriocanna na hearnála iompair astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80–95 % faoi 2050.

Truailliú torainn san Eoraip
Is fadhb chomhshaoil atá ag dul i méid é an truailliú torainn ó roinnt foinsí. Tá éifeachtaí díobhálacha an truaillithe torainn le tabhairt faoi deara i bhfolláine daonraí daonna nochta, i sláinte agus dáileadh fiadhúlra, agus i gcumas leanaí foghlaim ar scoil.
Permalinks
- Permalink to this version
- 7460310fb39f49de905500227f5d3293
- Permalink to latest version
- PWHT4M9O7U
Geographic coverage
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/graffeg-gwybodaeth/graffeg-gwybodaeth/graffeg-gwybodaeth or scan the QR code.
PDF generated on 06 Feb 2023, 08:31 AM
Document Actions
Share with others