next
previous
items

Méadaíonn an seans nochta do ghalair nua, éiritheacha agus ath-éiritheacha, do thimpistí agus do phaindéimí nua de réir mar a mhéadaíonn soghluaisteacht na ndaoine agus earraí, athrú aeráide agus bochtaineacht.

Tá an tsláinte ríthábhachtach d’fhorbairt dhaonna agus is mó an breithniú a dhéantar ar an timpeallacht anois mar phríomhfhachtóir a imríonn tionchar ar shláinte na ndaoine. Go domhanda, tá feabhsú tagtha ar an tsláinte le scórtha bliain anuas, rud atá i gcomhréir cuid mhaith le hionchas saoil feabhsaithe. Ach tá an t-ualach galar dáilte go héagothrom ar fud an daonra, agus éagsúlacht ann idir inscne agus stádas sóisialta agus eacnamaíoch mar shampla.

Sa chaoga bliain amach romhainn, beidh bainteacht dhíreach agus indíreach ag mór‑threochtaí sláinte domhanda le ceapadh polasaí na hEorpa, go háirithe trí infheistíocht a spreagadh in ullmhú do ghalair agus do phaindéimí éiritheacha.

Cén fáth a bhfuil pátrúin sláinte domhanda tábhachtach duitse?

D’fhéadfadh tionchair dhíreacha sláinte ar an Eoraip a bheith i gceist. Méadaíonn an priacal nochta do ghalair nua, éiritheacha agus ath-éiritheacha, do thimpistí agus do phaindéimí nua le domhandú (trí thaisteal agus trádáil, mar shampla) dinimic daonra (amhail imirce agus dul in aois), chomh maith le bochtaineacht.

Is ábhar buartha é an imdhíonacht bhorrach ar antaibheathaigh agus drugaí eile agus failí i ndul i ngleic le cuid mhaith galar trópaiceach chomh maith i dtíortha forbartha agus i mbéal forbartha araon. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag teicneolaíocht i dtacú le feabhsuithe ar shláinte. D’fhéadfadh sé monatóireacht spásúil a éascú ar phátrúin sláinte a éascú chomh maith, rud a ligfeadh do léarscáiliú agus anailís ar phátrúin gheografacha galar nár tugadh faoi deara roimhe seo tarlú.

Graf 2: Sláinte, maláire faoi 2050

Is seadán é Plasmodium falciparum is cúis le maláire i measc daoine. Bíonn sé á tharchur ag muiscítí. Ciallaíonn athrú ar dhálaí aeráide agus úsáide talún go bhféadfadh an mhuiscít scaipeadh go ceantair nua, rud a thabharfadh maláire leis. Ach d’fhéadfadh deireadh teacht leis sna ceantair ina bhfuil sé faoi láthair chomh maith. Tá an ceantair ina bhfuil sé ag eascairt agus na ceantair in bhfuil deireadh ag teacht leis beagnach mar an gcéanna agus tá thart ar an méid céanna áitritheoirí iontu (thart ar 400 milliún sa dá chás).

Graf 2: Sláinte, maláire faoi 2050

Permalinks

Document Actions