Ord domhanda nua
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Maltese (mt)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)
Cén fáth a bhfuil an t-aistriú cumhachta domhanda seo tábhachtach duitse?
Nuair a thagann borradh réasúnta tapaigh ar thíortha feiceann siad borradh i gcumhacht eacnamaíoch de bharr a gcuid margaí táirgthe agus tomhaltais atá ag méadú. D’fhéadfadh siad an chumhacht sin a fheidhmiú in idirbheartaíochtaí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí eacnamaíochta (ar nós bacainní trádála agus caighdeáin na dtáirgí). Ach is féidir leo an tionchar sin a úsáid i réimsí eile chomh maith, lena n-áirítear i gcomhthéacs idirbheartaíochta comhshaoil.
Bíonn tionchair ag na hacmhainní atá mar fhoinse breosla do gheilleagracha náisiúnta freisin ar chothromaíocht idirnáisiúnta na cumhachta. Má tá acmhainní riachtanacha i do sheilbh agat d’fhéadfaí iomaíochas agus tionchar na ngeilleagracha atá i mbéal forbartha a fheabhsú a thuilleadh, go háirithe toisc dáileadh éagothrom na n-acmhainní ar bhonn domhanda. Mar shampla, ceaptar go bhfuil níos mó ná leath de stoc litiam an domhain, miotal atá riachtanach faoi láthair le haghaidh gluaisteán hibrideach agus lánleictreach lonnaithe sa Bholaiv.
Meastar go dtiocfaidh méadú faoi cheathair ar úsáid domhanda Neoidimiam, atá ina ábhar riachtanach do mhórán teicneolaíochtaí léasair ardteicneolaíochta, sa 30 bliain atá le teacht. Níl an eilimint ar fáil i dtromlach ach sa tSín. Beidh fás na dtionscal gaolmhar ag brath beagnach go hiomlán ar an tSín agus ar a cumas táirgiúlachta. Beidh na hiarmhartaí do na stáit a bhfuil a leithéid d’acmhainní acu agus do na geilleagracha atá ag brath ar allmhairí araon suntasach.
Graf 1: Amhábhair roghnaithe
Cén fáth a bhfuil iomaíocht acmhainne domhanda níos dlúithe tábhachtach don Eoraip? Tá rochtain daingean ar acmhainní nádúrtha ina fhachtóir ríthábhachtach do bhunús táirgiúlachta na hEorpa. Níl an Eoraip saibhir ó thaobh acmhainní de agus bíonn uirthi mórán de na hacmhainní atá uaithi a allmhairiú.
Le haghaidh breis faisnéise féach: Mór‑threochtaí domhanda: iomaíocht domhanda níos dlúithe ar acmhainní: www.eea.europa.eu/soer/europe-and-the-world/megatrends
Permalinks
- Permalink to this version
- a232e9c87a932ad698cd7a9136e788d8
- Permalink to latest version
- DJOI6GNK5R
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/eea-2011/mor-threocht-domhanda-earth-2050/ord-domhanda-nua or scan the QR code.
PDF generated on 03 Mar 2021, 01:39 PM
Document Actions
Share with others