All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Bíonn tionchar ag fás daonra ar an gcuid is mó de mhór-threochtaí an domhain. Le cobhsú an daonra dhaonna – atá tuartha le tarlú sa dara leath den chéad reatha – ní bhfaighfear réiteach ar fhadhbanna an domhain ach d’fhéadfadh go gcabhrófar le hiarrachtaí i dtreo forbartha inbhuanaithe.
De réir mar a fhásann an daonra, tiocfaidh méadú ar úsáid acmhainní nádúrtha, ar thruailliú comhshaoil agus ar athrú úsáide talún ar nós uirbithe. Beidh tionchar díreach ag aistrithe i dtreochtaí déimeagrafacha an domhain ar chomhshaol na hEorpa trí hathrú aeráide agus thomhailt acmhainní.
D’fhéadfadh go ndéanfadh imirce ó lasmuigh den Eoraip an laghdú nádúrtha ar dhaonra agus ar fhórsa saothair na hEorpa a chúiteamh ar bhealach ach beidh idirghabhálacha substaintiúla beartais ag teastáil ar leibhéal réigiúnach agus náisiúnta.
Tá an smaoineamh go mbeidh ródhaonra ina phríomhchúis le géarchéim phláinéadach á cheistiú. Ní hamhlaidh go bhfuil an iomarca daoine ann le cothú ag an bpláinéad ach seachas sin is amhlaidh go bhfuil níos mó acmhainní ná mar a fhéadann an pláinéad a dhéanamh ag teastáil le haghaidh slite beatha sa líon méadaitheach de gheilleagair tionsclaithe. Is é fás eacnamaíochta níos mó ná fás daonra a chuireann le húsáid acmhainní i líon méadaithe de réigiúin.
Mar thoradh ar an meánaicme dhomhanda níos mó in 2050 beidh níos mó cumhacht caithimh ann
Sa staidéar seo, déantar an mheánaicme a shainiú i dtéarmaí leibhéil tomhaltais: Is é atá i gceist ná an grúpa de theaghlaigh a chaitheann idir USD 10 agus 100 in aghaidh an lae (i bpaireacht chumhacht cheannaigh).
Le haghaidh liosta iomlán de thagairtí: Mór-threochtaí domhanda: ag maireachtáil i ndomhan uirbeach: www.eea.europa.eu/soer/europe-and-the-world/megatrends
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/eea-2011/mor-threocht-domhanda-earth-2050/is-e-fas-eacnamaiochta-seachas or scan the QR code.
PDF generated on 01 Apr 2023, 09:25 PM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 12 March 2023 21:56 from version 23.1.28
Software version: EEA Plone KGS 23.3.11
Document Actions
Share with others