All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Teachtaireacht lárnach: Tá stoc acmhainní nádúrtha an domhain ag dul i laghad cheana féin. Toisc go bhfuil daonra an domhain ag éirí níos mó agus níos saibhre agus go bhfuil a chuid riachtanas tomhaltais ag dul i méid beidh an t-éileamh ar go leor rudaí, bia, uisce agus fuinneamh ina measc, ag éirí níos mó. D’fhéadfadh go n-éireodh an iomaíocht dhomhanda le haghaidh acmhainní níos dlúithe amach anseo, mar thoradh ar an méadú ar éileamh agus an laghdú ar sholáthar. SOER 2010: measúnú téamach – tomhaltas agus an comhshaol
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain dhaingean ar acmhainní ag an Eoraip. Tá acmhainní na hEorpa réasúnta tearc agus bíonn uirthi go leor acmhainní a iompórtáil. Is amhlaidh é sin ach go háirithe nuair a dhéantar talamh slán de go leanfaidh an t-éileamh ar fhuinneamh chomh maith leis na hacmhainní a theastaíonn chun réitigh ardteicneolaíochta a chur ar fáil ar aghaidh ag dul i méid.
Amhábhair (mianraí, mar shampla): Má éiríonn mianraí agus miotail níos teirce ar bhunús fadtéarmach, d’fhéadfadh go mbeadh ar an Eoraip muinín a chur i bhfoinsí ar measadh gur foinsí neamheacnamaíocha iad anuas go dtí seo. Téann an méadú ar mhianadóireacht i bhfeidhm ar an gcomhshaol ar go leor bealaí, lena n-áirítear tírdhreacha a athrú, uisce a thruailliú agus dramhaíl a ghineadh. Má éiríonn cáilíocht na gcúltaiscí mianra níos measa d’fhéadfadh nach mbeadh sé chomh tíosach ar fhuinneamh foinsí den sórt sin a shaothrú.
Acmhainní nádúrtha (barra bia, mar shampla): Toisc go mbeidh daonra níos mó, níos saibhre againn faoi 2050 tugtar le tuiscint go mbeidh an t-éileamh ar tháirgeadh talmhaíochta a dhá oiread agus atá sa lá atá inniu ann. D’fhéadfadh go mbeadh tionchar aige sin maidir le: caillteanas éiceachóras nádúrtha, dochar do sheirbhísí éiceachórais lena n-áirítear timthriall carbóin agus uisce, agus an tionchar ar sholáthar bia agus gairbhsí.
D’fhéadfadh go dtiocfadh méadú suntasach ar dhaonra an domhain leis na deichniúir atá romhainn agus de réir mar a théann an saibhreas i méid tá aistí bia ag aistriú ó ghránaigh go feoil. Tá impleachtaí suntasacha ag baint leis sin ó thaobh úsáid talún agus éiceachóras nádúrtha de.
Le haghaidh breis faisnéise féach: Mórthreochtaí domhanda: laghdú ar stoic na n-acmhainní nádúrtha: www.eea.europa.eu/soer/europe-and-the-world/megatrends
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/eea-2011/mor-threocht-domhanda-earth-2050/iomaiocht-dhomhanda-nios-dluithe-le or scan the QR code.
PDF generated on 26 Mar 2023, 06:02 AM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 12 March 2023 21:56 from version 23.1.28
Software version: EEA Plone KGS 23.3.11
Document Actions
Share with others