Ag maireachtáil i ndomhan uirbeach
- Bulgarian (bg)
- Czech (cs)
- Danish (da)
- German (de)
- Greek (el)
- English (en)
- Spanish (es)
- Estonian (et)
- Finnish (fi)
- French (fr)
- Irish Gaelic (ga)
- Hungarian (hu)
- Icelandic (is)
- Italian (it)
- Lithuanian (lt)
- Latvian (lv)
- Maltese (mt)
- Dutch (nl)
- Norwegian (no)
- Polish (pl)
- Portuguese (pt)
- Romanian (ro)
- Slovak (sk)
- Slovenian (sl)
- Swedish (sv)
- Turkish (tr)
Cén tábhacht a bhaineann le huirbiú duitse?
Beidh tionchar suntasach ag dearadh agus rialachas ceantar uirbeach, i gceantar thoir theas na hÁise go háirithe, ar astuithe domhanda gáis cheaptha teasa agus ar an éileamh a bheidh ar acmhainní. Nuair a bhíonn cathair tógtha bíonn sé fíordheacair é a athrú. Téann cónaitheoirí in oiriúint do na coinníollacha seo ach d’fhéadfadh deacracht a bheith ag baint lena n-iompraíocht a athrú. In a lán áiteanna sa domhan forbraíochta, tá an baol ann nach ndéanfar mórán forbartha ar mhúnlaí fuinnimh agus acmhainní d’fhorbairt uirbeach sna blianta beaga amach romhainn.
I ndomhan atá nasctha go dlúth lena chéile, beidh tionchar díreach ag athruithe ar uirbiú agus ar phatrúin ghaolmhara tomhaltais ar an Eoraip. I measc na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá patrúin úsáide talún na hEorpa a athrú mar gheall ar iomaíocht ghéar le haghaidh acmhainní agus an baol go bhféadfadh galar a bheith ag forbairt agus ag leathnú ar fud an domhain.
Graf 6: Treochtaí uirbeacha
Den chéad uair riamh, tá breis agus 50% de dhaonra an domhain ag maireachtáil i gceantair uirbeacha. Faoin mbliain 2050, tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh 70% den daonra ag maireachtáil i gceantair uirbeacha (UNDESA, 2010). Measann lucht déimeagrafaice go mbeidh breis agus 50% de dhaonra uirbeach an domhain ag maireachtáil san Áise faoin bliain 2050.
Le haghaidh breis faisnéise féach: Mór‑threochtaí domhanda: ag maireachtáil i ndomhan uirbeach: www.eea.europa.eu/soer/europe-and-the-world/megatrends
Permalinks
- Permalink to this version
- 4ea231f222639fca4eb13c014e9819fd
- Permalink to latest version
- HMB0ES3W5D
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/eea-2011/mor-threocht-domhanda-earth-2050/ag-maireachtail-i-ndomhan-uirbeach or scan the QR code.
PDF generated on 18 May 2022, 06:33 AM
Document Actions
Share with others