next
previous
items
Up one level
  • Is as Tasilaaq é Dines Mikaelsen, baile ar oileán Amassalik ar chósta thoir na Graonlainne ina bhfuil comharthaí an téimh á dtabhairt faoi deara. “Cúig bliana ó shin, ní raibh aon chuileoga i dTuaisceart na Graonlainne. Tá siad ann anois. Tagann na cuileoga anseo mí níos luaithe ná mar a thagaidís," ar Dines. Click to view full-size image… 1.2 MB
  • Is toradh eile é d'éiceachórais athraitheacha ná an bhagairt roimh an gcleachtas ainmhithe mara a sheilg, atá lárnach don chultúr dúchais Ionúiteach sa Ghraonlainn. Click to view full-size image… 998.0 KB
  • Deireann Dines nach bhfuil ach leathoiread na seilgeoirí in Tasilaaq na laethanta seo is a bhíodh. Síleann sé gur mar gheall ar ghuagacht an oighir sa Gheimhreadh, mar aon le hathruithe ar líon na rónta agus, mar gheall ar dhomhandú, tá daoine ag aimsiú slite beatha nua dóibh féin. Click to view full-size image… 946.0 KB
  • Is seilgeoir Ionúiteach é Dines a raibh air éagsúlú a dhéanamh. Téann turasóirí in éineacht leis na laethanta seo agus é ag dul i mbun sealgaireachta. Click to view full-size image… 977.8 KB
  • Maraíonn Dines rón lena thríú urchar. Tá suaitheadh ar na turasóirí, cé gur tháinig siad d'fhonn é seo a fheiceáil. Click to view full-size image… 1.1 MB
  • Ní lámhachann na hIonúitigh mar chaitheamh aimsire. Baintear úsáid as an rón go léir: na craicne le haghaidh éadaí, an bhlonag le haghaidh ola cócarála agus bealaí, agus itheann daoine agus madraí an fheoil. Click to view full-size image… 899.6 KB
  • Tagann tuilleadh longa cúrsála gach bliain cion is go bhfuil na bealaí mara á saoradh. Tagann turasóirí le haghaidh turais sealgaireachta tionlactha san earrach agus sa samhradh, agus i rith míonna an fhómhair agus an gheimridh téann daoine áitiúla ag taisteal leo i gcarr sleamhnáin madraí agus ag iascaireacht tríd an oighear. Click to view full-size image… 1.1 MB
  • Is cosúil go dtionscnófar go leor gníomhaíochtaí eacnamaíochta san Artach de réir mar a imíonn an t-oighear. Beidh daoine in ann dul i mbun iascaireachta níos faide ó thuaidh, déanfar acmhainní ola agus gáis a shaothrú, agus beidh iompar idir-ilchríochach earraí indéanta mar gheall ar mhéadú ar uisce oscailte agus an t-oighear ann níos laige. Click to view full-size image… 834.0 KB
  • Tá muintir dhúchasacha an Artaigh ar na daoine is túisce ar domhan iarmhairtí fíor an athraithe aeráide a bhrath, agus a stíl mhaireachtála agus a gcultúr a chur in oiriúint. Beidh cothromú na sochar eacnamaíoch ó Artach níos teo i gcoinne na rioscaí comhshaoil a ghabhfaidh leis sin ina dhúshlán suntasach. Click to view full-size image… 1.0 MB
  • Tá athrú ag teacht ar an saol san Artach. I rith na 50 bliain seo a chuaigh thart, tá teochtaí ag méadú dhá uair níos gasta ná meán an domhain, ag athrú an tírdhreacha trí oighearshruthanna a leá agus muirbhealaí a oscailt. Click to view full-size image… 1.1 MB
  • Is ábhar imní é oighear leáite san Artach cion is go bhfuil ról lárnach ag na poil thuaidh agus theas maidir le haeráid an domhain a fhuarú. Má leanann teochtaí ardaitheacha ar aghaidh de réir an ráta atá tuartha beidh iarmhairtí tromchúiseacha i ndán dúinn uile. Click to view full-size image… 980.7 KB
  • In 2007, bhí méid oighear mara an tsamhraidh níos lú ná leath den mhéid a bhí ann in 2003. Tá an t-oighear mara is sine, is tibhe agus is cobhsaí ag imeacht, agus tá tionchar déanta cheana ar líonra leochaileach éiceachórais an Artaigh. Click to view full-size image… 336.6 KB

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions