next
previous
items
Up one level
  • Tá an baile ar snámh deartha chun dul i ngleic le pointí uasta agus íosta na leibhéal uisce ach ina theannta sin cuireann sé cáilíocht maireachtála níos fearr ar fáil — tá an saol cois uisce nó ar an uisce an-mhaith anseo. Click to view full-size image… 2.7 MB
  • Is iomaí iarmhairtí a bhíonn ag athrú aeráide san Eoraip idir thuile, spalladh triomaigh agus thonnta teasa, agus bíonn athruithe éagsúla os comhair ceantair uirbeacha éagsúla. Go dtí seo níl straitéisí chun dul i ngleic leis na coinníollacha 'nua' arna bhforbairt ach ag líon beag cathracha. Click to view full-size image… 5.2 MB
  • Tá sé rí-thábhachtach go leathnóimid amach ó phócaí nuálaíochta i limistéir uirbeacha go cathracha nuálaíochta. Cuireann an dlús daonra ard a bhíonn i limistéir uirbeacha lena n-inbhuanaitheacht. Má dhéantar pleanáil agus bainistiú i gceart, d'fhéadfadh cathracha a bheith chun tosaigh go héiceolaíoch sa todhchaí. Click to view full-size image… 3.3 MB
  • Tá brú á chur ar chathair Amstardam a bheith cruthaitheach de dheasca méadú ar an daonra agus ardú ar an leibhéal uisce. Seachas gan ach cosaintí in aghaidh tuillte a threisiú, tá roinnt ailtirí, pleanálaithe agus innealtóirí ag déanamh tástálacha le cineálacha ailtireachta nua ar an uisce é féin. Click to view full-size image… 1.3 MB
  • Tá IJburg, bruachbhaile Amstardam, á dhearadh agus á thógáil mar phobal ar snámh ag an gcuideachta tógála Ollannach Dura Vermeer. Tá na tithe nua 'nasctha' le siúláin atá ar snámh agus ceangailte le seirbhísí leictreacha, uisce agus sláintíochta. Is féidir iad seo a dhínascadh go héasca agus iad a bhogadh áit éigin eile. Click to view full-size image… 5.4 MB
  • "Neosfaidh an aimsir nach ionann ár n-ionchas agus an todhchaí. Ní féidir tuar cruinn a thabhairt maidir le cé chomh ard is a rachaidh an t-uisce san Ísiltír. Ach gabhann solúbthacht le pobal ar snámh. Rachaidh na tithe suas agus síos leis an uisce." Johan van der Pol, leas-stiúrthóir Dura Vermeer Click to view full-size image… 644.6 KB
  • Cuireann tithe gloine éiceabhácha a bhíonn ar snámh dhá fheidhm le chéile laistigh d'aon mhéadar cearnach: fásann torthaí agus glasraí agus stóráiltear fionnuisce. Click to view full-size image… 4.8 MB

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions