next
previous
items
Up one level
  • Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm go mór ar mhuintir na Sundarban. Agus é lonnaithe i mbéal an Ganges sa Bhanglaidéis agus sa Bheangál Thiar san India, tá an limistéar seo ina chuid den deilt is mó ar domhan. Is é is brí le Sundarban i mBeangáilis ná 'foraois álainn' cion is go bhfuil an réigiún clúdaithe i bhforaoisí mangróbh. Click to view full-size image… 388.9 KB
  • I measc éifeachtaí an athraithe aeráide atá ina mbagairt don cheantar agus dá áitritheoirí tá leibhéal mara ardaitheach, monsúin atá níos giorra ach níos troime, borrthaí taoide méadaithe agus hairicíní ar bhonn níos minice. Click to view full-size image… 294.2 KB
  • Thar tréimhse na 20 bliain seo a chuaigh thart, tá ceithre oileán i ndiaidh imeacht faoi thoinn, agus 6,000 daoine fágtha gan dídean dá réir. Click to view full-size image… 143.6 KB
  • Chaill Ruhul Khan trí theach le blianta anuas. Bhí na tithe a bhí aige lonnaithe ar chlé sa phictiúr, ceantar atá faoi uisce anois. Click to view full-size image… 415.1 KB
  • Bhíodh Basand Jana agus a mhuintir ina gcónaí ar Oileán Lohachara, sular ardaigh leibhéal na mara. Bhí feirm agus gnó iascaireachta acu ar Lohachara, ach anois tá orthu obair ar fheirmeacha daoine eile. Click to view full-size image… 152.3 KB
  • Is minic nach mbíonn aon chúnamh ann ón rialtas, ach glactar le gníomh ar bhonn áitiúil. Tá daoine ag tógáil claífort agus fálta bambú chun a mbailte agus a ngoirt a chosaint ón bhfarraige. Click to view full-size image… 500.2 KB
  • Iompraíonn leibhéal ardaitheach na mara sáile isteach sa tír, ag déanamh dochar do thorthúlacht na hithreach. Tá oiriúint déanta ag cónaitheoirí áirithe trí úsáid a dtalamh feirme le haghaidh pórú iasc. Tá daoine eile ag déanamh tástálacha le cineálacha barraí ar féidir leo maireachtáil i sáile. Click to view full-size image… 345.6 KB
  • Is fadhb eile spalladh triomaigh a mbíonn ar áititheoirí na Sundarban dul i ngleic léi. Ní hamháin go bhfuil sáile ag déanamh dochair do na humair, ach maireann na tréimhsí gan báisteach níos faide. Bíonn ar dhaoine achair níos mó a thaisteal chun uisce óil a bhailiú dá dteaghlaigh. Click to view full-size image… 135.9 KB
  • Mura ndéantar athruithe radacacha go luath, d'fhéadfadh iarmhairtí níos measa fiú a bheith i ndán do na leanaí seo nuair a fhásann siad aníos de dheasca athraithe aeráide. Click to view full-size image… 214.2 KB
  • Is dualgas domhanda é cúnamh a thabhairt do phobail bhochta dul i ngleic le hathrú aeráide. Trí eolas a aistriú agus cúnamh airgeadais a thabhairt is féidir linn an cumas a thabhairt do dhaoine fanacht ina réigiúin féin, agus líon na ndídeanaithe aeráide amach anseo a íoslaghdú. Click to view full-size image… 26.7 MB
  • Tá ar dhaoine ar fud an domhain amharc ar shlite chun iad féin a chosaint i gcoinne iarmhairt an athraithe aeráide. Cá háit as a dtiocfaidh ár n-uisce? An mbeidh galair nua ann? Conas a ndéanfaimid muid féin a chosaint ó aimsir thar fóir? Ar nós mhuintir na Sundurban, tá orainn muid féin a chur in oiriúint anois. Click to view full-size image… 83.0 KB

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions