next
previous
items

Article

Sláinte in aeráid atá ag athrú

Change language
Article Published 28 Jul 2011 Last modified 21 Mar 2023
Photo: © John McConnico
I mí Lúnasa 2007, bhraith údaráis áitiúla sláinte san Iodáil líon ard cásanna breoiteachta neamhghnácha i Castiglione di Cervia agus i Castiglione di Ravenna, dhá shráidbhaile beag atá deighilte ag abhann. Chuir an bhreoiteacht isteach ar bheagnach 200 duine agus fuair seanfhear amháin bás (Angelini et al., 2007).

Tar éis fiosrúcháin mhionsonraithe, fuarthas amach gurb í Chikungunya a bhí sa bhreoiteacht, víreas iompartha ag feithidí a aistríonn an Aedes nó muiscít ‘thíograch na hÁise’, a fhaightear go coiteann san Afraic agus san Áise, go daoine. Rinneadh foinse an ionfhabhtaithe a rianú go fear a bhí ar saoire sa réigiún.

Ceaptar go raibh an galar ag an bhfear breoite sular thaisteal sé chuig an Eoraip ach fuair sé greim ó mhuiscít thíograch na hÁise san Iodáil. Is veicteoir nó iompróir an víris é muiscít thíograch na hÁise agus meastar gur scaip an fheithid sin an víreas go duine eile sa sráidbhaile. Chuir sé seo tús le himoibriú slabhrúil, le muiscítí tíogracha ag tabhairt greime do dhaoine ionfhabhtaithe agus ag scaipeadh an víris go dtí gur tharla mioneipidéimeach.

Gréasán imoibrithe

Bhí an briseadh amach i Chikungunya ag brath ar ghréasán casta imoibrithe agus coinníollacha a nochtann roinnt de na rioscaí agus na dúshláin sláinte atá ós ár gcomhair i ndomhan domhandaithe. Bhí ról ag turasóireacht, athrú aeráide, trádáil, gluaiseacht speicis agus sláinte phoiblí go léir anseo.

Meastar gur tháinig an mhuiscít thíograch chuig an Eoraip ó raon earraí allmhairithe – ó phlandaí ornáideacha ar nós ‘bambú an áidh’ go boinn athláimhe. Fuarthas larbhaí na muiscíte i mórán codanna den Eoraip ach ní mhaireann sé ach allamuigh i dtíortha theas atá níos teo nó i dtithe gloine níos faide ó thuaidh – san Ísiltír mar shampla.

Faightear an Fiabhras Deinge agus Víreas na Níle Thiar san Eoraip anois agus déantar iad a scaipeadh ag míol muiscíte. Dar leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) i Stócólm, an tSualainn, ón chéad briseadh amach mór sa Rómáin i 1996, aithnítear ionfhabhtú Víreas na Níle Thiar anois mar phríomhchúis d’imní sláinte phoiblí san Eoraip. Níl aon vacsaín ar fáil faoi láthair agus tá na príomh bhearta coisctheach dírithe ar nochtadh chuig míol muiscíte a laghdú.

Diantáirgeadh bia

Seans go bhfuilimid ag cruthú na coinníollacha atá riachtanach chun galar ionfhabhtaithe a scaipeadh – coinníollacha nach raibh ann cheana. Tá tionsclaíocht an táirgthe bia, mar shampla, mar chúis imní mór. Trí chineál amháin ainmhí a phórú go dian, táimid i mbaol ‘monashaothraithe’ a tháirgeadh le beagán inathraitheacht géiniteach. Tá na hainmhithe seo an so‑ghabhálach i leith galar a cruthaítear de bharr droch-shláinteachais nó ionfhabhtaithe ó ainmhithe fiáine, ar nós éin. Nuair atá na galair laistigh den mhonashaothrú, is féidir leo só agus scaipeadh go héasca fiú chuig na daoine atá ag obair leis na hainmhithe atá i gceist. Is modh aitheanta anois é ró-úsáid antaibheathaigh chun cúiteamh a dhéanamh d’easnamh na frithsheasmhachta nádúrtha – cleachtas a d’fhéadfadh a fhadhbanna féin a chruthú.

‘Féachann talmhaíocht nua-aimseartha éifeachtach, díreach cosúil le sláinte phoiblí, chuig an eolaíocht agus an leigheas chun freastal ar roinnt de na héilimh a bhaineann le domhan domhandaithe. Cé go bhfuil mórán dúinn tar éis leas a bhaint as talmhaíocht nua‑aimseartha de bharr soláthairtí níos saoire agus níos flaithiúla, d’fhéadfadh brúnna agus fadhbanna gan choinne teacht chun cinn as,’ arsa an Dr Marc Sprenger, Stiúrthóir ECDC.

‘Mar shampla, mar thoradh ar úsáid fairsing antaibheathaigh sa talmhaíocht, d’fhéadfadh siad laghdú ó thaobh éifeacht de réir mar a éiríonn baictéir níos frithsheasmhaí, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar dhaoine chomh maith,’ arsa an Dr Sprenger.

Nuálaíocht: comhshaol agus sláinte

Cuirfear feabhas ar cháilíocht an aeir trí hiarrachtaí chun athrú aeráide a chomhrac

Is é is aidhm do phacáiste Aeráide agus Fuinnimh In-athnuaite an Aontais Eorpaigh (CARE) ná:

  • astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú faoi 20% faoi 2020
  • sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi 20% faoi 2020
  • éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú faoi 20% faoi 2020.

Cabhróidh na hiarrachtaí a theastaíonn chun na spriocanna seo a chomhlíonadh truailliú an aeir san Eoraip a laghdú freisin. Mar shampla, beidh sé mar thoradh ar fheabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid mhéadaithe fuinnimh in-athnuaite go laghdófar dó breoslaí iontaise – rud is príomhchúis le truailliú aeir. Tagraítear do na fo-iarmhairtí dearfacha seo mar ‘chomhbhuntáistí’ de bheartas athraithe aeráide.

Meastar go ngearrfaidh an pacáiste thuas an costas bliantúil ar bhaint amach spriocanna an AE maidir le truailliú aeir ar luach na mbilliún euro. Agus d’fhéadfadh an coigilt i seirbhísí sláinte na hEorpa a bheith chomh mór le sé huaire níos mó.

Nascacht i ré an athraithe aeráide

Tá speicis agus galair nua a thiocfaidh chun na hEorpa ar chuid de na tionchair sláinte a bhainfidh le hathrú aeráide. D’fhéadfadh cuid mhaith tionchair timpeallachta agus shóisialta eile cur isteach ar shláinte daoine i ndeireadh na dála trí athruithe ar chaighdeán agus ar chainníochtú an uisce, an aeir agus an bhia, chomh maith le pátrúin aimsire, éiceachórais, talmhaíochta agus slite beatha atá athraithe.

D’fhéadfadh athrú aeráide na fadhbanna timpeallachta atá ann cheana a dhéanamh níos measa chomh maith, amhail truailliú aeir agus cur isteach ar sholáthairtí uisce agus seirbhísí sláintíochta atá inbhuanaithe.

Thaispeáin an tonn teasa a tharla san Eoraip i samhradh 2003 ina bhfuair breis is 70,000 duine bás, thaispeáin sé an gá atá le dul i dtaithí ar aeráid atá ag athrú. Is iad seandaoine agus daoine a bhfuil galair áirithe orthu is mó atá i mbaol agus tá grúpaí daoine díothacha níos leochailí. Sna ceantair uirbeacha chúnga ina bhfuil cuid mhaith de shéalú ithreach agus dromchlaí a ionsúnn an teas, d’fhéadfadh éifeachtaí tonnta teasa a bheith géaraithe mar gheall ar fhuarú neamhleor san oíche agus sruthanna aeir atá lag.

Maidir le daonraí san AE, meastar go méadóidh líon na mbásanna ar ráta 1-4% in aghaidh gach méadú céim teochta os cionn scothphointe (a bhainfeadh le háit ar leith). I rith na 2020idí, d’fhéadfadh an méadú measta ar bhásanna den teas a bheadh mar thoradh ar athrú aeráide réamh-mheasta dul os cionn 25,000 in aghaidh na bliana, go háirithe i lár agus i ndeisceart na hEorpa.

‘Is gá go bhforbródh an plé a nascann sláinte, úsáid talún, talmhaíochta, turasóireacht, trádáil agus athrú aeráide ar bhealach samhlaíoch. Is maith an seans nach bhfuilimid ag nascadh sláinte an phobail leis an timpeallacht ná athrú aeráide go cuí faoi láthair,’ arsa an Dr Sprenger.

‘Mar shampla, thug mé cuairt ar roinn sláinte le déanaí agus d’iarr mé orthu cé a bhí i gceannas ar cheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide agus dúradh liom nach raibh a leithéid de dhuine ann. Níl mé ag tabhairt breithiúnais ar roinn ná ar údarás ar leith, ach léiríonn sé gur gá dúinn an chaoi a mbímid ag smaoineamh faoi na fadhbanna seo a athrú, ós rud é go bhfuil siad go léir nasctha, ‘ arsa an Dr Sprenger.

‘Is gá go n-athródh córais sláinte an phobail agus go mbeidís oscailte d’fhéidearthacht dálaí nua galar agus aeráide. D’fhéadfaí diagnóisiú mícheart a dhéanamh ar dhaoine faoi láthair toisc nach bhfuil a ndochtúir eolach ar víreas nua. Is iomaí ceann acu a bhfuil cuma an fhliú orthu. Tá gá againn le huirlisí nua le déileáil leis na dúshláin nua, amhail oiliúint, agus is gá go mbeidh áiseanna amhail saotharlanna solúbtha agus inoiriúnaithe, a deir sé.

  • Má tá tuilleadh eolais chomh maith le liosta iomlán tagairtí uait, féach ar Sintéis SOER 2010.

MosquitoSpeicis ionracha

Tá muiscít thíograch na hÁise nó Aedes albopictus ar cheann de na samplaí is forleithne de ‘speiceas ionrach’. Tá an raon traidisiún ann ón bPacastáin go dtí an Chóiré Thuaidh. Tá sí le fáil ar fud an domhain anois agus cuireadh síos uirthi mar ‘an mhuiscít is ionraí dá bhfuil ann ar domhan’.

Tá an mhuiscít mar shampla amháin de bhagairt i bhfad níos leithne do bhithéagsúlacht na hEorpa, de réir mar a lonnaíonn agus a scaipeann speicis chomhthíocha nó neamhdhúchasacha ar fud na hilchríche mar thoradh ar ghníomhaíochtaí daonna. Tá speicis choimhthíocha le fáil sna héiceachórais Eorpacha ar fad. Tá sé mar thoradh ar dhomhandú, go háirithe trádáil agus turasóireacht mhéadaithe, go bhfuil méadú ar líon agus ar chineálacha na speiceas coimhthíoch atá ag teacht go dtí an Eoraip.

Tá thart ar 10,000 speiceas coimhthíoch cláraithe san Eoraip. Rinneadh iarracht speicis áirithe, cosúil leis an bpráta agus an tráta, a fhás d’aon turas agus baineann tábhacht eacnamaíoch leis na speicis seo go dtí an lá atá inniu ann fiú. Is féidir le speicis eile, rudaí ar a dtugtar ‘speicis choimhthíocha ionracha’, is féidir leo fadhbanna tromchúiseacha a chruthú do gharraíodóireacht, talmhaíocht agus foraoiseacht mar veicteoirí galar nó trí dhamáiste a dhéanamh do dhéanmhais amhail foirgnimh agus dambaí.

Chomh maith leis sin, athraíonn speicis choimhthíocha ionracha na héiceachórais ina bhfuil cónaí orthu agus bíonn tionchar acu ar na speicis eile sna héiceachórais sin. Aithníonn Coinbhinsiún na NA ar Bhithéagsúlacht speicis choimhthíocha ionracha mar cheann amháin de na bagairtí móra ar bhithéagsúlacht ar fud an domhain.

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions