next
previous
items

Article

Finné súl: an buachaill Chance

Change language
Article Published 28 Jul 2011 Last modified 21 Mar 2023
Photo: © Mark Craemer
Is é Bisie an mianach is mó sa cheantar. Tá sé lonnaithe beagnach 90 ciliméadar laistigh de dhlúth fhoraois agus téann sé 100 méadar faoi thalamh. Ní mó ná poll beag sa talamh iad na mianaigh go minic. Bíonn na dosaen fear agus buachaillí i ngach mianach agus bíonn na coinníollacha uafásach iontu.

‘Chance is ainm dom, Tá mé 16 bliain d’aois. D’oibrigh mé sa mhianach Bisie ar feadh trí bliana. Chuala mé gur aimsíodh mianach – gar do m’áit chónaithe. Theastaigh uaim oibriú chun a dhóthain airgid a thuilleamh chun mo theach féin a thógáil. Tógann sé chomh fhada sin lámhacán síos agus aníos arís gur fhan mé thíos ann uaireanta ar feadh seachtaine sula dtáinig mé aníos. Faigheann daoine bás anseo gach mhí, nuair a thiteann ceann de na poill seo isteach.’

Chance, 16

Cúig bliana ó shin ba dhufair é an áit seo. Sa lá atá inniu ann tá beagnach 20,000 duine fostaithe chun na mianraí a iompar agus a mhianú anseo. Tagann siad ó i bhfad i gcéin agus é mar aidhm acu airgead a thuilleamh. Ach tá costais maireachtála chomh ard toisc na cánacha neamhfhoirmiúla a iarrann grúpaí armtha nach féidir le formhór na ndaoine teacht as arís. Tá na céadta mianaigh dá leithéid ar fud an Chongó thoir. Meastar go dtáirgeann Bisie féin mianraí ar luach $70 milliún in aghaidh na bliana.

Nuair atáthar os cionn na talún, iompraítear na mianraí go bailte ar nós Ndjingala, Osakari agus Mubi. Siúlann na hiompróirí 90 ciliméadar i dhá lá, ag iompar oiread agus 50 cileagram an duine. Gach lá tagann 600 iompróir amach as an bhforaois le hiomlán de 30 tonna mianraí acu.

Ceannaíonn meáncheannaithe atá nasctha le honnmhaireoirí agus trádálaithe idirnáisiúnta a dhíolann an mhian le bruithneoirí ar an margadh oscailte casatairít ó Bisie. Nuair a shroicheann sé na brúiteoirí, déantar an stán a scagadh agus a dhíol go díreach le déantúsóirí sádair, nó trí mhalairtí miotail idirnáisiúnta. Ar deireadh, díoltar sádar stáin le déantúsóirí le húsáid i dtáirgeadh ghiuirléidí leictreonacha.

‘An chéad uair a chuaigh mé síos sa pholl – ní raibh mé in ann fanacht ann ar feadh i bhfad. Ní raibh taithí agam ar an teocht, agus mar sin ní raibh mé in ann fanacht ann ach ar feadh dhá uair. Arís agus arís eile bhí orm dul síos, oibriú go dian agus teacht aníos arís. Bhí sé an-te agus ní raibh mé in ann déileáil leis. Theith mé ó mhianach Bisie le linn áir. Ach níor bhain mé amach m’aisling – mar sin tháinig mé abhaile chun mo scolaíocht a chríochnú.’

Is é a thugann An Ciste Domhanda Fiadhúlra (WWF) ar Phoblacht Daonlathach an Chongó (PDC) ná ceann de na hionaid is tábhachtaí le haghaidh bithéagsúlachta ar domhan. Is é a deir an WWF ná gurb é an dúshlán atá ann ná foraoisí an Chongó, a chuid speiceas agus an carbón a dhéantar a leithlisiú sna foraoisí seascainn a chaomhnú fad is a fheabhsaítear slí bheatha mhuintir an Chongó.

Is dúshlán domhanda é seo. Ina dTuarascáil um Spriocanna Forbartha na Mílaoise 2005, sainíonn na Náisiún Aontaithe ‘in ainneoin na dtairbhí iomadúla a bhaineann le domhandú, maireann beagnach leath de 2.8 billiún oibrí an domhain ar $2 in aghaidh an lae. Maireann níos mó ná 500 milliún de na hoibrithe seo ar leath na méide sin.’ Deirtear ann chomh maith ‘go mbeidh tuilleadh poist agus fostaíocht níos táirgiúla de dhíth chun bochtaineacht a laghdú.’

Tá an téacs sa chuid seo de Signals bunaithe i bpáirt ar an scannán faisnéise ‘Blood in the Mobile’, ana stiúradh ag Frank Piasecki Poulsen. Cóipcheart grianghrafadóireachta an Chongó Mark Craemer.

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions