All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Article
‘Bhí na gairdíní agus na sráideanna faoi bhrat 15cm de shloda dearg. Bhí daoine ag iarraidh an sloda dearg a bhaint dá dtithe agus dá n-earraí pearsanta le gallúnach agus le huisce. Chinn daoine eile fós imeacht leo. Rinne mé iarracht an oíche sin an sloda a bhaint de mo bhuataisí ach chinn orm. Ní fhéadfainn fáil réidh leis an ábhar dearg sin,’ a deir Gábor Figeczky, ceannaire gníomhach an Chiste Dhomhanda Fiadhúlra san Ungáir.
Ar an 4 Deireadh Fómhair 2010, tharla ceann de na timpistí doirteadh tocsaineach is measa san Eoraip le blianta beaga anuas cóngarach do chathair Ajka in Veszprem, san Ungáir, thart ar 160 km thiar theas de Bhúdaipeist. De bhrí gur theip ar dhamba taiscumair in ionad táirgeachta alúmanaim leathnaigh sloda alcaileach ar fud na háite – trí shráidbhaile san áireamh. Ní fios go fóill céard iad na hiarmhairtí fadtéarmacha a eascróidh uaidh seo (EEA, 2010).
Níl anseo ach sampla amháin de na dúshláin a bheidh le sárú againn amach anseo i dtéarmaí an truaillithe a bheidh ag eascairt ó ghníomhaíocht thionsclaíoch. Eachtra shuntasach truaillithe eile é an doirteadh ola a tharla i Murascaill Mheicsiceo; doirteadh ola a tháinig chun solais in Aibreán 2010. Ainneoin gur samplaí drámatúla iad seo, bíonn tionchar éigin ag truailliú de shaghas éigin ar shaol laethúil gach duine againn.
Is léir méadú leanúnach a bheith ag teacht ar impleachtaí daonna ar an gcomhshaol le blianta beaga anuas. Roimhe seo, is ar bhonn áitiúil, go príomha, a tugadh a leithéid d’impleachtaí faoi deara. Le blianta beaga anuas, áfach, is léir go bhfuil a leithéid d’impleachtaí ag leathnú ar fud na réigiún éagsúil – sampla amháin é báisteach aigéadach. Agus anois is léir, mar shampla, impleachtaí domhanda a bheith ag athrú aeráide freisin.
Tá an téarma ‘antrapaigineach’, bunaithe ar an bhfocal Gréagach ‘antrapas’ (anthropos) a chiallaíonn ‘duine’, in úsáid le cur síos a dhéanamh ar an ré ina bhfuilimidne ag maireachtáil. Is é atá mar bhonn leis seo an tionchar suntasach atá ag úsáid acmhainní daonna agus ag an meascán casta truailleán atá ag eascairt uaidh ar an domhan agus a mheicníochtaí rialaithe.
Díreach cosúil linn féin, tá an comhshaol faoi bhagairt ag truailliú freisin. Go leor den am, ionsúnn truailliú na haschuir neamhiarrtha ár ngníomhaíochtaí – truailliú agus dramhaíl – rud a chiallaíonn go mbíonn a leithéid neamhdhíobhálach le himeacht ama. Go deimhin, ceann de na príomhróil atá ag éiceachórais shláintiúla ná truailleáin a ionsú agus a chlaochlú. Níl ach acmhainn theoranta ina leith seo ag éiceachórais, áfach. Má bhíonn barraíocht brú ar na héiceachórais tá an baol ann go ndéanfar damáiste dóibh agus do na speicis atá ag maireachtáil iontu – muid féin ina measc.
Trí dhíriú ar thrí chineál truailleán, gheobhaimid léargas ar na himpleachtaí tromchúiseacha atá againne ar ár bpláinéad: caithnínigh, nítrigin agus ózón leibhéal na talún. Is fiú aird faoi leith a thabhairt orthu seo mar gheall ar na héifeachtaí casta agus uileghabhálacha a d’fhéadfadh a bheith acu ar fheidhmiú éiceachóras, rialú aeráide agus sláinte an duine. Agus is iad na foinsí céanna a bhíonn leo ar fad – tionsclaíocht, domhandú agus rátaí tomhaltais a bheith ag méadú.
Tá laghdú suntasach tagtha ar astuithe a lán truailleán aeir san Eoraip le blianta anuas agus áirítear an beartas aeir ar cheann de na gnéithe d’iarrachtaí comhshaoil an AE ar éirigh go breá leo. Ba é an beartas seo a bhí mar bhonn le laghdú suntasach ar astuithe sulfair, an príomh-chomhábhar i ‘mbáisteach aigéadach’.
Táimid ag leanúint orainn, áfach, le brú a chur ar an gcomhshaol le meascán casta de thruailleáin; agus níl tuiscint rómhaith againn ar an héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid ar shláinte an phobail agus ar an gcomhshaol. Tá thart ar 70,000–100,000 substaint ceimiceach in úsáid cheana féin, líon substaintí atá de shíor ag méadú. Tá beagnach 5,000 de na substaintí seo á dtáirgeadh ar bhonn ardtoirte cheana féin, beagnach os cionn milliún tona gach bliain.
Deir Ocean Nutrition Canada go raibh sé fíordheacair teacht ar mhiocrorgánach a bhí i bhfolach in alga atá in ann ola thrí-ghliocról a tháirgeadh – bonn le haghaidh táirgeadh bithbhreosla – ag ráta 60 uair níos mó ná na cineálacha eile algaí a bhí in úsáid roimhe seo.
Trí dhé-ocsaíd charbóin agus solas na gréine a thiontú go lipidí (aigéid shailleacha) agus olaí, féadfaidh cineálacha áirithe algaí suas le 20 uair níos mó breosla an acra ná barraí traidisiúnta a ghiniúint.
Níl sa tionscadal seo ach sampla amháin den taighde atá ar bun maidir le roghanna nua breosla a fhorbairt ar fud an domhain. Tá olaí le fáil i miocralgaí aoncheallacha cosúil le holaí plandúla atá in úsáid cheana féin mar bhithbhreoslaí. D’fhéadfadh go mbeadh an ola algach seo ar an réiteach is glaise atá ar fáil chun ár lorg carbóin a laghdú gach uair a thiomáinimid carr, a cheannaímid torthaí ó thíortha thar lear, nó a úsáidimid aerthaisteal.
Neamhchosúil le breoslaí iontaise, ionsúnn miocralgaí dé-ocsaíd charbóin (CO2) san atmaisféar de réir mar a fhásann siad. Dá thoradh sin, ní chuirfeadh breosla algach leis na hastuithe carbóin.
Agus neamhchosúil le foinsí bithbhreosla eile cosúil le harbhar, ní bhíonn tiontú ó tháirgeadh talamh feirme go táirgeadh bia i gceist le miocralgaí. Go deimhin, de réir Chomhairle Náisiúnta Taighde Cheanada – ceannródaí sa réimse taighde seo, bheadh buntáiste suntasach ag baint le miocralgaí a shaothrú i bhfuíolluisce cathrach, uisce a bhfuil neart leasachán dála amóinia agus fosfáit le fáil ann. D’fhéadfaí dé-ocsaíd charbóin a atreorú ó mhúcháin thionsclaíocha chun foinse carbóin a sholáthar. Ní fhéadfaí foinse bithbhreosla ar bith eile a fhás ar an mbealach seo.
Is cuideachta forbhianna é Ocean Nutrition Canada a bhí ar thóir comhábhar nuair a rinneadh an fionnachtain seo. Tugann sé seo léargas maith ar an bpoitéinseal agus ar na coinbhleachtaí a bheidh le sárú againn sna blianta amach romhainn. Ar cheart dúinn barraí/acmhainní a úsáid chun muid féin a bheathú nó chun breosla a chruthú? An féidir linn nuálaíocht a chothú sna blianta amach romhainn?
I gcomhthéacs an dúshláin chasta a bhaineann le truailliú baineann fíorthábhacht le heolas chun críocha eolaíocha agus dearadh beartas. Tá an EEA, tiomanta, áfach, d’eolas ábhartha, tráthúil agus intuigthe faoin gcomhshaol a chur ar fáil don phobal. Go simplí, tá sé mar aidhm ag EEA daoine a spreagadh le páirt a ghlacadh i bplé agus cumhacht a thabhairt dóibh.
D’fhéadfadh nach n-éireodh le formhór de na húsáideoirí bun ná barr a bhaint as sonraí neamheagraithe. Is é an rud is tábhachtaí ná go n-éireodh linn an t-eolas a chur ar fáil i bhformáidí ciallmhara agus úsáideacha. Tá an EEA ag obair le Microsoft chun na smaointe atá acu ina leith seo a fhorbairt. Trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nua – i suíomh amháin – tá ar ár gcumas anois sonraí éagsúla a bhailiú, a eagrú agus a aimsiú ón iliomad foinsí difriúla.
Soláthraíonn an t-ardán nua ‘Súil ar Domhan’ (Eye on Earth) eolas maidir le caighdeán áitiúil uisce snámha agus caighdeán áitiúil an aeir, bunaithe ar shonraí fíorama ó stáisiúin mhonatóireachta agus ó shamhaltú ar ríomhairí. Is bealach é seo chun sonraí casta eolaíocha ‘míshoiléire’ a athrú chuig formáid atá ábhartha agus intuigthe do bhreis agus 500 milliún saoránach AE; eolas a chuirfear ar fáil in 25 teanga.
Is ardán é Water Watch, mar shampla, a thugann deis d’úsáideoirí eolas úsáideach a fháil faoi ghrádú chaighdeán an uisce bunaithe ar eolas a bhailítear ó 21,000 pointe monatóireachta ag suímh shnámha in 27 tír Eorpach. Trí úsáid a bhaint as Teicneolaíocht Fhíorúil Mapála Microsoft, féadfaidh cuairteoirí limistéar roghnaithe den mhapa ar líne den Eoraip a roghnú agus súmáil isteach ar an limistéar sin nó, ainm trá a chlóscríobh isteach sa bharra cuardaigh.
Trí Súil ar Domhan a úsáid tugtar deis don phobal a dtuairim a thabhairt faoi chaighdeán an trá, an uisce agus an aeir, agus cur le heolas oifigiúil agus tacú leis an eolas oifigiúil atá ar fáil (nó easaontú leis). Is céim é an chumarsáid dhéthreo seo chun an pobal a spreagadh agus chun cumhacht a thabhairt don phobal.
Sna blianta amach romhainn, tá sé beartaithe againn cur leis an tseirbhís, trí chineálacha éagsúla eolais, eolas a bhaileoimid ó mhonatóireacht eolaíoch agus ó fhoinsí eile, tuairimí áitiúla nó dúchasacha san áireamh.
Baineann fíorthábhacht i gcás na hEorpa le rochtain chinnte ar acmhainní nádúrtha. Tá sé seo fíor go háirithe i gcomhthéacs éileamh fuinnimh an domhain, áit a bhféadfadh ganntanas breoslaí iontaise a bheith mar bhonn le hathrú ar an líon foinsí fuinnimh intíre atá ar fáil.
D’fhéadfadh athrú i dtreo foinsí fuinnimh nua tionchar a imirt ar chomhshaol na hEorpa chomh maith. I measc na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist lena leithéid bheadh níos mó talún in úsáid le haghaidh bithbhreoslaí, acmhainn nua hidreachumhachta ag cur isteach ar éiceachórais, truailliú torainn agus amhairc ó thuirbíní gaoithe, agus truailliú agus astuithe gáis cheaptha teasa ó shaothrú sceall ola. Beidh forbairt na hacmhainne fuinnimh núicléach mar bhonn le plé poiblí faoi stóráil dramhaíola agus rioscaí sábháilteachta.
Ní mór dúinn nuálaíocht a chothú agus nideoga margaidh a aimsiú chun ár riachtanas iomlán mianraí, miotal agus fuinnimh a laghdú, agus ag an am céanna teicneolaíochtaí agus réitigh nua a fhorbairt. Cheana féin, is léir go bhfuil an‑dul chun cinn á dhéanamh againn i ndáil le fuinnimh na gréine, na gaoithe agus na mara a fhorbairt.
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/eea-2011/ailt/dushlan-an-truaillithe or scan the QR code.
PDF generated on 27 Mar 2023, 02:00 AM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 12 March 2023 21:56 from version 23.1.28
Software version: EEA Plone KGS 23.3.11
Document Actions
Share with others