next
previous
items

Article

Dúshláin chasta i ndomhan idirnasctha

Change language
Article Published 27 Jul 2011 Last modified 21 Mar 2023
Photo: © EEA/John McConnico
Is cosúil go bhfuil ceann de na príomhchonclúidí i dtuarascáil shuaitheanta de chuid an EEA, SOER 2010, réasúnta soiléir: ’tá dúshláin chomhshaoil casta agus ní féidir iad a thuiscint ar leithligh’.

Go simplí, ciallaíonn sé seo go bhfuil saincheisteanna comhshaoil nasctha lena chéile agus is minic nach ionann iad ach cuid de na dúshláin níos mó atá os ár gcomhair agus os comhair ár ndomhain. Is í an fhírinne ná go bhfuilimid inár gcónaí i agus go mbraithimid ar domhan idirnasctha atá comhdhéanta de mhórán córas leithleach ach gaolmhar – córais chomhshaoil, shóisialta, gheilleagracha, theicniúla, pholaitíochta, chultúrtha agus araile.

Is é atá i gceist leis an idirnascacht domhanda seo ná go bhféadfadh damáiste d’eilimint amháin iarmhairtí nach bhfuil coinne leo a chruthú in áiteanna eile. Léiríonn an cor chun donais airgeadais domhanda a tharla ar fud an domhain le déanaí agus an t-anord eitlíochta a tharla de thoradh an bholcáin Íoslannaigh an chaoi ar féidir le clistí tobanna a tharlaíonn i gceantar amháin cur isteach ar chórais iomláin.

Tagraítear don idirnascacht seo go minic mar ‘dhomhandú’ agus ní feiniméan nua é. San Eoraip, ceadaíodh dúinn a bheith rathúil mar ilchríoch agus príomhról a ghlacadh ó thaobh cúrsaí geilleagracha de ar feadh tamaill fhada mar gheall ar dhomhandú. Ar an mbealach, tá cuid mhór dár n-acmhainní nádúrtha mar aon le cuid mhór d’acmhainní de chuid náisiún eile úsáidte againn. Tá ár ‘lorg’ nó ár dtionchar leathan agus téann sé i bhfad níos faide ná ár dteorainneacha.

Go deimhin, is cosúil go rachaidh fórsaí tiomána atá i gcroílár an domhandaithe go mór i bhfeidhm ar an Eoraip agus ar an gcomhshaol as seo amach. Is iomaí acu nach féidir a smachtú. Mar shampla, d’fhéadfadh daonra an domhain dul thar naoi mbilliún faoi 2050 agus d’fhéadfadh móriarmhairtí comhshaoil a bheith ag baint leis seo. Is dócha go dtarlóidh an fás is mó sa daonra san Áise agus san Afraic, fad is nach dtarlóidh ach tuairim is 3% den fhás sna tíortha is mó forbartha (an Eoraip, an tSeapáin, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil agus an Nua‑Shéalainn).

Dúshláin chomhshaoil bainteach le tiománaithe domhanda athraithe

Tá réimse treochtaí éiritheacha ag múnlú na hEorpa agus an domhain. Tugtar ‘mór-threochtaí domhanda’ ar roinnt de na treochtaí seo toisc go mbaineann siad le réimsí sóisialta, teicneolaíochta, geilleagracha, polaitíochta agus comhshaoil fiú. I measc na bpríomhfhorbairtí tá pátrúin dhéimeagrafacha athraitheacha nó rátaí luathaithe uirbithe, athruithe teicneolaíochta níos tapúla fós, cuimsiú méadaithe margaidh, aistrithe cumhachta eacnamaíche atá ag athrú nó an aeráid athraitheach.

Tá impleachtaí ollmhóra ag baint le treochtaí dá leithéid maidir leis an éileamh domhanda ar acmhainní. Tá cathracha ag scaipeadh. Tá tomhaltas ag dul i méad. Tá súil le fás geilleagrach leanúnach sa domhan. Tá táirgeadh ag aistriú i dtreo geilleagar nua atá ag teacht chun cinn, a fhásfaidh ó thaobh tábhachta geilleagraí de. D’fhéadfadh go mbainfidh níos mó ábharthachta le gníomhaithe neamhstáit i bpróisis pholaitíochta. Agus tá athrú teicneolaíochta luathaithe réamh-mheasta. Cruthaítear rioscaí nua leis an ‘rás seo i dtreo an na neamhaithnide’ – ach cuirtear deiseanna iontacha ar fáil freisin.

Is ábhar i gcuid amháin de SOER é tionchair na ‘mór-threochtaí domhanda’ ar chomhshaol na hEorpa amach anseo agus cuireann sé taca faoi Signals 2011. Tá impleachtaí móra ag baint leis na príomhthreochtaí seo maidir lenár gcomhshaol domhanda agus ár maoirseacht ar na hacmhainní atá ann. Tá codanna i Signals 2011 dar teideal ‘Mór-threocht domhanda Earth 2050’ ina mbreathnaímid ar aghaidh ar mhór-threocht agus ina ndéanaimid measúnú ar a tionchar ar chomhshaol na hEorpa sa todhchaí.

Ní féidir linn an cuma a bheidh ar an domhan ná an chaoi ina mbeidh sé sa bhliain 2050 a thuar go beacht. Ach tá mórán treochtaí sainithe go maith cheana féin. Braitheann an chaoi ina leanann na treochtaí ar aghaidh ar na roghanna a dhéanaimidne anois. Sa tslí sin, táimid féin freagrach as an todhchaí. Roghnaímis go cúramach. Gabhfaidh ár ngarchlann agus gach duine eile i bportráid teaghlaigh na bliana 2050 buíochas linn as seo.

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions