All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Article
‘Sa chathair, táimid scartha óna chéile agus tá sé seo dainséarach. Is baile agus áit bhreithe í an fhoraois dúinn. Ní féidir linn an áit seo a fhágáil. Tugann an fhoraois slándáil dúinn, rud nach bhfuil ar fáil sa chathair,’ a deir duine den treibh Soura, Orissa, san India Thoir.
Is ionann 2011 agus Bliain na Foraoise de chuid na Náisiún Aontaithe, a dhíríonn ar na daoine a chónaíonn i agus a bhraitheann ar fhoraoisí ar fud an domhain. I gcaitheamh na bliana, déanfaimid machnamh ar an ról atá ag foraoisí inár saolta. Is pobail iad foraoisí atá comhdhéanta de phlandaí, d’ainmhithe, de mhiocrorgánaigh, d’ithir, d’aeráid agus d’uisce. Tá foraoisí comhdhéanta chomh maith d’idirghaolta casta idir orgánaigh (muid san áireamh) agus an comhshaol ar a mhaireann siad.
Tá níos mó ná 30% de dhromchla an domhain clúdaithe le foraoisí. Is ceann de na ‘stórais’ is tábhachtaí iad maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch ar thalamh: tá níos mó ná dhá thrian de speiceas talún aitheanta an domhain agus an céatadán is mó de na speicis atá i mbaol ar domhan ina gcónaí ann.
Cabhraíonn foraoisí chun sinn a choimeád beo: glanann siad ár n-aer agus ár n-uisce. Beathaíonn siad ár n-ithir agus cuireann siad bia, foscadh agus leigheas ar fáil do go leor daoine. Rialaíonn foraoisí an aeráid áitiúil, réigiúnach agus domhanda agus stórálann siad carbón a d’fhéadfadh carnadh san atmaisféar ar dhóigh eile, ag cur le téamh domhanda.
Ar an taobh eile, tá foraoisí lán le hacmhainní luachmhara freisin agus is féidir linn úsáid a bhaint as na hacmhainní seo. Sa lá atá inniu ann, tá foraoisí ar cheann de na príomhroghanna atá os ár gcomhair mar speiceas. An féidir cothromaíocht a bhaint amach idir an mian chun acmhainní foraoise agus talamh a shaothrú agus na róil thábhachtacha a bhíonn acu maidir le córas tacaíochta beatha ár ndomhain?
Sna leathanaigh a leanas, buailfidh tú le daoine suimiúla a bhfuil naisc láidre acu le foraoisí ar fud an domhain. Ón gCongó go dtí an India agus ar ais go dtí an Eoraip, cloisfimid scéalta faoi fhoraoisí agus faoi na daoine a chónaíonn iontu. Déan ceiliúradh ar 2011 trí smaoineamh ar d’fhoraois áitiúil agus ar cén chiall a mbaineann léi duitse agus do na glúine atá le teacht.
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/eea-2011/ailt/bliain-na-foraoise-ag-ceiliuradh or scan the QR code.
PDF generated on 29 Mar 2023, 03:53 AM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 12 March 2023 21:56 from version 23.1.28
Software version: EEA Plone KGS 23.3.11
Document Actions
Share with others