All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Article
Táimid ag druidim i dtreo dheireadh Mheán Fómhair agus tá an-dochar déanta ag na báistí monsúin sa Deilí Nua. Tá sé an-te i bpríomhchathair na hIndia – breis agus 30 céim, agus tá sé meirbh. Ainneoin nach bhfuil sé ag doirteadh báistí anois tá uisce ar fud na háite. Tá sé dearbhaithe go bhfuil ráig d’fhiabhras deinge – fiabhras muiscítiompartha – briste amach sa chathair.
Is é an ceantar atá i gceist ceantar Yamuna Pushta nó ‘claífort Yamuna’, lonnaíocht mhídhleathach i gceantar thoir thuaidh na cathrach ar na tuilemhánna ar gach taobh den abhainn mhór. Anois, tá na tuilemhánna iad féin faoi uisce. Dá dheasca seo, tá na céadta mílte cónaitheoir as na plódcheantair ag tabhairt aghaidh ar an abhainn agus iad sa tóir ar foscadh.
Tá daoine anois lonnaithe ar an mbealach mór agus a bhfuil fágtha dá maoin phearsanta ina dteannta, iad cúpla méadar ó phríomhábhar crá eile Nua Deilí: an trácht. Tá naíonán beag bídeach ina chodladh ar an gcoincréit fhuar, chrua, slat nó dhó ón mbóthar, agus pluid mórthimpeall air. Tá déagóir óg ag caitheamh am is dua ag cur slachta ar a cuid gruaige – folt fada, dubh – ina suí faoi dhíon a tí phlaistigh. Tá déagóir eile gnóthach ag seoladh téacsanna agus í ag líonadh buicéid le huisce óil as umar uisce.
Nuair a smaoinímid ar dhomhandú is annamh a smaoinímid ar phlódcheantair ach is cuid d’fheiniméan domhanda iad muintir Yamuna Pushta. Tá na billiúin daoine ag carnadh isteach inár gcathracha agus inár gceantair uirbeacha, an talamh agus an tuath á dtréigean acu. Don chéad uair riamh, tá breis agus 50% de dhaonra an domhain ag maireachtáil i gceantair uirbeacha. Faoi 2050, tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh thart ar 70% dúinn ag maireachtáil i gceantair uirbeacha, i gcomparáid le níos lú ná 30% in 1950 (UNDESA, 2010).
Tá cathracha anois níos mó ná mar a bhí riamh roimhe seo. Tá an líon suntasach mórchathracha ar fud an domhain ag cur brú aisteach ar chórais tacaíochta na n-acmhainní nádúrtha. D’fhéadfadh níos mó tábhachta fós, i gcomhthéacs an chomhshaoil, a bheith ag baint leis an bhfás níos tapa fiú atá ag teacht ar chathracha beaga agus meánmhéide ar fud an domhain.
Bíonn deiseanna infheistíochta agus fostaíochta carntha le chéile i gcathracha, rud a spreagann fás geilleagrach agus méadú ar tháirgeacht. Bíonn poist níos fearr le fáil i gcathracha, mar aon le rochtain níos fearr ar earraí, ar sheirbhísí agus áiseanna; agus áiseanna sláinte agus litearthachta níos fearr, mar aon le cáilíocht beatha níos fearr. Tugann na deiseanna seo spreagadh do phobal na tuaithe iarracht a dhéanamh saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus ioncam níos airde a thuilleamh dóibh féin i gceantair uirbeacha.
In éagmais rialachas láidir, áfach, d’fhéadfadh go mbeadh fás uirbeacha tapa mar bhonn le dúshláin shuntasacha chomhshaoil trí chur le rátaí tomhaltais agus le bochtaineacht uirbeach.
Is léir ó staitisticí Gnáthóg-NA go bhfuil thart ar 1.1 billiún duine ag maireachtáil i bplódcheantair uirbeacha ar fud an domhain. Agus an daonra ag méadú de shíor, tá níos mó agus níos mó daoine ag bogadh chuig ceantair uirbeacha ar fud an domhain agus meastar go leanfar leis an treocht seo amach anseo.
Ainneoin go bhfuil formhór an daonra atá ag maireachtáil i gceantair thuaithe ag déileáil le díothacht thromchúiseach, tá céatadán suntasach den daonra ag maireachtáil i gceantair uirbeacha freisin, ach síltear go bhfuil easnamh suntasach le tabhairt faoi deara sna figiúirí seo sna staitisticí oifigiúla. Pointe tábhachtach is ea go bhfuil céatadán na ndaoine bochta sna ceantair uirbeacha ag méadú níos tapa ina lán tíortha i mbéal forbartha ná fás daonra sna ceantair uirbeacha.
Is éiceachórais iad cathracha: is córais oscailte agus dhinimiciúla iad a ídíonn, a athraíonn agus a scaoileann ábhair agus fuinneamh; forbraíonn siad agus téann siad in oiriúint do chúinsí éagsúla; bíonn tionchar ag daoine orthu agus bíonn nasc eatarthu agus éiceachórais eile. Ní mór, dá réir sin, iad a bhainistiú cosúil le héiceachóras ar bith eile.
Trí mhachnamh an athuair a dhéanamh ar dhearadh uirbeach, ailtireacht, iompar agus pleanáil, féadfaimid ról lárnach a thabhairt dár gcathracha agus dár dtírdhreacha uirbeacha sna pleananna maolaithe athraithe aeráide (m.sh. iompar inbhuanaithe, fuinneamh glan agus ídiú ar tomhaltas íseal) mar aon le hoiriúnú (m.sh. tithe ar snámh, gairdíní ingearacha). Os a choinne sin, beidh pleanáil uirbeach níos fearr mar bhonn le caighdeán beatha níos fearr don uile dhuine trí spás uirbeach ciúin, sábháilte, glan agus glas a dhearadh. Chomh maith leis sin, cruthaítear deiseanna fostaíochta nua trí theicneolaíochtaí nua agus ailtireacht ghlas a chur chun cinn sa mhargadh.
Bunaithe ar chomhchruinniú daoine agus gníomhaíochtaí inár gcathracha, baineann fíorthábhacht le cathracha i gcomhthéacs na hEorpa agus sa domhan trí chéile. Ní féidir na fadhbanna a thagann chun cinn inár gcathracha a réiteach ar leibhéal áitiúil. Tá gá le comhtháthú feabhsaithe idir beartais agus rialachas nua, lena n-áirítear comhpháirtíocht agus comhordú níos dlúithe ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach. Go deimhin, baineann fíorthábhacht le beartas éifeachtach, nasctha sa domhan idirnasctha ina mairimid.
For references, please go to https://www.eea.europa.eu/ga/signals/eea-2011/ailt/an-domhan-uirbeach or scan the QR code.
PDF generated on 29 Mar 2023, 10:33 AM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 12 March 2023 21:56 from version 23.1.28
Software version: EEA Plone KGS 23.3.11
Document Actions
Share with others