next
previous
items

Article

Ag roinnt shaibhreas an dúlra

Change language
Article Published 28 Jul 2011 Last modified 21 Mar 2023
Photo: © EEA/John McConnico
As an 8.2 billiún tonna ábhair a caitheadh i 27 tír an AE i rith 2007, bhí 52% i gceist le mianraí, 23% i gceist le breoslaí iontaise, 21% i gceist le bithmhais agus 4% le miotail. SOER 2010

Bíonn na mílte trucail ag taisteal thar bráid i stát Orissa, áit atá suite le cois Bhá Bheangál agus é na mílte ciliméadar ón Eoraip. Seo an India Thoir, foinse cháiliúil shaibhreas mianraí na hIndia agus foinse mhór ábhar d’fhás tionsclaíoch domhanda san am atá caite. Tá an saibhreas mianraí sa chuid seo den India ar cheann de na foinsí is luachmhaire ar domhan go fóill agus níl ach tús curtha lena réabhlóid thionsclaíoch.

Tá go leor le cailleadh ag na daoine treibheacha a bhfuil cónaí orthu san fhoraois anseo, ach is beag rud atá le gnóthú acu. Níl na treibheanna foraoise á gcosaint go maith – níor leagadh síos a gcearta agus níor aithníodh i gceart iad. I sráidbhaile bheag treibheach atá suite go domhain sna foraoisí atá mar bhrat ar dhúiche Gajapati, tá cónaí ar an lánúin phósta Gangi Bhuyan agus a fear céile Sukru Bhuyan chomh maith lena clann óg, san fhoraois agus thart timpeall uirthi.

Bíonn a gclann á cothú acu ar feadh thart ar chúig mhí den bhliain ó cheapach talún faoi bhun leathacra a bhíonn á shaothrú acu ar imeall na foraoise atá thart timpeall ar Raibada, an sráidbhaile ina bhfuil cónaí orthu. Bíonn glasraí, síolta, torthaí, cógais agus ábhair thógála (cosúil le féar) á mbaint acu freisin i rith an ama seo ón bhforaois. Ar feadh tréimhse eile ceithre mhí, is é seo an príomhsholáthar bia atá acu. Gheobhaidís bás den ocras murach an fhoraois. Is gá dóibh dul ar imirce ar feadh na dtrí mhí atá fágtha go dtí ceantair uirbeacha móra amhail Bangalore nó Mumbai, áiteanna a mbíonn siad ag obair mar spailpíní.

Saibhreas faoin talamh – bochtaineacht os a cionn

Tá cuid mhaith mianraí éagsúla le fáil in Orissa, áit atá suite i leithinis India Thoir ar Bhá Bheangál. Go deimhin, aithnítear an stát mar cheann de na stáit is saibhre sa tír ó thaobh acmhainní de. Ó thaobh caighdeáin de, meastar na mianraí in Orissa a bheith ar chuid de na cinn is fearr ar domhan.

Agus lear mór acmhainní ann nach bhfuil mórán saothraithe déanta orthu amhail gual, amhiarann, báicsít, cróimít, aolchloch, dolaimít, mangainéis, eibhear, stán, nicil, vanaidiam agus geamchlocha, tá dul chun cinn ollmhór tionsclaíoch ar siúl sa stát faoi láthair. Maidir le mianraí áirithe, tá cuid mhaith d’acmhainní an domhain le fáil in Oirissa chomh maith, ní hamháin ó thaobh cainníochta ach ó thaobh caighdeáin de chomh maith. Sin an fáth a bhfuil fonn chomh mór sin ar chomhlachtaí idirnáisiúnta a bheith in ann teacht orthu.

Úsáidtear cuid de na mianraí san India, ach úsáidtear cuid mhaith acu i dtíortha eile: An tSín, an tSeapáin, an Afraic Theas, an Rúis, an Chóiré, an Téalainn, an Mhalaeisia, an Indinéis, an Úcráin, Neipeal, na Stáit Aontaithe agus ar ndóigh, an tAontas Eorpach (Ota, A.B., 2006).

Éasclínte an tsaoil dhomhanda

Is léiriú é Orissa, áit a bhfuil saibhreas faoin talamh ach bochtaineacht os a cionn, is léiriú é ar roinnt éasclínte sa saol domhanda. Tháinig éagothroime, an t-éileamh gan staonadh ar acmhainní nádúrtha agus imirce éigeantach le chéile anseo. Cé go bhfuil tairbhí eacnamaíocha ann don cheantar in Orissa ó mhianadóireacht, ní roinntear na torthaí seo go cothrom. Tá costais atá rómhór ar na treibheanna foraoise toisc go bhfuil a n-áiteanna cónaithe i mbaol de réir mar a dhéanann comhlachtaí mianadóireachta iarrachtaí níos mó le teacht ar a dtalamh.

Tá seasca faoin gcéad de dhaonraí treibheacha Orissa ina gcónaí ar thalamh a bhfuil an saibhreas mianraí fúithi. Ach go traidisiúnta, níl aon taifead ar a gcearta i leith na talún seo. Tá sé ag tarlú le fada an lá go mbíonn daoine treibheacha á n-easáitiú ar mhaithe le tionscadail forbartha eacnamaíche a chumasú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mianadóireachta. Ach tá athrú tagtha ar scála an easáitithe le blianta anuas agus tá méadú déanta ar mhéid agus ar scaipeadh an easáitithe ó 1991 le forbairtí eacnamaíocha (Ota, A.B., 2006).

Tionchair mhéadaitheacha de chuid úsáid acmhainne na hEorpa

Táimidne san Eoraip ag brath go mór ar acmhainní nádúrtha chun ár bhforbairt agus ár saibhreas eacnamaíoch a chothú. Tá ár n-úsáid acmhainní níos mó ná an méid atá ar fáil go háitiúil anois agus bímid ag brath ar acmhainní ó áiteanna eile ar domhan ar bhonn méadaithe.

Déanta na fírinne, tá breis is 20% de na hamhábhair a úsáidimid san Eoraip á n-allmhairiú. Agus úsáidimid i bhfad níos mó amhábhar go hindíreach, ós rud é go mbíonn earraí táirgthe á n-allmhairiú againn ó áiteanna eile chomh maith.

Tá ár spleáchas ar allmhairí thar a bheith tromchúiseach ó thaobh breoslaí agus táirgí mianadóireachta de. Ach is allmhaireoir glan farae agus gránach í an Eoraip chomh maith le haghaidh táirgeadh feola agus déiríochta san Eoraip. Agus tá breis is leath de sholáthairtí éisc an AE á n-allmhairiú; tar éis dúinn ár stoic éisc féin a ídiú, tá an rud céanna á dhéanamh againn in áiteanna eile.

Bíonn tionchar ag na brúnna timpeallacht a bhaineann le baint acmhainní agus cruthú earraí trádála, amhail an dramhaíl a chruthaítear nó an t-uisce agus an fuinneamh a úsáidtear, bíonn tionchar acu seo ar na tíortha bunaidh. D’fhéadfadh tionchair mhóra acmhainní a bheith i gceist – maidir le ríomhairí nó fóin póca, d’fhéadfaidís a bheith ar scála atá i bhfad níos mó ná an táirge féin. Ach is annamh a bhíonn a leithéid de bhrúnna san áireamh sna praghsanna ná i gcomharthaí eile a threoraíonn cinnteoireacht tomhaltais, in ainneoin a dtábhachta.

Sampla eile de na hacmhainní nádúrtha atá bainteach go dlúth le táirgí trádála ná an t-uisce a mbíonn gá leis i gcuid mhaith réigiún le haghaidh cuid mhaith táirgí bia agus gairbhí a bhíonn á n-onnmhairiú. Bíonn sé mar thoradh ar a leithéid de tháirgeadh go mbíonn onnmhairiú indíreach acmhainní uisce ar siúl, rud a bhíonn intuigthe go minic. Mar shampla, tá 84% d’úsáid uisce an AE a bhaineann le cadás taobh amuigh den AE, go háirithe i réigiúin ina bhfuil uisce gann, ina mbíonn uisciú dian á dhéanamh.

Áit a shreabhann tairbhí an dúlra

Tá úsáid acmhainní nádúrtha nasctha le réimse ceisteanna timpeallachta agus socheacnamaíocha.

Tugann Eacnamaíochtaí Éiceachóras agus Bithéagsúlachta (próiseas TEEB), rud atá ina anailís mhór ar shuntas eacnamaíoch domhanda na bithéagsúlachta, tugann sí léargas ar na naisc idir caillteanas bithéagsúlachta agus bochtaineacht.

Bhí lucht taighde TEEB ag iarraidh na tairbhithe láithreacha a bhaineann leas as cuid mhaith de na seirbhísí éiceachóras agus bithéagsúlachta a aithint. ‘Is é an freagra’, a scríobh Pavan Sukhdev, atá ina Cheann ar Thionscnamh Geilleagair Ghlais an UNEP ‘gurb iad na bochtáin is mó atá i gceist ‘. Is iad na slite beatha is mó a bhíonn thíos leis ná feirmeoireacht leorchothaitheach, riar ainmhithe, iascaireacht agus foraoiseacht neamhfhoirmiúil – tá an chuid is mó de bhochtáin an domhain ag brath orthu (EC, 2008).

Tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis an gcaillteanas bithéagsúlachta san India do mhná, ós rud é go mbíonn drochthionchar mór aige ar a ról mar bhailitheoirí san fhoraois. Tá taifead déanta i dtuarascálacha staidéir a rinneadh ar réigiún threibheacha Orissa agus Chattisgarh ar an gcaoi go raibh caillteanas slite beatha mar thoradh ar dhífhoraoisiú, toisc go mbíonn ar mhná siúl ceithre oiread chomh fada chun torthaí na foraoise a bhailiú agus ar an gcaoi nach bhfuil ag éirí leo teacht ar luibheanna leighis atá ídithe. Is é an caillteanas seo is cúis le laghdú ioncaim, méadú ar mheirse agus bíonn tionchar aige ar shláinte choirp. Tá fianaise ann chomh maith ar stádas níos airde a bheith ag mná sa teaghlach i gceantair ina bhfuil foraoisí móra, áiteanna a bhfuil a gcion don ioncam teaghlaigh níos mó ná mar atá i sráidbhailte nach bhfuil aon acmhainní nádúrtha iontu. (Sarojini Thakur, 2008)

Is minic go mbímid scoite amach ó thionchair dhíreacha an díghrádaithe timpeallachta anseo san Eoraip, go gearrthéarmach ar a laghad. Ach d’fhéadfadh tionchair thromchúiseacha a bheith aige ar bhochtáin atá ag brath go díreach ar an timpeallacht chun bia agus foscadh a fháil. Is minic go mbíonn an t-ualach is mó ó scrios na gcóras nádúrtha ar na daoine is laige sa tsochaí agus is beag tairbhe a bhaineann siad as, ag an am céanna.

Is gnách go meastar caillteanais bhliantúla chaipitil nádúrtha mar roinnt bheag pointí céatadáin den OTI, méid nach bhfuil róshásúil. Ach má dhéanaimid athscríobh orthu seo i dtéarmaí daonna agus é bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais agus ar an eolas atá againn ar an dream a bhaineann leas as tairbhí an dúlra – .i. na bochtáin – neartaítear an argóint ar son a leithéid de chaillteanais a laghdú cuid mhaith.

Baineann an pointe seo le háiteanna ar fud an domhain. Baineann sé le ceart bhochtáin an domhain chun sruthanna slí beatha ó dhúlra a chuimsíonn leath dá leas nó níos mó agus nach mbeidís in ann rud eile a chur ina áit (CE, 2008).

ForestCaipiteal nádúrtha agus seirbhísí éiceachórais

Tá coincheapa an ‘chaipitil nádúrtha’ agus ‘seirbhísí éiceachórais’ ag croílár an phlé ar chaidreamh an chine dhaonna leis an timpeallacht. Má theastaíonn uainn tuiscint a fháil orthu, is fiú machnamh a dhéanamh ar an méid a dhéanann córais nádúrtha dúinn i ndáiríre.

Féach foraoisí, mar shampla. Is féidir le foraoisí cuid mhaith cineálacha bia a sholáthar: torthaí, mil, beacáin, feoil agus mar sin de. Má dhéantar bainistiú ceart orthu, is féidir leo sruth inbhuanaithe acmhainní a sholáthar chomh maith don gheilleagar, amhail adhmad. Ach déanann foraoisí cuid mhaith eile chomh maith. Mar shampla, cabhraíonn crainn agus fásra le cinntiú go bhfuil aeráid shláintiúil ann go háitiúil agus go domhanda trí thruailleáin agus gáis cheaptha teasa a ionsú. Déanann ithreacha foraoise dreo ar dhríodar agus íonú ar uisce. Agus is minic go mbíonn daoine ag taisteal i bhfad chun taitneamh a bhaint as áilleacht agus suaimhneas na bhforaoisí, nó le bheith páirteach i gcaitheamh aimsire, amhail fiach.

Tá na seirbhísí seo go léir – a sholáthraíonn bia agus gairbhseach, a rialaíonn an aeráid agus mar sin de – tá siad go léir luachmhar. Bheadh cuid mhaith á híoc againn as meaisíní a dhéanfadh an rud céanna. Ar an bhfáth sin, ba chóir dúinn smaoineamh ar éiceachórais mar chineál caipitil a sholáthraíonn seirbhísí don úinéir agus do dhaoine eile atá in aice leis nó i bhfad uaidh go minic chomh maith (ó thaobh rialú aeráide de). Tá sé ríthábhachtach go gcoinneoimis ár gcaipiteal nádúrtha – nach ndéanfaí róshaothrú ná ró-thruailliú ar an éiceachóras – má tá sé le leanúint ar aghaidh ag soláthar na seirbhísí seo atá thar a bheith luachmhar.

Luach na bithéagsúlachta inár bhforaoisí

Is é an príomhfháth go gcailltear bithéagsúlacht foraoise ná nach dtuigtear i gceart an luach a bhaineann léi. Mar shampla is gnách go nglactar cinneadh aon heicteár amháin d’fhoraois a bhfuil bithéagsúlacht shaibhir inti a iompú chun críocha ailtireachta nó tógála ar bhunús na dtairbhí láithreachta atá le baint amach. Ní thugtar mórán airde ar na seirbhísí éiceolaíochta iomaí nach féidir a thomhas a chuireann na héiceachórais sin ar fáil.

Leigheas i bhforaoisí na hIndia

I dteannta le flóra agus fána saibhir, tá ceann de na hoidhreachtaí is saibhre de phlandaí míochaine ag an India. Baineann muintir na hIndia úsáid as tuairim is 8,000 speiceas de phlandaí chun críocha leighis agus is as na foraoisí a thagann 90-95% díobh. Níl doiciméadú oifigiúil déanta ach ar níos lú ná 2,000 de na plandaí sin i gcóras leighis na hIndia. Níl doiciméadú déanta ar fhaisnéis mar gheall ar an gcuid eile ach scaiptear é trí bhéal agus mar eolas traidisiúnta. Ní úsáidtear ach 49 speiceas i leigheas an lae inniu.

Cineál árachais i gcoinne galair dhaonna – corp eolais ina gcoimeádtar leigheasanna féideartha le haghaidh galar mar ailse nó SEIF – atá sa bhithéagsúlacht. Mar shampla, tá druga a úsáidtear chun maláire a chomhrac le fáil i gcoirt an chrainn cinchona. Faraor géar, is minic nach dtuigimid an méid a chailleann an tsochaí nuair a théann speiceas in éag.

Tá an t-alt seo bunaithe ar an tuarascáil Cuntasaíocht ghlas do thionscadal na stát Indiach: luach na bithéagsúlachta i bhforaoisí na hIndia [Green accounting for Indian states Project: the value of biodiversity in India’s forests] (Gundimeda et al., 2006).

An cumhacht chun fanacht socair

Is minic go mbíonn gluaiseacht i gceist le domhandú – maidir le daoine, earraí, saibhreas agus eolas, mar shampla. Ní shamhlaítear fanacht socair ná fanacht san áit a bhfuil tú mar chearta daonna a chuirtear chun tosaigh de ghnáth. Ach seo an mhian atá ag muintir foraoise Orissa agus cuid mhaith daoine eile: go mbeidís in ann fanacht san áit a bhfuil siad, áit a bhfuil bia agus foscadh acu, chomh maith le teagmháil lena muintir féin agus lena ngaolta treibheacha. Áit ar bhraith na glúine go raibh siad slán sábháilte.

Go deimhin, de réir mar a bhogann lear mór daoine i dtreo na gcathracha agus na gceantar uirbeach, ba chóir dúinn smaoineamh ar dhaoine a chumhachtú le fanacht san áit a bhfuil siad.

Permalinks

Document Actions