next
previous
items

Article

Ag maireachtáil i ndomhan idirnasctha

Change language
Article Published 28 Jul 2011 Last modified 21 Mar 2023
Photo: © EEA/John McConnico
‘…tá an meáchan a bhaineann le hardmhianta agus le stíleanna maireachtála comhpháirteacha na 500 milliún Eorpach rómhór. Beag beann ar mhianta dlisteanacha na mbilliún duine eile ar fud an domhain na stíleanna maireachtála seo a chomhroinnt.... Beidh orainn iompar na dtomhaltóirí Eorpacha a athrú. Feasacht daoine a fheabhsú agus dul i gcion ar a nósanna.’ Janez Potočnik, Coimisinéir Comhshaoil an Aontais Eorpaigh (Márta 2010)

Cúig bliana ó shin, ba dhufair é Bisie. Tá sé suite i gcríoch Wailikale an Chongó thoir agus is bailecheantar cúngaithe é anois mar gheall ar fhionnachtain na casatairíte, díorthach stáin atá ina chomhpháirt ríthábhachtach i gciorcadra de chuid go leor giuirléidí nuaaimseartha. Tá sí i d’fhón póca, do ríomhaire glúine, do cheamaraí digiteacha agus do ghléasanna cluichíochta.

Tá an-tóir ar chasatairít agus tá sé an‑luachmhar. Go deimhin, tá borradh ar phraghsanna do mhian stáin de thoradh an éilimh atá ann ar leictreonaic tomhaltais. Tá méadú tagtha ar phraghsanna ar Mhalartán Miotail Londain ó thimpeall $5,000 in aghaidh an tona sa bhliain 2003 go níos mó ná $26,000 in aghaidh an tona i ndeireadh 2010, dar leis an Financial Times.

Sa lá atá inniu ann, tá éileamh mór ar réimse acmhainní nádúrtha i bhforaoisí agus i ndufairí an Chongó. In aineoinn sin, tá an Congó fós fíorbhocht. Le 15 bliain anuas fuair níos mó ná 5 mhilliún duine bás sa Chongó Thoir le linn cogaidh idir roinnt grúpaí armtha. Agus meastar gur éigníodh nach lú ná 300,000 bean.

Tharla sé seo sa Chongó cheana, a choilínigh Rí Leopold II na Beilge beagán os cionn 100 bliain ó shin. D’éirigh sé chun a bheith mar dhuine de na daoine is saibhre ar domhan trí rubar ón gCongó a dhíol. Ré na tionsclaíochta a bhí ann agus bhraith an tionscal borrtha na ngluaisteán ar rubar.

Tá an t-éileamh atá againn le fada ar acmhainní nádúrtha chun bia, éadaí, tithe, iompair agus siamsaíocht a chur ar fáil dúinn féin ag dul i méad fad atá stoic acmhainní áirithe ag sroicheadh leibhéal criticiúil íseal.

Bíonn córais nádúrtha faoi réir éileamh nua freisin, cosúil le héilimh ar cheimiceáin bunaithe ar phlandaí nó ar bhithmhais le cur in ionad na mbreoslaí iontaise. Le chéile, tugann na héilimh mhéadaitheacha seo atá ag dul i méad ar bhonn acmhainní atá ag laghdú le fios go bhfuil rioscaí tromchúiseacha ann maidir le forbairt na hEorpa.

‘Mar shaoránaigh an domhain, táimid uile ceangailte don fhoréigean atá ag tarlú sa Chongó. Ceanglaítear gach duine le heastóscadh na mianraí coinbhleachta a chothaíonn an coinbhleacht seo.’

Margot Wallström, Ionadaí Speisialta de chuid Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Foréigean Gnéasach le linn Coinbhleachta.

Forbairt do chách

‘Ba chloch mhíle í Forógra na Mílaoise in 2000 maidir le comhoibriú idirnáisiúnta, a spreag iarrachtaí forbartha atá tar éis feabhas a chur ar shaol na mílte daoine ar fud an domhain. Cuireann ocht Sprioc Forbartha na Mílaoise (SFManna) struchtúr ar fáil don chomhphobal idirnáisiúnta uile oibriú le chéile chun toradh coitianta a bhaint amach.

Is féidir na spriocanna a bhaint amach ach ní féidir glacadh le cé chomh mall is atá na feabhsuithe ar shaol na ndaoine bochta, agus tá roinnt buntáistí a gnóthaíodh go dian á n-ídiú ag an aeráid, bia agus géarchéimeanna eacnamaíocha.

Tá na hacmhainní agus an t-eolas ag an domhan chun a chinntiú gur féidir leis na tíortha is boichte fiú agus tíortha eile atá taobh thiar de bharr galair, leithlisithe geografaigh nó achrainn shibhialta a bheith cumhachtaithe chun na SFManna a bhaint amach. Is de thairbhe gach duine na spriocanna a ghnóthú. Dhéanfaí contúirtí an domhain a mhéadú dá dteipfí é seo a dhéanamh – idir éagobhsaíocht go galair eipidéimeacha go díghrádú comhshaoil. Ach cuirfidh gnóthú na spriocanna chun tosaigh sinn i dtreo domhain atá níos cobhsaí, níos cothroime agus níos sláine.

Tá na billiúin daoine ag féachaint i dtreo an chomhphobail idirnáisiúnta chun an fhís tábhachtach atá i bhForógra na Mílaoise a bhaint amach. Go gcoinnímis an gealltanas sin.‘

Ban Ki-moon, Ard-Rúnaí, na Náisiúin Aontaithe i ‘Tuarascáil um Spriocanna Forbartha na Mílaoise 2010’ (NA, 2010)

An Eoraip agus cothromaíocht nua na cumhachta

De réir mar a théann an 21ú haois ar aghaidh feicimid go bhfuil níos mó agus níos mó de phríomh-dhinimic domhanda lasmuigh de thionchar agus smacht na hEorpa. Tá impleachtaí aige seo i dtéarmaí rochtain ar acmhainní.

Ar bhonn domhanda, tá neamhchinnteacht suntasach le feiceáil maidir le soláthar agus rochtain ar réimse acmhainní nádúrtha ríthábhachtacha: bia, uisce agus breoslaí. D’fhéadfadh riachtanais na Síne, na hIndia, na Brasaíle agus tíortha eile a bheith ar aon dul le riachtanas na hEorpa d’acmhainní sna blianta atá le teacht, ag cur a thuilleadh brú ar an gcomhshaol.

Cinnte go bhfuil roinnt náisiúin atá i mbéal forbartha ag dul go mear i dtreo leibhéal gníomhaíochta eacnamaíoch atá ar chóimhéid le gníomhaíocht eacnamaíoch na hEorpa: tá sé de chumas ag a gcuid daonraí, leibhéal tomhaltais agus táirgiúlachta ár gcinn féin a shárú. Tiocfaidh úsáid níos mó á bhaint as stoic domhanda amhábhar as a gcuid iarrachta dlisteanach forbairt go heacnamaíoch agus go sóisialta. Tá an tSín go háirithe ag taispeáint go bhfuil sí inniúil maidir le rochtain ar amhábhair a dhaingniú ó réimse tíortha agus réigiúin.

Tá an daonra daonna ag fás, tá teicneolaíochtaí ag dul chun cinn agus tá cumhacht na ngníomhaithe neamhrialtasacha príobháideacha cosúil le hilnáisiúntaigh ag leathnú. I gcomhthéacs meicníochtaí rialachais idirnáisiúnta laga, bagraíonn na fórsaí seo ‘cead domhanda do chách’ maidir le hacmhainní nádúrtha a dhaingniú agus a fháil.

Domhandú: creat d’fhorbairt daonna

Ag an am céanna, trí nádúr an domhandaithe féin cuirtear deiseanna agus struchtúir ar fáil freisin do thoradh difriúil. Tá an cumas ann le haghaidh rialachais dhomhanda éifeachtaigh, chothroim ar ábhair atá ríthábhachtach dúinn go léir.

Is sampla amháin iad ‘Spriocanna Forbartha na Mílaoise’ de chuid na Náisiún Aontaithe de phróiseas beartais dhomhanda atá dírithe ar fhorbairt daonna inbhuanaithe agus chothromasach.

Ar an gcuma céanna, tá cainteanna idirnáisiúnta aeráide tar éis dul chun cinn a dhéanamh le bliain anuas. Aithnítear i gComhaontú Cancún, a síníodh i Nollaig 2010 i gcáipéis de chuid na Náisiún Aontaithe go gcaithfear téamh domhanda a choimeád faoi 2 C i gcomparáid leis an teocht réamhthionsclaíoch.

Deimhníonn an comhaontú go mbainfidh na tíortha forbartha – ar chuir a gcuid gníomhaíochtaí agus lorg tionsclaíoch tús le hathrú aeráide de dhéantús an duine – úsáid as $100 billiún i maoiniú aeráide le haghaidh tíortha atá i mbéal forbartha ar bhonn bliantúil faoi 2020. Bunaítear ann chomh maith Ciste um Aeráid Ghlas trína dhíreofar mórán den mhaoiniú.

Cumasaíonn nuálaíochtaí cosúil leis an meicníocht ar a dtugtar ‘REDD+’ (Astuithe ó Dhífhoraoisiú agus Díghrádú Foraoise a Laghdú) gníomh chun astuithe ó dhífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a laghdú i dtíortha atá i mbéal forbartha. Ní fhéadfaí aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh gan struchtúir rialachais dhomhanda agus spiorad comhoibrithe.

Mar an gcéanna tá an tAontas Eorpach ag iarraidh freagraí comhoibríocha ar dhúshláin agus spriocanna coiteanna a chur chun cinn. Leagtar amach i bhFís 2020 an AE straitéis fáis atá bunaithe ar gheilleagar cliste, inbhuanaithe cuimsitheach.

Ról méadaitheach d’oibreoirí neamh-stáit

Is léir go bhfuil ról tábhachtach ag próisis pholaitiúla dhomhanda maidir le cinntiú nach scriosann fás eacnamaíoch na fochórais nádúrtha. Is tréith sainithe eile de dhomhandú í tábhacht mhéadaitheach na ngníomhaithe neamhrialtais, lena n-áirítear gnóthaí ilnáisiúnta.

Tá príomhról chomh maith ag gníomhaithe neamhrialtais cosúil le cuideachtaí fóin phóca agus TF, i dtaobh forbartha inbhuanaithe a sholáthar. Beidh tionchar dearfach ag an gcéad chuideachta a dheimhneoidh a dtáirgí le bheith saor ó mhianraí ‘coinbhleachta’ ar mhórán saoil agus beidh cumas margaíochta ollmhór aige.

Ní mór dúinn féachaint ar shamplaí taighde agus forbartha nuálaíochta na bpríomhchuideachtaí agus iad a chur i bhfeidhm i ndáil leis na dúshláin atá ós ár gcomhair. Díreach mar an gcéanna le conas a thugann Fondúireacht Bill agus Melinda Gates faoi thaighde criticiúil agus a mhaoiníonn tionscadail ar fud na cruinne, ní mór dúinn réimse iomlán an chumais chun fadhbanna a réiteach atá ar fáil dúinn a úsáid chun forbairt inbhuanaithe, leantach a bhaint amach.

Mar shaoránaigh – go haonarach agus trí eagraíochtaí neamhrialtasacha – táimid ag slógadh freisin. Tugann roinnt daoine aghaidh ar na sráideanna chun agóid a dhéanamh. Tá roinnt againn ag caitheamh ár gcuid ama agus fuinnimh i mbia nó i ngníomhaíochas comhphobail a athfhionnadh. Tá mórán daoine ag coigeartú a gcuid roghanna tomhaltais chun tionchair chomhshaoil a íoslaghdú agus aischuir chothroma a chinntiú do tháirgeoirí i dtíortha atá i mbéal forbartha. Is é an pointe ná: go bhfuil tionchar ag domhandú orainn go léir agus táimid ar tí a thuiscint nach bhfuilimid gan cumhacht: is féidir linn rudaí a mhúnlú.

Forbair, cruthaigh, oibrigh agus múin

Ní mór dúinn leanúint orainn a bheith ag forbairt, ag cruthú, ag obair agus ag foghlaim dúinn féin. Ach caithfimid a bheith níos cliste. Mar shampla, is í príomhaidhm chriticiúil Spriocanna Forbartha na Mílaoise ná an comhshaol nádúrtha, ar a mbraitheann na daoine fíorbhochta chun maireachtáil go laethúil, a dhaingniú.

Ciallaíonn sé seo go gcaithfear acmhainní nádúrtha a riaradh ar bhealach a chuireann ar chumas comhphobail áitiúla maireachtáil, leas a bhaint astu agus ansin dul chun cinn a dhéanamh. Is é seo ceann de na príomhdúshláin atá ós ár gcomhair ar bhonn domhanda de réir mar a léirítear sa chéad chaibidil eile faoi acmhainní agus faoi mhuintir na foraoise in India.

Is dúshlán é ina bhfuil ról mór againn mar Eorpaigh. Tá bainistiú na n-acmhainní domhanda go hinbhuanaithe ríthábhachtach chun rathúnas eacnamaíoch cothromasach, comhtháthú sóisialta níos mó agus comhshaol níos sláintiúla a dhaingniú.

  • Léigh ‘Bealaí chun Geilleagair Ghlais’ [Pathways to a Green Economy], tuarascáil úrnua de chuid na Náisiún Aontaithe anseo:
    www.unep.org/greeneconomy

Hands Nuálaíocht: mianraí

Méarlorgaireacht

Ag an Institiúid Chónaidhme Acmhainní Nádúrtha agus Eolaíochta Geolaíochta i Hanover, An Ghearmáin, tá an Dr Frank Melcher ina cheannaire ar fhoireann atá ag déanamh forbartha ar shlí nua chun na mianraí a úsáidtear i leictreonaic a dheimhniú – sa tslí céanna a ndéantar diamaint a dheimhniú. Tá ‘méarlorg’ sainiúil ag gach ceann de na mianraí atá i gceist atá ceangailte dá láthair bhunaidh.

‘Chun méarlorgaireacht a dhéanamh ar mhianraí cosúil le coltan agus casatairít déanaimid poll beag a druileáil tríd an sampla sin,’ a mhíníonn an Dr Melcher.

‘Ansin déanaimid an sampla a scanadh ar feadh dhá nó trí uair. Ansin déanaimid anailísiú ar an toirt dá chomhdhéanamh. Is é seo an méarlorg. Agus tá sé seo thar a bheith tipiciúil do Bisie.

‘Ó gach grán a ndéantar anailís air anseo, faighimid amach an aois déanmhaíochta – an aois geolaíochta – agus is féidir linn a rá: caithfidh gur ó Phoblacht Daonlathach an Chongó an t-ábhar seo, nó ón Mósaimbíc, toisc go bhfuil a fhios go cruinn againn cé chomh sean agus gur ceart do na gráinní seo a bheith.

‘Mar sin is féidir na hamhábhair a rianú go teicniúil ach ní mór iad a rianú sula ndéantar iad a bhruithniú i miotail,’ a deir sé.

Déantar obair an Dochtúra Melcher mar chuid de chomhaontuithe comhair idir rialtais na Gearmáine agus an Chongó don tionscadal ‘Treisiú na trédhearcachta agus rialú na hearnála acmhainní nádúrtha i bPDC’. Tosaíodh an obair seo in 2009, agus tugann sí tacaíocht d’Aireacht Mianach PDC chun córas um dheimhniú mianraí a chur i bhfeidhm le haghaidh stáin, tungstain, tantailíte, agus óir.

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions